Conall Cearnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is laoch na nUladh é Conall Cernach sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na hÉireann. Tá sé ráite go raibh sé de nós aige codladh le ceann Chonnachtaigh faoina ghlúin i gcónaí. Ciallaíonn ‘cearnach’ buaiteach nó caithréimeach, ach focal doiléir atá ann agus déanann roinnt téacsanna streachailt lena mhíniú. Faightear i measc na mbríonna malairte: “cearnach (le gnáthchiall an lae inniu, .i. “cearnógach”),” “borrach”, agus “an té ag a bhfuil mias nó cearn (“árthach i riocht druma”)”.[1]

Beathaisnéis Fhinscéalach[athraigh | edit source]

A bhreith[athraigh | edit source]

Ba é Amairgin mac Echit a athair agus Findchóem a mháthair. Ní raibh leanbh ar bith ag a thuismitheoirí go dtí gor thug Findchóem cuairt ar dhraoi a chomhairligh di deoch a ól ó thobar áirithe. D’ól sí as an tobar seo, ag slogadh cruimhe maille leis an uisce agus toirchíodh í dá bharr. Chosain Cet mac Mágach, deartháir Fhindchoím, a dheirfiúr go dtí gur saolaíodh mac di, Conall. Tháinig na draoithe leis an leanbh a ionadú ina gcreideamh agus thairngríodar go maródh sé breis agus leath d’fhir Chonnacht agus go mbeadh ceann Chonnachtaigh ar a chrios i gcrónaí. Thug Cet an páiste agus chuir sé faoina sháil é, ag déanamh iarrachta chun a mhuineál a bhriseadh, ach níor éirigh leis. Ní dhearna sé ach dochar don bhráid agus bhí muineál cam air i gcónaí ina dhiaidh sin.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Dictionary of the Irish Language, Compact Edition, Acadamh Ríoga na hÉireann, 1990, lch. 109