Deirdre
Duine de na pearsanra sa Rúraíocht is ea Deirdre (nó 'Derdriu' sa tSean-Ghaeilge). Sular saolaíodh í thairngir an Draoi Cathbhadh go mbeadh an bhean álainn seo ina cúis achrainn agus fuildhoirte. Ina ainneoin sin, is ise a roghnaíonn Conchobhar Rí mar bhean céile. Ar fheiceáil di fiach dubh ag ól fola ainmhí a maraíodh, deir Deirdre go bpósfaidh sí fear a bhfuil dath bán ar a chorp, dath dearg ar a leicne agus dath dubh ar a chuid gruaige.
Nuair a deir Leabharcham, a buime, go bhfuil na tréithe sin ag fear óg dathúil darb ainm Naoise, titeann Deirdre i ngrá leis. D’ainneoin thairngreacht Chathbhaidh agus an cleamhnais atá déanta le Conchobhar, teitheann Deirdre agus Naoise go hAlban. Cuireann na hUlaidh ina luí ar Chonchobhar cead a thabhairt don dís filleadh ar Éireann, dá bhrí sin, cuireann sé Fearghus Mac Róigh go hAlban chun é seo a chur in iúl dóibh. Ach ar fhilleadh dóibh ar Eamhain Mhacha, ceanncheathrú thuatha Ulaidh, feallmharaítear Naoise agus a dheartháireacha agus gabhann Conchobhar seilbh ar Dheirdre. Seachas géilleadh do Chonchobhar, áfach, léimeann Deirdre de charbad agus é ag gluaiseacht, agus déantar smidiríní dá cloigeann.
Tagairtí [athraigh]
- Arna bhunú ar 'Deirdre', Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan (2003).