Conganchnes mac Dedad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarConganchnes mac Dedad
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDeda mac Sin Cuir in eagar ar Wikidata

Ba laoch é C... Mac Deadha (Sean-Ghaeilge Conganchnes mac Dedad) (adharc-chraiceann) luaite i seanscéal bhás Chealtchair; níor mharaigh seisean Cealtchar ámh, ach maraíodh é féin. Ba mhac Dedu mac Sin é.

Chuaigh sé go hUlaidh chun díoltas a bhaint as bás a nia, Cú Roí mac Dáire mac Dedad. D'fhág sé léirscrios ina dhiaidh, agus é dochloíte de bharr a chraicinn ghairbh, "mar adharc", ag cur sleánna agus claimhte dá threo.

D'iarr Conchúr ar Chealtchar an ruaig a chur ar Chonganchnes mórchumhachtach, agus ghlac Celtchar leis. Sheol sé a iníon féin, Níab, chuige, chun a mhuinín a bhaint, agus thairg sé dó "fleadh do chéad gach tráthnóna."

D'fhiafraigh Níab dá fear céile nua conas ab fhéidir é a mharú. D'fhreagair Conganchnes gur gá bioranna dearg-theo a bhuail isteach ina shála agus a sháigh staff ina lorgaí. D'inis Níab an fhaisnéis dá hathair, agus dúirt leis draíocht chodlata agus arm mór araon a ullmhú.

Leanadh go cruinn na treoracha, tháinig na fir aniar aduaidh ar Chonganchnes agus é faoi thionchar na draíochta codlata. Buaileadh na bioranna isteach ina sála, díreach go smior a lorgaí, agus fuair Conganchnes bás. Bhain Cealtchar a cheann de. Thar a cheann d'éirigh carn, cách a shiúl thart ag leagadh cloiche.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]