Inis Iocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá satailíte d'Inis Iocht

Is oileán agus contae de chuid na Ríochta Aontaithe í Inis Iocht[1] (Isle of Wight as Béarla). Tá sí suite trí mhíle amach ó chósta theas Chontae Hampshire i Sasana, agus í scartha ón mórthír ag caolas mara a dtugtar Solent air. Tá an-ráchairt ar an oileán seo ón ré Victeoiriach i leith, mar ionad saoire. Tá cáil uirthi as áilleacht a tírdhreacha chomh maith.

Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Inis Iocht. Ríocht neamhspleách a bhí ann ar feadh tamaillín sa chúigiú haois déag. Bhí cónaí ar an bhfile Alfred Lord Tennyson ansin, agus chaith an Bhainríon Victeoiria féin deireadh a saoil in Osborne House, an teach saoire a bhí aici in Inis Iocht. Áit mhór tógála bád a bhí in Inis Iocht riamh, ach, de bharr na forbartha teicneolaíochta, tógadh eitleáin uisce san oileán freisin, chomh maith leis an gcéad sciorrárthach (árthach foluaineach) i stair an chine dhaonna.

Ba chuid de Chontae Hampshire í go dtí an bhliain 1890, agus tá canúint an oileáin an-chosúil le canúint tuaithe Hampshire, cé go bhfuil cuid mhaith focal dá gcuid féin ag muintir Inis Iocht. Bhí 132,731 duine ina gcónaí san oileán sa bhliain 2001, agus aon duine amháin ag déanamh feisireachta dóibh i bparlaimint Westminster - rud a chiallaíonn gur í Inis Iocht í an toghcheantar is mó sa tír.

San úrscéal ficsin eolaíochta The Day of the Triffids le John Wyndham, shocraigh iarmharáin na holltubaiste domhanda in Inis Iocht sa deireadh, le coilíneacht dá gcuid féin a bhunú ansin.

Bailte[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]