Faiche Stiabhna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Faiche Stiabhna

Páirc mhór phoiblí i lár Bhaile Átha Cliath is ea í Faiche Stiabhna, agus í timpeallaithe ag ceithre shráid atá ainmnithe aisti - Faiche Stiabhna Thuaidh, Faiche Stiabhna Theas, Faiche Stiabhna Thoir agus Faiche Stiabhna Thiar. Bhí an-trácht ar na sráideanna seo go dtí le déanaí, ach sa bhliain 2004, tháinig athruithe móra ar phleanáil tráchta na cathrach, rud a mhaolaigh go mór ar an trácht timpeall na Faiche.

Stair[athraigh | edit source]

Léarscáil: (A) Áirse (B) Ó Donnabháin Rossa (C) Droichead Uí Chonaill (D) WolfeTone + Dealbh cuimhneacháin don Gorta Mór (E) Ardilaun (F) Markievicz (G) Áit súgartha (H) Ardán (I) Bandéithe na Cinniúna

Ní raibh san Fhaiche, go dtí an bhliain 1663, ach coimín bogach ar imeall na cathrach a mbíodh na ba ag iníor air. Sa bhliain sin, áfach, chinn Bardas Átha Cliath ballaí a thógáil timpeall ar lár na faiche agus na tailte imeallacha a dhíol le haghaidh tógála agus tithíochta. Na chéad tithe a tógadh, tháinig foirgnimh mhóra Sheoirsiacha ina n-áit go sciobtha, agus faoi dheireadh na hochtú haoise déag, bhí an Fhaiche ina háit scíthe ag lucht na toice. Na tithe atá timpeall na faiche inniu, áfach, is foirgnimh nua-aimseartha an chuid is mó acu, agus ní mhaireann ach corrtheach ón ochtú agus ón naoú haois déag. Scéal eile go bhfuil cuma bhréag-Sheoirsiach ar a lán de na tithe nua-aimseartha.

Sa bhliain 1814, fuair na húinéirí áitiúla seilbh ar an bpáirc. Chuir siad raillí in áit na mballaí, agus d'athraigh siad dearadh na páirce. Ní raibh cead isteach sa pháirc ach ag muintir an cheantair ina timpeall, ach sa bhliain 1877, reachtaigh an Pharlaimint i Londain go gcaithfí an Fhaiche a oscailt don tsaol mhór. Ba é Sior Arthur Guinness, fear de mhuintir na grúdlainne, a chuir tús leis an reacht seo, agus ina dhiaidh sin, thug sé síntiús airgid leis an bpáirc a fhorbairt is a fheabhsú. Ansin, bhronn sé an pháirc ar ais ar an mBardas. Le buíochas mhuintir na cathrach a chur in iúl, d'ordaigh an Bardas dealbh d'Arthur Guinness agus í ina seasamh os comhair Choláiste Ríoga na Máinlianna.

Le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, shealbhaigh Arm Cathartha na hÉireann an fhaiche faoi cheannas Mhíchíl Uí Mhulláin agus na Cúntaoise Markievicz. Choigistigh siad mótarfheithiclí agus thosaigh siad ag tochailt trinsí le bheith in ann an bhunáit seo a chosaint nuair a thiocfadh na saighdiúirí. Beart a bhí ann a bhí bun os cionn le modh oibre na nÓglach sa chuid eile den chathair le linn an Éirí Amach, agus iad ag sealbhú foirgnimh. Mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, níor den chríonnacht é an pháirc a shealbhú, nó nuair a chuaigh na saighdiúirí Sasanacha i seilbh Óstán Shelbourne, bhí radharc anuas acu ar na trinsí. Fuair na hÓglaigh iad féin faoi thine ó fhuinneoga thuas an óstáin, agus b'éigean dóibh an fhaiche a thréigean agus dul ar foscadh i gColáiste na Máinlianna.