Páirc an Fhionnuisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fianna in aice le Cros an Phápa, i bPáirc an Fhionnuisce

Is páirc phoiblí mhór in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn í Páirc an Fhionnuisce.

Ceann de na páirceanna poiblí cathrach is mó san Eoraip is ea í. Tá Áras an Uachtaráin (áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann), Deerfield (áit chónaithe oifigiúil Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá), Zú Bhaile Átha Cliath, agus Ceanncheathrú an Gharda Síochána go léir laistigh den pháirc.

Tá achar 712 heicteár sa pháirc, le go leor gort, coillte agus lochán inti. Tá balla seachtrach atá 11 ciliméadar ar fhad ina thimpeall.

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí