An Gairdín Cuimhneacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Gairdín Cuimhneacháin
Íomhá
Sonraí
CineálCuimhneachán
Foirgníocht1966 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°21′14″N 6°15′51″W / 53.35375°N 6.26403°W / 53.35375; -6.26403

Is gairdín cuimhneacháin suite i mBaile Átha Cliath é an Gairdín Cuimhneacháin, i gcuimhne orthu uile siúd a fuair bás ag iarraidh saoirse na hÉireann a bhaint amach.

Uachtarán an lae Éamon de Valera a d'oscail an Gairdín mar chuid de chomóradh leath-chéad Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1966. Seasann an Gairdín ar an áit ina mbunaíodh Óglaigh na hÉireann thiar sa bhliain 1913. Ar an láthair chéanna a chaith roinnt de cheannairí an Éirí Amach an oíche deireanach, sular seoladh go Príosún Chill Mhaighneann iad.

Imeachtaí réabhlóideacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Gairdín Cuimhneacháin

Déantar comóradh in ómós dóibh a chailleadh mar chuid de:

An Aisling[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1976, chum an Bleácliathach Liam Mac Uistín píosa filiochta dar teideal an Aisling atá scríofa ar bhallaí an ghairdín.

"An Aisling"

I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn.

Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é.

I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn.

Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air.

I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn.

Mheileamar sneachta na táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as.

Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling.

Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í.

A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]