Bulmer Hobson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba náisiúnaí, sóisialaí agus iriseoir Éireannach é Bulmer Hobson (1882 - 1969), a rugadh i mBéal Feirste. Ball den IRB agus Óglaigh na hÉireann ab ea é, ach ní raibh sé páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, mar níor aontaigh sé leis an scéim agus rinne sé iarracht an eachtra ar fad a chealaigh in éineacht le Eoin Mac Néill. D'ainneoin an rud sin, bhí sé an-ghníomhach sa ghluaiseacht roimhe sin, ag obair go dian le Tomás Ó Cléirigh agus Séamas Ó Conghaile go háirithe.

Cé gur ceannaire tábhachtach é Hobson roimh an Éirí Amach, ní raibh an tionchar agus stádas céanna aige níos déanaí. D'fhan sé amach as an polaitíocht don chuid is mó as seo amach, gan páirt a ghlacadh sa Chogadh Angla-Éireannach.