Seosamh Laoide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Laoide
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1865
Raghnallach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Meán Fómhair 1939
74 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Seosamh Laoide (Béarla: Joseph H. Lloyd, 1865–1939), ar a dtugtaí freisin “Mac Tíre na Páirce”.[1] Sa lá atá inniu ann, is fearr aithne air as a chuid oibre ar logainmneacha Gaeilge, go háirithe logainmneacha i mBaile Átha Cliath. Glacadh le go leor dá chuid moltaí do shráidainmneacha Gaeilge Bhaile Átha Cliath nuair a bunaíodh an stát Éireannach i mí na Nollag 1922.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Laoide ag 7 Annaville Lower i Raghnallach, Baile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine 1865.[2] Ba é an mac ba shine le lánúin Phrotastúnach Éireannach, Joseph Henry Lloyd (PhD) agus Anne Phair.[2][1] Teangeolaí ab ea a athair, ball de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, agus cara de chuid an scoláire Gaeilge P. W. Joyce.[1]

Bronnadh sadhsóireacht ar Laoide chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 1890, áit a ndearna sé staidéar faoin Ollamh James Goodman (1828–1896) a bhronn duais air gach bliain go dtí 1894 nuair a d’fhág sé gan a chéim a bhaint amach.

I bhfómhar na bliana 1893, tá Laoide luaite mar chomhchisteoir ar Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh ar an 31 Iúil sa bhliain sin. Timpeall an ama chéanna, thug sé cuairt ar Pheadar Ó Laoghaire chun é a spreagadh chun dul i mbun pinn. Sna blianta sin, d’fhoghlaim Laoide mórán faoi chanúintí na Gaeilge agus bhí sé gníomhach san ollghluaiseacht a bhí i gConradh na Gaeilge ag an am, go háirithe ag foilsiú leabhar agus altanna i nGaeilge. Nuair a bhunaigh Kuno Meyer Scoil Ard-Léinn na hÉireann sa bhliain 1903, bhí Laoide ar dhuine de na chéad scoláirí agus d'fhoilsigh sé go leor leabhar Gaeilge ar bhéaloideas, canúintí, logainmneacha agus mar sin de.[1]

Tamall i ndiaidh 1915 d’fhág Laoide Éire agus ghlac sé post mar státseirbhíseach i Londain. Le linn dó a bheith thall, bhí sé buailte le fadhbanna meabhairshláinte agus cuireadh san ospidéal é ar feadh tamaill. Phós sé bean shaibhir Éireannach darbh ainm Elizabeth Sharp;[1] d’fhill siad ar Éirinn in 1920, áit ar chuir siad fúthu i Stigh Lorgan, Contae Bhaile Átha Cliath. In 1933, bhog siad go Dún Laoghaire. Fuair Laoide bás ar an 21 Meán Fómhair 1939 agus, tar éis searmanas beag príobháideach, cuireadh i nGráinseach an Déin, Contae Bhaile Átha Cliath é.[1]

Rogha Foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar údar:

  • Sgéalaidhe Fearnmhuighe (1901), Leabhar geograiphe, [gd],
  • Seachrán Chairn tSiadhail, 1904,
  • Sgéalaidhe Óirghiall .i. Sgéalaidhe Fearnmhuighe agus tuilleadh leis, 1905
  • Sgéal Chúchulainn ag Cuan Carm (1906)
  • Measgán Musgraighe (1907)
  • Cruach Chonaill (1909)
  • Trí Torpáin (1911)
  • Duanaire na Midhe (1914)
  • Fian-Laoithe (1916)
  • Tonn Tóime (1915)
  • Réalta de spéir (1915)
  • Alasdair Mac Colla (1914)
  • Brisleach mhór Mhaighe Muirtheimhne (1915)

Mar eagarthóir:

  • Post-seanchas, 1905 agus 1911
  • Dearg-ruathar Chonaill Chearnaigh, 1907
  • Teacht agus imtheacht an ghiolla dheacair agus toruigheacht Chonáin agus a chuideachtan (i gcomhar le Seán Ó hÓgáin), 1905
  • Eachtra mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha le Brian Ó Corcráin (i gcomhar le Iorard de Teiltiún), 1912.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Laoide, Seosamh (1865–1939), Ainm.ie
  2. 2.0 2.1 Ciarán Bairéad, 'Seósamh Laoide', Béaloideas, Vol. 15, No. 1/2 (Jun. - Dec., 1945), p. 127.