James Goodman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Goodman
Beathaisnéis
Breith22 Meán Fómhair 1828
Bás18 Eanáir 1896
67 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisFliúit
Longroom leabharlann TCD

Bailitheoir ceoil, file, scríobhaí agus ollamh ba ea an Canónach James Goodman.[1] Is le linn dó a bheith i mBéarra sa 19ú haois a bhailigh Goodman breis is 2000 píosa ceoil agus suas le dhá chéad amhrán. Píobaire ab ea James Goodman agus amhránaí de scoth chomh maith.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág James Goodman ceithre lámhscríbhinní ceol ina dhiaidh ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Chuir an Dr Hugh Shields, nach maireann, cuid mhaith den cheol seo in eagar i 1998 i leabhar dar teideal 'Tunes of the Munster Pipers Vol.1.'

Sa bhliain 2006, thángthas ar lámhscríbhinn eile de chuid Goodman a bhí ar iarraidh le breis is 110 bliain, ina bhfuil níos mó ná ceithre scór de théacsanna amhrán a bhailigh James Goodman idir 1857 agus 1870. Bronnadh í ar Choláiste na Tríonóide, leis. Tá lámhscríbhinní eile dá chuid in Acadamh Ríoga na hÉireann, i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige (Aberystwyth), i Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí agus i seilbh phríobháideach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh James Goodman i mBaile Áimín i bparóiste Ceann Trá sa bhliain 1828. Bhí muintir Goodman lonnaithe sa cheantar ó dheireadh na 17ú haoise déag. Reachtaire an Daingin ab ea a athair an t-Urramach Thomas Goodman agus bhí naonúr clainne air féin agus a bhean Mary Gorham, ó Oileán Chiarraí ó dhúchas. Chuir James Goodman suim i gceol traidisiúnta agus in amhránaíocht, i litríocht agus i saothrú na lámhscríbhinní óna óige. Bhí Gaeilge aige ón gcliabhán.

Eaglais, An Sciobairín

D'fhreastail James Goodman ar Choláiste na Tríonóide mar ar ghnóthaigh sé scoláireacht sa Ghaeilge chomh maith le duaiseanna eile agus oirníodh é ina mhinistir in Eaglais na hÉireann sa bhliain 1853. Is i gCraobhach, idir an Sciobairín agus Dún na Séad a d'oibrigh sé ar dtúis mar mhinistir cúnta. Phós sé Charlotte King ó Cheann Trá agus bhí triúr mac acu.

Sa bhliain 1858 cuireadh go Dhá Dhrom i mBéarra é mar ar fhan sé go dtí 1867. Is le linn dó a bheith i mBéarra a bhailigh Goodman breis is 2000 píosa ceoil agus suas le dhá chéad amhrán. Píobaire ab ea James Goodman agus amhránaí chomh maith agus creidtear gurbh é Tomás Ó Cinnéide, píobaire eile ó Chorca Dhuibhne a thug cuid mhaith de na foinn dó.

Coláiste na Tríonóide

D'fhill James Goodman ar an Sciobairín, ar pharóiste Mhainistir an tSruthaire sa bhliain 1867 agus ceapadh ina reachtaire ar an bparóiste sin é. Ina dhiaidh sin deineadh canónach de agus ceapadh é mar ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide mar ar mhúin sé Dubhghlas de hÍde agus John Millington Synge. Chaitheadh sé leath na bliana ag múineadh agus an leath eile ag feidhmiú ina pharóiste.

Cailleadh an Canónach James Goodman sa bhliain 1896.

Nochtadh dealbh de James Goodman lasmuigh dá eaglais sa Sciobairín i 2006 agus bíonn ceolchoirm i gcuimhne dó gach aon bhliain.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hugh Shields, ed., Tunes of the Munster Pipers: Irish traditional music from the James Goodman manuscripts, volume 1 Curtha i gcartlann 2016-02-21 ar an Wayback Machine, Dublin: Irish Traditional Music Archive, 1998. ISBN 0-9532704-0-8 (hardback), 0-9532704-1-6 (paperback).
  • Hugh & Lisa Shields, eds., Tunes of the Munster pipers: Irish traditional music from the James Goodman manuscripts, volume 2 Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine, Dublin: Irish Traditional Music Archive, 2013. ISBN 978-0-9532704-5-3 (hardback), 978-0-9532704-6-0 (paperback).
  • Annotated online index Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine of all the tunes in the four volumes of James Goodman’s manuscript music collection
  • RTÉ Radio, Dublin Christmas 2002 Tunes of the Munster Pipers (Rebroadcast on RTÉ Lyric FM on 2 December 2013).
  • Nicholas Carolan, ‘An tUrramach James Goodman (1826–96), fear eaglasta, ceoltóir, agus bailitheoir ceoil’, Foinn agus focail. Léachtaí Cholm Cille 40, Ruairí Ó hUiginn, éag.: An Sagart, 2010: 7–19
  • Padraig O Fiannachta (1990), Seamus Goodman, West Kerry Development Co-op.
  • Abbeystrewry, A Parish Memoir, 1991, On Stream Publications.
  • An Seabhac 'An tOllamh Séamus Goodman agus a Mhuintir,' Béaloideas 13 agus 23.
  • Breandán Breathnach 'Séamus Goodman 1828-1896 Bailitheoir Ceoil,' J.K.A.H.S., 1973 Uimhir 6.
  • Jim Byrne 'Canon Goodman,' Skibbereen and District Historical Society Journal, Vol.1, 2005.
  • Pádraig de Brún 'A Ventry Convert Group,' J.K.A.H.S. 1980, No.13.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]