Julius Pokorny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba scoláire é Julius Pokorny (12 Meitheamh 18878 Aibreán 1970) a raibh an-chur amach aige ar na teangacha Ceilteacha, agus ar an nGaeilge go háirithe. Thacaigh sé le náisiúnachas na hÉireann.

Rugadh i bPrág, san Ostair-Ungáir é agus d’fhreastail sé ar Ollscoil Vín, áit ar theagasc sé ón mbliain 1913 go dtí 1920. Bhí sé na ollamh le focleolaíocht Cheilteach ag Ollscoil Freidrich Wilhelm i mBeirlín ó 1920 go dtí 1935, sular fhionn na Naitsithe, d’ainneoin gur thacaigh sé leis an náisiúnachas Gearmánach a bhí ann, gur den chine Giúdach é.

Bhí comhfhreagras idir é féin agus Ruairí Mac Easmainn agus iad i mBeirlín agus san Ostair faoi seach i Mí an Mhárta sa bhliain 1916.[1]

Bhí sé ina eagarthóir ar an iris thábhachtach Zeitschrift für celtische Philologie roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus ba eisean a chuir os comhair an phobail in athuair í ina dhiaidh sin.

D'éalaigh sé go dtí an Eilvéis sa bhliain 1943,[2] áit ar theagasc sé ar feadh cúpla bliain ag Ollscoil Bherne agus ag Ollscoil Zürich go dtí gur éirigh sé as i 1959. Sa bhliain 1954, bronnadh ollúnacht oinigh air ag Ollscoil Ludwich-Maximillian, München, mar ar mhúin sé go páirtaimseartha i 1956 agus arís ó 1960 go dtí 1965. Ba é a scríobh Indogermanisches etymologisches Wörterbuch (Foclóir Sanasaíochta Ind-Eorpacha, 1956), saothar atá in úsáid go forleathan fós inniu. D’éag sé in Zürich sa bhliain 1930, beagnach trí seachtaine tar éis do thram é a leagan i ngar dá bhaile féin.

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Reinhard R. Doerries, Prelude to the Easter Rising: Sir Roger Casement in Imperial Germany, Frank Cass, London & Portland 2000, p. 189,
  2. Keogh p. 103

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Ó Dochartaigh, Pól (2004). "Julius Pokorny, 1887–1970: Germans, Celts and Nationalism". Dublin: Four Courts Press. 
  • Keogh, Dermot (1998). "Jews in Twentieth Century Ireland Refugees, Anti-Semitism and the Holocaust". Cork: Cork University Press. 

Naisc[athraigh | edit source]