Stair na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí le stair na hÉireann ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na hÉireann fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire. Glactar leis gur tháinig an chéad áitreabh daonna ar an bhfód in Éirinn chomh luath le hocht míle bliain roimh bhreith Chríost, ach b'iad scríbhneoirí clasaiceacha na sean-Ghréige ba túisce a rinne tagairt d'Éirinn ina gcuid scríbhinní.

Sí an Bhrú (t.3300-2900 RC)

Luathstair na hÉireann[athraigh | edit source]

Thrácht an staraí Rómhánach Avienus ina shaothar Ora maritima ar Éirinn mar insula sacra, is é sin, an t-oileán naofa. Bhí Avienus ag scríobh sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost, ach má bhí, chuaigh sé go mór i dtuilleamaí seanfhoinsí Gréigise agus é ag tagairt d'Éirinn. Dúirt sé freisin gurbh iad gens hiernorum a bhí ina gcónaí san oileán, agus is dócha go raibh baint éigin le hainm na treibhe sin le Hibernia nó le hÉirinn. Is deacair a rá, áfach, an ionann an treibh sin agus na Ceiltigh, nó níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi, an ainm Ceilteach é ÉireÉriu ar dtús. Na Gréagaigh a bhreac síos na foinsí a bhí in úsáid ag Avienus, bhí siad beo timpeall ar lár na mílaoise deireanaí roimh bhreith Chríost, faoin am a raibh na Ceiltigh díreach ag déanamh a ngabháltais ar Éirinn. Ní féidir a bheith cinnte, mar sin, an raibh an t-ainm sin ÉriuÉire ag tabhairt do dhream acu siúd a raibh cónaí orthu sa tír roimh theacht na gCeilteach, nó an dream Ceilteach ab ea iad siúd.

Ciorcal Liag na Gráinsí ón mbliain 2100 RCh, 15km ó dheas ó Chathair Luimnigh

Cuid mhór dá bhfuil ar eolas againn faoi na Ceiltigh, tá sé bunaithe ar shaothar Poseidonios, fealsamh agus staraí Gréagach a bhreac síos tráchtas faoin ábhar in am éigin roimh 70 RC. Níl fáil ar an mbunscríbhinn a thuilleadh, ach is iomaí scríbhneoir seanársa ina dhiaidh a tharraing ar a thráchtas mar fhoinse - Iúil Caesar féin, mar shampla. Ar ndóigh, is ar Cheiltigh na Mór-roinne Eorpaí a chuir Poseidonios síos, ach mar sin, faightear tagairtí aige d'fhorais agus do nósanna a dtráchtar orthu sa tseanlitríocht Éireannach agus sa mhiotaseolaíocht Ghaelach freisin: an ghéillsine, na dánta a scríobhann na filí in ómós dá rí, an churadhmhír a thugtar don chogaí is cróga ag na féastaí. Agus an méid sin ráite, is gá cuimhne a choinneáil air ná nach raibh sna Ceiltigh in Éirinn ar dtús ach uasalaicme os cionn chosmhuintir mór na nÉireannach réamh-Cheilteach. Is dócha gur meascadh cultúr an dá dhream trí chéile, agus go ndeachaigh teanga réamh-Cheilteach na cosmhuintire i bhfeidhm ar an nGaeilge nó ar an bpróta-Ghaeilge nuair a múnlaíodh an chéad uair mar theanga ar leith í. Fuair an Ghaeilge cuid mhór focal ar iasacht ó theangacha réamh-Cheilteacha na hÉireann, ainmneacha pearsanta agus áitiúla ar a laghad.

Ní dhearna na sean-Rómhánaigh gabháltas ar Éirinn riamh. Sin é an phríomhchúis go bhfuil an t-eolas faoin oileán seo chomh gann agus atá sé sna foinsí Rómhánacha. Mar sin féin, scríobh Tolamaes (nach ionann é agus an réalteolaí Tolamaes!), tíreolaí Gréagach ó Chathair Alastair san Éigipt, cuntas ar Éirinn réamh-Chríostaí. Bhí Tolamaes féin beo sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, ach is dócha go raibh a chuid eolais traidhfil as dáta nuair a bhreac sé síos a shaothar - gur tháinig sé ón chéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, nó go raibh sé ní ba sine fós. Cibé scéal é, luann Tolamaes áiteanna cosúil leis an mBóinn, an Laoi, agus an tSionainn. Thairis sin, tagraíonn sé d na ríochtaí beaga ar fud an chósta thiar, agus dealraíonn go raibh a fhios aige Dál Riada freisin, is é sin, an ríocht nó an treibh Éireannach a chuir an chéad tús leis an nGaelachas in Albain.

Cé go raibh Éire suite taobh amuigh d'Impireacht na Róimhe, chuaigh an cultúr Rómhánach go mór i bhfeidhm ar na luath-Éireannaigh. Na hiarsmaí seandálaíochta ón tsean-Róimh a fuarthas in Éirinn, is féidir iad a aicmiú de réir na tréimhse a mbaineann siad léi. Téann an chéad ghrúpa siar go dtí an chéad agus an dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, agus an dara grúpa go dtí an ceathrú haois agus an t-am ina diaidh. Tháinig iarsmaí an chéad ghrúpa go hÉirinn tríd na bealaí trádála, ach is dócha nach raibh an trádáil sin seanbhunaithe ná coitianta. Nuair a casadh iarsmaí an dara grúpa in Éirinn, bhí an tír i ndlúth-theagmháil leis an tsibhialtacht Rómhánach.

An tOgham. In úsáid ón 4ú haois - t.10ú haois.

B'é ba chúis leis an dlúth-theagmháil seo ná go raibh cumhacht na Róimhe ag titim as a chéile sa Bhreatain, agus cead ag na hÉireannaigh ansin dul ag foghlaíocht timpeall an chósta. Bhunaigh na ríochtaí beaga Éireannacha coilíneachtaí freisin ar chósta na Breataine, go háirithe sa Bhreatain Bheag. Creidtear, mar shampla, gur tháinig ainm na leathinise úd Llŷn (Béarla: Lleyn Peninsula) ó Laighin in Éirinn.

B'í an choilíneacht Éireannach ba tábhachtaí ná an ceann a bunaíodh in Albain, ar ndóigh. Go bunúsach, b'í an ríocht bheag úd Dál Riada i dtuaisceart na hÉireann, i gcósta thuaidh Chúige Uladh mar a fheictear dúinn inniu, ba túisce a thrasnaigh Sruth na Maoile le buanáitreabh a chur ar bun ar an taobh thall. Níltear cinnte faoin am ar tharla an chéad trasnáil, ach is féidir go bhfuil úimléid éigin ag baint leis an leagan a thugann le fios gurbh iad Fearghus Mór mac Eirc agus a chlann mhac an chéad dream a bhuail port in Albain thar cionn Dhál Riada, sa chúigiú haois. Nuair a bhunaigh Colm Cille a mhisiún in Oileán Í sa bhliain 563, bhí ríocht nár bheag ansin cheana féin, agus rí Dhál Riada ag cur síorchogaí ar na Piochtaí le tuilleadh tailte a ghabháil. De réir a chéile, shealbhaigh Dál Riada tailte na bPiochtaí go léir, agus faoi lár na naoú haoise, d'aontaigh Coinneach Mac Ailpín in aon ríocht amháin iad.

San am sin, chuaigh an cultúr Rómhánach go mór mór i bhfeidhm ar Éirinn. Fuair an Ghaeilge an chéad chupla focal ar iasacht ón Laidin, chomh maith leis na coincheapa a raibh siad ag tagairt dóibh. Maidir leis an Oghamchraobh - an córas litrithe a húsáideadh sna hinscríbhinní ba sine Gaeilge - glactar leis nach raibh inti ach cód a sheas do litreacha na haibítre Laidiní, ós rud é go bhfuil tuiscint ghramadóirí comhaimseartha na Laidine ar fhuaimeanna na teanga sin le haithint ar aicmiú na litreach Oghaim. Fuarthas cuid mhór oghamchloch sa Bhreatain Bheag freisin, sna háiteanna a raibh cónaí ar choilínitheoirí Éireannacha.

Teacht na Críostaíochta[athraigh | edit source]

B'ón mBreatain Bheag a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn freisin. Dealraíonn sé gur bhain an chéad mhisinéir amach Éire sa cheathrú nó sa chúigiú haois. B'é Prosper Tiro a rinne an chéad tagairt do Chríostaithe na hÉireann. Thrácht sé ar easpag darbh ainm Palladius a cuireadh go hÉirinn sa bhliain 431 le freastal ar na Críostaithe áitiúla. Maidir le Naomh Pádraig, is eisean an duine is aithnidiúla de na luathmhisinéirí sin, agus é á urramú ag na hÉireannaigh mar aspal náisiúnta, ach is ar éigean is féidir a rá gurbh eisean a d'iompaigh muintir na hÉireann leis an gcreideamh nua ina aonar. Próiseas fadálach ab ea é teacht na Críostaíochta go hÉirinn.

Crois Árd - Mainistir Bhuithe (t.10ú haois).

Is deacair fíorscéal Phádraig a insint inniu, nó níor fhág sé ina dhiaidh ach dhá shaothar, mar atá, an Fhaoistin agus an Litir chuig saighdiúirí Choroticus. Mar a d'inis sé an scéal é féin, bhí sé sé bliana déag d'aois nuair a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó Éirinn é, agus chaith sé an chéad sé bliana eile ina sclábhaí thall ansin, go dtí gur éirigh leis éalú agus trí chéad ciliméadar a chur de de shiúl a chos, go dtí gur bhain sé amach cuan. Ansin, sheangaigh sé isteach ar bhord loinge a bhí ag dul go dtí an Bhreatain Bheag, agus tháinig sé abhaile mar sin. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag tógáil léinn le bheith ina shagart, agus sa deireadh, tháinig sé ar ais go hÉirinn ina easpag. Is dócha go raibh sé ina easpag in Ard Mhacha, agus go raibh a chuimhne á hurramú ag muintir an chompail sin ar dtús, ach de réir a chéile, leath an cultas ar fud an oileáin.

Leis an gCríostaíocht, tháinig an manachas, cé nárbh é Pádraig a chuir tús leis, is dócha. Bunaíodh mainistreacha ar fud na tíre, agus d'fhás cathracha tábhachtacha ina dtimpeall. Níorbh í an diagacht Chríostaí amháin a bhí á staidéar ag na manaigh, nó bhí na manaigh eolach ar léann seanársa na Róimhe chomh maith, agus suim acu freisin i gcultúr dúchasach na hÉireann. Chum siad leabhair nua Laidine, agus thosaigh siad ag saothrú na Gaeilge mar theanga scríofa freisin. Chuir siad le chéile an chéad dlí scríofa d'Éirinn freisin, Collectio canonum hibernensis, nó Cnuasach na nDlíthe Éireannacha. Tá an seandlí seo bunaithe ar an bhféineachas, ar an dlí Rómhánach agus ar dhlí an tSean-Tiomna araon.

Ar dtús, b'iad na hEaspaig a bhí i gceannas ar chúrsaí na hEaglaise, ach nuait a chuaigh an manachas i dtreise, fuair na habaí an lámh in uachtar ar na heaspaig. Ba mhinic a bhí na habaí chomh cumhachtach is gurbh fhearr leis na ríthe beaga féin dul ar lorg dídine sna mainistreacha ná fanacht sa bhaile. Mar sin, bhí saol na hÉireann á chasadh timpeall na mainistreach, idir shibhialtacht agus eacnamaíocht, agus bhí na habaí saibhre ábalta ceardaithe a fhostú le saol na mainistreach a mhaisiú agus a ornáidiú. B'iad Oileán Í agus Ard Mhacha príomh-lárphointí an tsaoil eaglasta Ghaelaigh san am, agus bunaíodh mainistreacha nua in Éirinn faoi cheannas na manach ó na lárionaid seo: Doire Cholm Cille, Ceanannas Mór, agus eile.

Na Ríthe agus na Ruirí[athraigh | edit source]

Roimh theacht na nGall, ní raibh ach aon teideal uasal amháin in Éirinn: an rí. Tá sean-annálacha na hÉireann ag cur thar maoil le heolas faoi ghníomhartha na ríthe agus faoi ghinealas na rítheaghlach éagsúil, agus urraim beagnach naofa ag dul dóibh. Scéal eile ar fad é, áfach, go raibh na ríthe an-líonmhar in Éirinn, agus glactar leis go coitianta go raibh timpeall is ceithre scór de ríochtaí beaga áitiúla in oileán na hÉireann. De réir na bhfoinsí comhaimseartha, bhí trí chineál ríthe ann: an rí tuaithe (rí túaithe sa tSean-Ghaeilge), an ruire (ruiri), agus rí na ruirí (rí ruirech). B'é an rí tuaithe a bhí ag rialú na mionríochta áitiúla, agus é ina ghéillsineach do ruire éigin. B'ionann rí na ruirí agus rí an chúige, agus fear mór cumhachtach ab ea é a leithéid cheana féin.

Ní féidir mórán a rá le cinnteacht faoi na ríthe agus an bhaint a bhí acu le chéile. Glactar leis go raibh an rí tuaithe cosúil le taoiseach na treibhe, agus é ina ionadaí dá ríocht nuair a bhí gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir. Níl anseo, áfach, ach tuairimíocht.

B'iad ríthe na gcúigí na ríthe ba tábhachtaí. Bhí na heaglaisigh áitiúla ag tabhairt tacaíochta do rí a gcúige, agus iad ag súil leis go gcinnteodh sé síocháin agus cosaint do na mainistreacha. Má rinneadh aon rud as cosán ar an eaglais, d'fhéad na heaglaisigh iarraidh ar rí an chúige go n-imreodh sé díoltas ar na ciontóirí. Má chorónaigh an eaglais an rí, bhí an rí sásta féachaint chuige go n-íocfaí an deachú leis an eaglais.

Idé na hArd-Ríochta agus Dul chun Cinn na nUí Néill[athraigh | edit source]

Ceist chasta chrosta is ea é ceist na hArd-Ríochta. Sa Leabhar Gabhála, tugtar le fios gur clann d'aon sinsear amháin iad na rítheaghlaigh áitiúla éagsúla ar fud na hÉireann. Thairis sin, déanann na leabhair dhlí tagairt do nósanna agus do dhlíthe an oileáin ar fad, agus an chiall le baint astu gurb ionann an cultúr ar fud na hÉireann. Mar sin, bhí an smaoineamh in aice láimhe gur chóir aon rí amháin a chur ag rialú an oileáin ar fad - an tArd-Rí, mar a déarfá. Na heaglaisigh a bhí ag tacú leis na hUí Néill - sliocht Néill Naoigheallaigh thuaidh - bhí siad ag áitiú ina gcuid scríbhinní go raibh an Ard-Ríocht ag dul do dhuine de na Niallaigh. Go bunúsach, ní raibh a leithéid de rud agus Ard-Rí na huile Éireann ann riamh, ach mar sin féin, bhí idé na hArd-Ríochta ann, agus an chuma ar an scéal go n-iompódh duine de shliocht Néill ina fhíor-Ard-Rí i ndeireadh báire, ach go bé gur chuir gabháltas Gall deireadh leis an bhforbairt nádúrtha seo sula raibh sí críochnaithe. Cibé faoi sin, b'iad na hUí Néill an rítheaghlach ba chumhachtaí, agus iad ábalta a dtoil féin a chur i bhfeidhm ar chuid mhór de na ríthe beaga. Sa naoú haois, ba dóbair do Mhaolseachnaill, a bhí ina rí ar shliocht Néill Naoighiallaigh san am, Ard-Ríocht na hÉireann a bhaint amach dó féin.

Bhí na hUí Néill scoilte ina lán craobhacha éagsúla, iad féin. B'iad an rítheaghlach a bhí i seilbh lár agus oirthuaisceart na hÉireann sa tseachtú haois, ar a laghad. Cuid de sheanchas an rítheaghlaigh seo ab ea é gurbh iadsan "ríthe na Teamhrach", ach is deacair a rá cén tábhacht a bhí le Teamhair agus le ríthe na Teamhrach san am réamh-Chríostaí. Nuair a bhí an Chríostaíocht agus na hannálacha scríofa ann, áfach, b'ionann "rí na Teamhrach" agus rí na nUí Néill go léir, agus b'é sin an chéimíocht a bhí ag Maolsheachnaill freisin, nuair a d'fhéach sé leis an oileán go léir a chur faoina smacht féin. Is é sin, mura raibh a leithéid de rud ann agus Ard-Rí na hÉireann, bhí Ard-Rí na nUí Néill ann gan amhras.

Cibé scéal é, bhí craobh thuaidh agus craobh theas ann. Taobh istigh den chraobh thuaidh, b'iad Síol Aodha Shláine agus Clann Cholmáin an dá fhochraobh ba mhó le rá. Bhí siad ag rialú machairí méithe na agus na hIarmhí. Ar dtús, b'iad Síol Aodha Shláine an ceann ba mhó cumhachta den dá threibh seo, ach sa bhliain 743, b'iad Clann Cholmáin a bhain amach ríghe na Teamhrach. Duine acu siúd ab ea é Maolsheachnaill. Maidir leis an gcraobh thuaidh, bhí sí dealaithe ina dhá "cineál", is é sin, Cineál Chonaill agus Cineál Eoghain (cf. Tír Chonaill agus Tír Eoghain). Bhí gaol ag Colm Cille agus ag Adhamhnán le Cineál Chonaill, rud is féidir a aithint ar na hannálacha a breacadh síos faoi thionchar na naomh seo in Oileán Í.

B'é Flaithbheartach Mac Loingsigh an fear deireanach de Chineál Chonaill a bhí ina Ard-Rí ar na hUí Néill, agus d'éirigh sé as an Ard-Ríocht sa bhliain 734. Ina dhiaidh sin, b'iad Clann Cholmáin ba mhó a tháinig chun comharbais. Chuaigh cumhacht Chineál Chonaill i laige sa tuaisceart féin, agus b'iad Cineál Eoghain a tháinig chun tosaigh. Ghabh siad lár Chúige Uladh agus, de réir a chéile, tháinig siad i seilbh thailte Oiriall in oirthear Uladh. Timpeall na bliana 800, fágadh Ard Mhacha, ardchathair na heaglaise, faoi choimirce na nUí Néill, agus ina dhiaidh sin, bhí na hUí Néill agus an eaglais ag obair as lámh a chéile. Faoin am céanna, d'éirigh leis na hUí Néill freisin an-tionchar a fháil ar chúrsaí Chúige Laighean. I ndiaidh cath fada a chur ar na ríthe áitiúla, d'éirigh leis na hUí Néill rítheaghlach Laighean a chur faoi ghéillsine, ionas nach raibh i Laighnibh, a thuilleadh, ach sórt gobharnóirí cúigiúla a bhí ag rialú na gcríoch sin thar cionn na nUí Néill.

Láidir is uile mar a bhí na hUí Néill, níorbh iad an t-aon rítheaghlach amháin a bhí ag dréim le hArd-Ríocht na hÉireann san am seo. Ón seachtú go dtí lár na deichiú haoise, bhí rítheaghlach Eoghanacht chomh cumhachtach i gCúige Mumhan agus na hUí Néill i gCúige Uladh, agus má bhí na hUí Néill ag déanamh gaisce as Niall Naoighiallach mar chomhshinsear an rítheaghlaigh, bhí Eoghanachta ar dhóigh chosúil ag tagairt d'Aonghus, a fuair baiste agus beannacht ó Naomh Pádraig féin. Bhí ríthe Eoghanacht ag maíomh gurbh iadsan na ríthe ba Chríostaí in Éirinn, ach is gá cuimhne a choinneáil ar ghníomhartha gaisce Fheidhlimí Mhic Criomhthainn: rí éirimiúil de shliocht Eoghanacht a bhí ann, ach san am céanna, ba nós leis mainistreacha agus eaglaisí a ionsaí agus a chreachadh, mura raibh siad ag teacht lena chuspóirí polaitiúla féin. Polaiteoir éirimiúil a bhí ann freisin agus é in inmhe cumhacht Eoghanacht a shíneadh soir, ach i ndiaidh a bháis-sean, ó dhara leath na naoú haoise ar aghaidh, tháinig meath ar Eoghanachta, agus Dál gCais ag teacht chun comharbais orthu mar phríomh-rítheaghlach i gCúige Mumhan.

Teacht na Lochlannach[athraigh | edit source]

I ndeireadh na naoú haoise, thosaigh na hUigingigh - na foghlaithe mara ó Chríoch Lochlann - ag ionsaí agus ag creachadh na mainistreach sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn. Tháinig an chuid is mó acu ó chósta na hIorua, agus is é an t-ainm a thug na Gaeil orthu ná Lochlannaigh. Tá a leithéid de chúige san Iorua agus Rogaland, agus is air sin atá an focal Lochlannach bunaithe. Níor dhruid na Lochlannaigh siar ó na mainistreacha ba sine agus ba tábhachtaí féin in Éirinn: d'ionsaigh siad Oileán Í sa bhliain 795, tháinig siad ar ais sa bhliain 802 leis an mainistir a chur trí thine, agus i gceann ceithre bliana eile d'fhill siad in athuair le ochtar daoine is trí scór de mhuintir na háite a mharú. Chuir an chogaíocht seo an oiread eagla ar na manaigh is gur chinn siad ar mhainistir nua a bhunú i gCeanannas Mór, sách fada ar shiúl ón gcósta. Sna 820idí, bhí na Lochlannaigh in ann seoladh timpeall oileán na hÉireann ar fad, agus iad ag ionsaí na mainistreach ar fud an chósta. Má bhí na manaigh ag iarraidh foscadh a fháil i gCeanannas Mór, ní raibh sábháilteacht ar fáil ansin ach an oiread, nó sa bhliain 836, rinne na Lochlannaigh ionradh fada isteach ón gcósta díreach sa taobh sin den tír, i dtailte deisceartacha na nUí Néill. Bhain siad úsáid fhorleathan as na haibhneacha mar bhealaí seoltóireachta, agus sa bhliain 839, bhí a gcuid long ag seoladh Loch nEathach féin agus ag creachadh na gcladaí. Sna 840idí, bhí an chuma ag teacht ar na cúrsaí go raibh na hUigingigh meáite ar an tír ar fad a fhorghabháil.

Leathanach 292r - Leabhar Cheanannais (t.9ú haois).

De réir a chéile, áfach, thosaigh na Lochlannaigh ag socrú síos agus ag bunú ríochtaí beaga áitiúla dá gcuid féin, agus mar sin, fuair siad iad féin sáite sa pholaitíocht áitiúil agus sna comhghuaillíochtaí idir na ríthe tuaithe. D'fhás cathracha nua timpeall na mbunáiteanna, na longfort agus na gcuanta a bhí bunaithe ag na Lochlannaigh, cosúil le Baile Átha Cliath (nó "Fine Gall", mar a thugtar ar áitreabh na Lochlannach timpeall Bhaile Átha Cliath), Loch Garman, Cill Mhantáin, Binn Éadair, Deilginis, Léim an Bhradáin agus Port Láirge.

I dtús na deichiú haoise, thosaigh ionsaithe na Lochlannach ag dul i dtreise arís, nuair a tháinig cabhlach mór go Port Láirge sa bhliain 914. Bhuail tuilleadh Lochlannach port ansin i gceann bliana, agus ansin, rinne an loingeas seo foghail ar Chorcaigh, ar Lios Mór agus ar áiteanna eile i gCúige Mumhan is i gCúige Laighean. D'fhéach na hUí Néill, faoi cheannas a nArd-Rí, Niall Glúindubh, ruaigeadh a chur ar na Lochlannaigh, agus d'ionsaigh siad a gcuid longfort go fíochmhar sa bhliain 917. Ní raibh rath ar an ionradh seo, áfach, agus sa bhliain 919, fuair Niall féin bás i machaire an áir in aice le Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, áfach, chrom Lochlannaigh na hÉireann ar chogaíocht eatarthu féin, ó bhí muintir Bhaile Átha Cliath ag féachaint leis na hUigingigh eile a chur faoina smacht féin.

I ndiaidh an iomláin, ní raibh na Lochlannaigh ábalta mórán athrú a dhéanamh ar shochaí na hÉireann. Bhí cultúr eaglasta na hÉireann láidir, agus tháinig sé réasúnta slán as an gcruachás. B'iad na Lochlannaigh ba mhó a d'athraigh, agus chuaigh cuid mhór acu chun Gaelachais sa deireadh thiar. Murar éirigh siad as an tseoltóireacht, d'éirigh siad as an gcreachadóireacht, agus iad ag iompú ina dtrádálaithe de réir a chéile. D'fhoghlaim na Gaeil scileanna nua seoltóireachta agus iascaireachta uathu, agus a aithne sin ar stór focal na Gaeilge: tháinig focail cosúil le bád, dorú, tochta (is é sin, seas i mbád), stiúir, scód, trosc, langa, margadh, ancaire agus cupla dosaen eile isteach ón tsean-Lochlainnis.

Tháinig deireadh le caithréim Eoghanacht i ré na Lochlannach, agus d'éirigh Dál gCais ní ba tábhachtaí mar ríocht Mhuimhneach. Is gnách a rá gurbh é Brian Bórumha (nó Brian Bóirmhe), rí Dhál gCais, a chloígh na Lochlannaigh in Éirinn i gCath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Le fírinne, bhí na Lochlannaigh - nó na hOstmannaigh, mar a thugaidís orthu féin san am seo - ag tréigean cheana féin mar chine ar leith in Éirinn, agus iad ag dul le Gaelachas go tiubh téirimeach. Tá sé níos tábhachtaí go raibh Brian díreach ag iarraidh Ard-Ríocht na hÉireann a bhaint amach tríd an gcath a bhriseadh ar Laighnibh. Chuaigh fir Laighean ar lorg cabhrach agus fortachta ó na hOstmannaigh, agus sin é an fáth go síleann a lán daoine gur cath idir Éireannaigh agus Lochlannaigh a bhí ann go príomha. Ní rud as an ngnáth ab ea é Gaeil agus Lochlannaigh a bheith ag comhoibriú le chéile: roimhe sin, bhí Brian féin go minic i dtuilleamaí comhghuaillithe Lochlannacha le cathanna a bhuachan. Cibé scéal é, chloígh Brian a chuid naimhde, ach maraíodh é féin le linn an chatha, nó go gairid ina dhiaidh sin. Bhí sé díreach ar tí aon ríocht amháin a dhéanamh d'Éirinn, ach ní raibh sé daite dó an ríocht sin a rialú.

Cuma Úr ar an Eaglais[athraigh | edit source]

San am seo, bhí an Eaglais Chaitliceach i Mór-Roinn na hEorpa ag éirí ní ba chumhachtaí, agus í ag cur suime i gcúrsaí eaglasta na hÉireann chomh maith. Bhí a lán nósanna ag na heaglaisigh Ghaelacha nár thaitin le muintir na hIlchríche. Ní raibh ord, eagar ná inneall ceart ar eaglais na hÉireann, nó ní raibh paróistí ná deoisí ann - go bunúsach, ní raibh mórán eaglaise ann taobh amuigh de na mainistreacha. Bhí an iomarca cumhachta ag na tuataí i saol na heaglaise, agus ní raibh aontumha na cléire á hurramú. I rith na haonú agus na dóú haoise déag, cuireadh caoi nua ar chúrsaí riaracháin na heaglaise in Éirinn, go háirithe nuair a tháinig sionaid mhóra le chéile i gCaiseal sa bhliain 1101, i Ráth Breasail sa bhliain 1111, agus i gCeanannas Mór sa bhliain 1152.

Má chuir na sionaid seo cuma cheart ar riarachán na hEaglaise, rinne siad an-dochar do léann dúchasach na hÉireann a bhí faoi choimirce na manach go nuige sin. Chuaigh oird mhanachúla ón Mór-Roinn i seilbh na mainistreach, agus chuir siad rialacha nua coimhthíocha i bhfeidhm orthu. Na scoláirí a bhí ag déanamh staidéir ar léann agus ar dhlíthe na hÉireann sna mainistreacha, caitheadh amach ar an gcúldoras iad anois.

Na Ríthe i ndiaidh Bhriain Bhórumha[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Brian Bórumha tar éis bháis, chaith Maolseachnaill a Dó, Ard-Rí na Teamhrach agus na nUí Néill, tamall gairid ina Ard-Rí ar Éirinn, ach básaíodh é féin ocht mbliana i ndiaidh chath Chluain Tarbh. Ina dhiaidh sin, bhí ríthe na gcúigí ag cur cogaí fadaraíonacha ar a chéile, agus iad ag fágáil gobharnóirí agus reachtairí ina ndiaidh ag coinneáil súile ar na tailte agus ar na háitritheoirí. Ghearraidís cánacha arda leis na cogaí seo a mhaoiniú, agus an chosmhuintir ag fulaingt cruatain leis na cánacha a íoc. Bhí na mionríthe ag iompú ina huasalaicme i stíl an fheodachais, agus iad ag cur suim i gcultúr na ridireachta in Ilchríoch na hEorpa agus ag tosú is ag déanamh aithrise air. Ní raibh cuma na ridireachta ar shaol polaitiúil na linne, nó ba scéal suarach ar fad é, agus an léirscrios a rinne an chogaíocht ar an tír.

B'é an mí-ord seo ba bhunchúis le gabháltas Gall ar Éirinn. Timpeall ar thús na dóú haoise déag, b'é Muircheartach Ó Briain ó Dhál gCais an rí ba mhó cumhachta in Éirinn. B'é Dónall Mac Lochlainn, rí na nUí Néill, an t-aon rí amháin a bhí in ann aige, go dtí gur chualathas an chéad iomrá ar Thoirdhealbhach Ó Conchubhair ó Chonnachta. Chloígh seisean Dál gCais agus na Muimhnigh, agus ina dhiaidh sin, d'fhéach sé le hArd-Ríocht na huile Éireann a bhaint amach dó féin. Fuair sé bás sa bhliain 1156, agus tháinig Ruairí Ó Conchubhair i gcomharbas air mar rí ar Chonnachta. Thit an Ard-Ríocht le Muircheartach Mac Lochlainn, rí na nUí Néill. D'fhéach Muircheartach le comhghuaillíocht a shocrú lena sean-naimhde, Cineál Chonaill agus rítheaghlach Uladh, agus mar chuid den tsocrú, ghlac sé gialla ó Chineál Chonaill agus ó Ultaibh. Mhóidigh sé gan dochar a dhéanamh do na gialla, ach sháraigh sé na mionna, nuair a thug sé ordú radharc a súl a bhaint d'Eochaidh mac Con Uladh Mac Duinnshléibhe, rí Uladh. Thréig a chuid comhghuaillithe Muircheartach ar an toirt, ó bhain an feillbheart seo geit agus scanrú astu, agus maraíodh é go gairid ina dhiaidh sin.

Maidir le Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a bhí mar leathbhádóir ag Muircheartach, chuir comhghuaillithe Ruairí Uí Chonchubhair ruaigeadh air as Baile Átha Cliath, ach ansin, chuaigh sé ar lorg cabhrach ó Anraí II, Rí Shasana. Mar sin a chuir sé tús le gabháltas Gall ar Éirinn.

Gabháltas Gall[athraigh | edit source]

Is é is brí le "gabháltas Gall" i gcoimhthéacs seo na staire ná gabháltas Normannach. Is éard a bhí i gceist leis na Normannaigh ná sliocht na Lochlannach a chuaigh i gcomhghuaillíocht le Séarlas Saonta (Séarlas a Trí), Rí na bhFranc Iartharach (is é sin, Rí na Fraince) sa bhliain 911. Bhí easaontas nó achrann éigin idir ceannaire na Lochlannach seo, Hrólfur (nó Rollo, mar a thugtar air as Fraincis), agus rí na Danmhairge, agus rith le Séarlas go bhféadfadh sé leas a bhaint as Hrólfur agus a chuid fear mar chosaint ar na Lochlannaigh eile, a bhí ag déanamh foghlaíochta agus creachadóireachta timpeall ar chóstaí na Fraince san am sin. B'iad na Lochlannaigh seo a bhunaigh Normandie i dTuaisceart na Fraince mar réigiún ar leith, nó bhronn Séarlas an ceantar orthu mar phrionsacht. Chuaigh siad leis an bhFraincis mar theanga labhartha, cé go ndearna siad canúint ar leith di, agus a lán Lochlainnise measctha tríthi, agus ar ndóigh, ghlac siad leis an gcreideamh Críostaí.

Mar sin féin, d'iompaigh siad amach ina gcogaithe agus ina ngabhálaithe móra in Eoraip na Meánaoiseanna. D'fhorghabh siad an Bhreatain Mhór, deisceart na hIodáile, an tSicil agus Málta, agus bhí siad chun tosaigh i measc na gCrosáidithe sa Tír Naofa fosta. Nuair a tháinig siad go hÉirinn, cheangail siad an t-oileán sin den domhan Normannach go léir, domhan a bhí i dteagmháil fhairsing leis an gcultúr uile-Eorpach.

Ar dtús, ní raibh meas an mhadra ag na Normannaigh ar mhuintir bhundúchasach na hÉireann, ach ní raibh siad i bhfad á gcló le nósanna na tíre. D'fhoghlaim siad an Ghaeilge go paiteanta, agus is minic a fheicimid sloinnte Normannacha i measc fhilí agus scríbhneoirí móra na Gaeilge, cosúil le Piaras Feiritéir agus Seathrún Céitinn. Inniu, is mar shloinne fíor-Ghaelach a aithnítear Mac Gearailt, mar shampla, cé gur sloinne Normannach é ó thús - is ionann an fitz sa leagan Béarla den ainm, Fitzgerald, agus fils i bhFraincis ár gcomhaimsire, focal a chiallaíonn "mac".

Bhí sé de nós ag scríbhneoirí cosúil le Seathrún Céitinn sa seachtú haois déag tagairt a dhéanamh do na Normannaigh mar "Shean-Ghaill", le hiad a aithint thar na Sasanaigh nach raibh clóite le saol na hÉireann ná ábalta an Ghaeilge a labhairt, agus is é an teachtaireacht a bhí á reic ag an gCéitinneach ná gur "gabháltas Críostúil" a rinne na Normannaigh, is é sin, nár fhéach siad leis an tír a chloí go míthrócaireach ná a teanga is a nósanna a chosc ná a chealú, mar a rinne na Nua-Ghaill. Is léir gur bolscaireacht thar aon rud eile a bhí á déanamh aige leis an ráiteas seo, ach ón taobh eile de, is follasach chomh maith nach ndearna na Sean-Ghaill géarleanúint ar na Gaeil ar chúiseanna reiligiúnda ná ar chúiseanna teanga.

Teacht na Sean-Ghall[athraigh | edit source]

Pósadh Strongbow agus Aoife (t.1170)
[Daniel Maclise a dhathaigh an pictiúr seo sa bhliain 1854] 

B'é Baile Átha Cliath agus a thimpeallacht - an Pháil - ba túisce a thit leis na Normannaigh, agus deir na seandálaithe go raibh caidreamh beo trádála ag an gcathair sin leis na Normannaigh roimhe sin féin. Maidir leis an ngabháltas, thosaigh sé sa bhliain 1169. Rud a bhí ann a rith le hAnnraoi roimhe sin féin, agus é tar éis cead an Phápa a chinntiú dó féin cheana, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor bhac sé féin le fórsa sluaíochta a chur i dtoll le chéile le fortacht a thabhairt do Dhiarmuid. Ina áit sin, shocraigh Diarmuid comhghuaillíocht le Risteard fitz Gilbert de Clár, a dtugtar Strongbow air sa seanchas - "fear an bhogha láidir". Phós Strongbow iníon Dhiarmada, Aoife, agus gheall Diarmuid Cúige Laighean dó mar oidhreacht. Sna blianta 1169-1171, chuaigh Strongbow agus a chuid Normannach i seilbh Chúige Laighean agus na Mí. Bhásaigh Diarmuid i mBealtaine 1171, agus ansin, chloígh Strongbow frithbheartaíocht mhuintir Laighean le dul i gceannas ar an gcúige go deifnideach.

Ní raibh Anraí róshásta leis an dóigh a raibh na cúrsaí ag forbairt, nó bhí sé buartha go mbagródh Strongbow ar a choróin féin dá n-éireodh leis ríocht neamhspleách a bhunú in Éirinn. Chuaigh Anraí go hÉirinn é féin, agus fórsaí móra armtha á thionlacan, le brathladh a chur ar Strongbow, ach bhí sé siúd géilliúlach go maith, agus é sásta urraim agus umhlóid a mhóidiú d'Anraí. Ina dhiaidh sin, chuaigh Anraí timpeall na hÉireann, agus d'umhlaigh a lán ríthe áitiúla Gaelacha dó: Diarmuid Mac Cárthaigh i gCorcaigh, Dónall Mór Ó Briain i Luimneach, Murchadh Ó Cearbhaill in Oirialla, Tiarnán Ó Ruairc i mBréifne, agus Donnsléibhe Mac Duinnsléibhe in Ultaibh.

Chuir Anraí gairm chruinnithe ar eaglaisigh na hÉireann, agus tháinig siad le chéile le sionad mór a choinneáil i gCaiseal i ndeireadh na bliana 1171 agus i dtús na bliana 1172. Tugadh isteach cleachtas na deachún le go mbeadh teacht isteach éigin ag na paróistí. Treisíodh le stádas na hEaglaise agus cuireadh bord ar bhord í le heaglais Shasana ó thaobh an fhoirceadail agus na nósanna de.

Roinn Anraí tailte na hÉireann ar na huaisle Normannacha, ach má roinn féin, is iomaí cath agus cogadh a chaithfidís siúd a chur le dul i seilbh na dtailte sin i ndáiríre. Bhronn sé an Mhí ar Aodh de Léis agus chuir sé saighdiúirí ar garastún i gCorcaigh agus i Luimneach, ach sa bhliain 1172, b'éigean d'Anraí filleadh ó Éirinn go Sasana le freastal ar dhualgaisí eile, agus d'fhág sé de Léis agus Strongbow ag troid na dtaoiseach áitiúil. Ní raibh an bheirt sin ábalta frithbheartaíocht na nGael a chur faoi chois ina gcuid tailte roimh an mbliain 1175. Sa bhliain chéanna, shocraigh Anraí agus an tArd-Rí Ruairí Ó Conchubhair le chéile Conradh Windsor, conradh a d'fhág an chuid ba mhó d'Iarthar na hÉireann faoi Ruairí, fad is a bheadh sé sásta na cánacha a bhailiú d'Anraí. Ní raibh ceachtar den bheirt ríthe - Ruairí ná Anraí - ábalta smacht a choinneáil ar a muintir féin. Ba dhual do na taoisigh Ghaelacha agus do na huaisle Normannacha cogaí príobháideacha a chur ar a chéile.

Sa bhliain 1176, fuair Strongbow bás. Ní raibh oidhre ceart aige - síothlaigh a mhac go hóg. Mar sin, thit an chuid Normannach d'Éirinn leis an Rí, agus i mBealtaine 1177, bhronn sé céimíocht Thiarna na hÉireann ar an mac ab óige leis, an Prionsa Eoin. Mar sin a cuireadh bun le Tiarnas na hÉireann. Sa bhliain 1185, chuaigh Eoin ar an chéad chuairt go hÉirinn, agus é ag iarraidh cumhacht Shasana a bhuanú i dtailte Normannacha na hÉireann.

Sna blianta 1189-1199, bhí Sasana á rialú ag deartháir Eoin, Risteard Leonchroí. Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh Eoin ríocht dá chuid féin a bhunú in Éirinn, ionas go mbeadh dhá ríocht Normannacha sna hoileáin Bhriotanacha. Nuair a bhásaigh Risteard san Fhrainc, áfach, shealbhaigh Eoin coróin Shasana, agus d'aontaigh sé ina phearsa Tiarna na hÉireann agus Rí na Sasanach go doscartha.

Faoin am seo, thosaigh na Sasanaigh ag coilíniú na hÉireann an chéad uair riamh. Tháinig lucht inimirce ó Shasana agus ón mBreatain Bheag, agus, fiú, ón bhFrainc agus ó Fhlóndras féin.

Eoin ina Thiarna ar Éirinn[athraigh | edit source]

Ní raibh Eoin - nó Eoin gan Talamh, mar a thugtaí air agus é ina rí - róchairdiúil i leith na n-uasal Gallda in Éirinn ach oiread leis na taoisigh Ghaelacha. Is dócha go raibh sé goilliúnach faoina chumhacht, agus drochamhras aige ar aon duine uasal nó urramach eile. Nuair a d'iompaigh sé ina Rí, áfach, d'éirigh sé traidhfilín ní b'fháiltiúla i dtaobh na nGael, ó rith leis go gcuideoidís leis, b'fhéidir, na huaisle Normannacha a choinneáil faoi smacht.

Is amhlaidh gurbh iad na barúin Normannacha na naimhde ba mhó a bhí ag Eoin, agus má bhí na huaisle seo ag síneadh amach theorainneacha na Páile, ní raibh sé ach breacshásta leis sin. Mar sin, is dealraitheach gur chuir sé moill ar ghabháltas Gall, ach is ar éigean is féidir a rá go ndeachaigh an mhoilleadóireacht sin chun sochair d'Éirinn. Nó is mar sin a buanaíodh an chríochdheighilt idir an Pháil agus tailte na ndearbh-Éireannach, agus bhí teorainn an dá chineál críoch ina hábhar trioblóide agus cogaíochta i saol na hÉireann i bhfad ina dhiaidh sin.

D'fhéach na huaisle Normannacha leis na tailte a shealbhú le lámh láidir a bhí geallta ag Eoin dóibh, ach de ghnáth, ní bhíodh ag éirí leo go rómhaith. Ina lán cásanna, fuair an Normannach na tailte sa deireadh thiar, tar éis dó iníon an taoisigh áitiúil Ghaelaigh a phósadh. Is léir gur chuidigh a leithéid le Gaelú na Normannach, agus na barúin ag dul i gcomhghuaillíochtaí le mionríthe dúchasacha. Ón taobh eile de, bhí cuid mhór de na Gaeil míshásta leis an bhforbairt seo, ó thaispeáin sé nach raibh aon duine de na maithe is na móruaisle fonnmhar chun síocháin a chur ar bun sa tsochaí. Mar sin, nuair a tháinig Eoin ar ais go hÉirinn ina rí dó sa bhliain 1210, b'iad na Gaeil ba mhó a d'fháiltigh roimhe, ó bhí siad dóchasach go gcuirfeadh sé caoi éigin ar an saol. D'umhlaigh a lán taoiseach mór Gaelach dó san am, ar nós Cathal Croibhdhearg Ó Conchubhair, rí Connacht, agus Muircheartach Ó Briain ó Luimneach.

D'fhorbair Eoin córas riaracháin an Tiarnais chomh maith. Chuir sé tús le Comhairle an Rí in Éirinn, arbh é an chéad síol don pharlaimint. Thosaigh an státseirbhís ag teacht ar an bhfód freisin, nó theastaigh ó Eoin cléirigh a chur i mbun an státchiste in Éirinn. D'ainmnigh sé an chéad Ghiúisteoir a bhí le haire a thabhairt do shainleas an Rí nuair a bhí an Rí féin taobh amuigh d'Éirinn.

Tús na Nua-Aoise in Éirinn[athraigh | edit source]

Vicipéid
Is féidir an t-alt seo a fheabhsú tríd é a fhorbairt.
D'fhéadfaí go bhfuil a thuilleadh faoi seo ar an leathanach plé.

An Chinsileacht agus an Aontacht[athraigh | edit source]

I dTreo na Saoirse[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Foinsí[athraigh | edit source]

  • FOSTER, R.F.: The Oxford History of Ireland. Oxford University Press, Oxford 1989