Brian Bóramha
| Brian Bóirmhe | |
|---|---|
| Ard-Rí na hÉireann | |
| Brian Bóruma mac Cennétig | |
| Réimeas | 1002–1014 |
| Dáta breithe | t.941 |
| Áit bhreithe | Cill Dalua, Contae an Chláir |
| Dáta báis | 1014 |
| Áit bháis | Cluain Tarbh |
| Réamhtheachtaí | Mael Seachlainn II |
| Comharba | Mael Seachlainn II |
Rugadh Brian Bóruma mac Cennétig, (Brian Boru i mBéarla), timpeall na bliana 941 (in aice le Cill Dalua i gContae an Chláir mar atá inniu air, nó Dál gCais mar a tugadh ar an gceantar fadó). Cennétig mac Lorcáin, rí Thuadhmhumhan ab ea a athair, Bé Binn ingen Aurchada, iníon Rí Iar-Chonnacht ab ea a mháthair. Bhí sé ina rí ar chúige Mumhan ó 976 agus ina Ard-Rí Éireann ó 1002. Cailleadh é ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán, 1014 i rith Chath Cluain Tairbh in aghaidh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath. Cuireadh é in Ard Mhacha.
Bhíodh aithne air mar Brian Bóirmhe de bharr an chíosa a bhailigh sé ó thaoisigh beaga na hÉireann agus a d'úsáid sé chun na mainistreacha agus na leabharlanna a réab na Lochlannaigh a atógáil, más fíor. D'éag a mhac agus a gharmhac i gCath Chluain Tairbh chomh maith agus mar sin ní fhéadfadh a shliocht a gcumhacht a choinneáil mar Ardríthe.
Pósadh Briain ceithre huaire:
- An chéad uair le Mór - máthair Mhurchaide, a cailleadh le Briain i gCath Chluain Tarbh.
- An dara uair le Echrad - máthair a chomharba, Turlach.
- An tríú uair le Gormflaith - an bhean chéile is cáiliúla, iníon Mhurchaide Mac Finn, rí Laighean agus baintreach Olaf Cuaran, Lochlannach, rí Bhaile Átha Cliath agus Eabhraic. Ba í máthair Dhonncha, a bhí ina rí ar chúige Mumhan tar éis Bhriain.
- An ceathrú uair le Dub Choblaig - iníon rí Chonnacht.
Sa 12ú haois, d'fhoilsigh a chlann leabhar bolscaireachta, Cogadh Gaeil ré Gaill, ina ndearnadh móradh ar Bhrian agus ar na héachtaí a rinne sé i rith a shaoil.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.