Sí an Bhrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Sí an Bhrú
Íomhá
Sonraí
CineálPassage tombs in Ireland (en) Aistrigh, díol spéise do thurasóirí agus tuama
Cuid deBrú na Bóinne
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Mí, Éire
Map
 53°41′41″N 6°28′32″W / 53.6947251°N 6.4755655°W / 53.6947251; -6.4755655
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir147
Suíomh gréasáin oifigiúilnewgrange.com

Tuama pasáiste é Sí an BhrúNewgrange[1] atá suite sa réigiún Brú na Bóinne i gContae na Mí, in Éirinn. Tá Sí an Bhrú ar cheann de na séadchomharthaí is ársa ar domhan,[2] agus ceann de na suíomhanna réamhstairiúla is cáiliúla in Éirinn atá ann. Tá samplaí maithe den ealaín thuama pasáiste agus ealaín Mheigiliteach le fáil ann chomh maith.

Lonraíonn an ghrian síos an phasáiste go dtí an seomra adhlactha ar feadh cúpla lá gach bliain i rith grianstad an gheimhridh. Meastar go bhfuil an Láithreán Oidhreachta Domhanda i mBrú na Bóinne tuairim is 5,200 bliain d’aois. Tógadh an tuama idir 3300 RC agus 2900 RC (de réir dátú charbón 14), agus mar sin tá sé níos mó ná cúig chéad bliain níos sine ná Pirimid Mhór Giza san Éigipt.

Bealach isteach.
Ealaín

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

grianstad an gheimhridh

Tógadh Sí an Bhrú go bunúsach idir thart ar 5500 RC agus 2900 RC, rud a chiallaíonn go bhfuil sé os cionn 5,000 bliain d'aois. Maidir leis na dátaí C-14, tá sé níos mó ná 500 bliain níos sine ná an Phirimid Ollmhór i nGiza san Éigipt agus míle bliain níos sine ná Stonehenge, agus cruthúnas againn ar an scil sna réaltaí a bhí ag lucht a tógála.[3]

Caitheadh dua nach beag le tógaint an chairn, mar shampla clocha ag teacht daichead míle ón láthair.

Sa Ré Néolitic, lean Sí na Bhrú mar ionad tábhachtach searmanais.[4] San Iarannaois, d’fhág daoine boinn óir Rómhánacha ansin.

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an láthair seo ná ionad adhlactha. Cúrsaí ama, an réalteolaíocht agus nasc na mbeo leis na mairbh atá fite fuaite ina chéile.

Ar na saolta seo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sna seascaidí a thosaigh an láthair ag scaoileadh a chuid rún. Tugadh faoi deara an ealaín a bhí greanta ar na clocha colbha agus an bhreith a tugadh ná gur tuama pasáiste a bhí anseo do thaoisigh Neoiliteacha. De réir a chéile tugadh faoi deara go raibh níos mó ná sin i gceist agus go raibh an réalteolaíocht san áireamh i dtógaint an chairn. Tuigimid anois go bhfuil an carn nasctha le grianstad an gheimhridh agus go gceansaíonn an pasáiste éirí na gréine ar an lá sin.[2]

Sa bhliain 2019, bhí dhá scór treoirmharc nua tugtha faoi ndeara i mBrú na Bóinne le linn suirbhé. Bhí treoirmharcanna de thithe ón ré luath-neoiliteach, iatáin adhmaid ón ré céanna chomh maith le h-uaigheanna ón Chré-Umhaois agus lorg áitrimh feirme meánaoiseacha aimsithe. Scrúdaíodh láithreacha ar dhá thaobh Abha na Bóinne, laistigh de lúb na Bóinne agus trasna ó thuambaí réamhstairiúla Sí an Bhrú, Cnóbhaidh agus Dhubhaidh.[5]

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sí an Bhrú cáiliúil ó thaobh ealaíne de.[6] Tá móitífeanna de bhíseanna agus mhuileataí ar an gcloch iontrála, agus ceaptar gur féilire de shaghas éigin a bhí ann. Ar aon nós, ní ealaín ar son na healaíne é.

Déanann an chloch iontrála líne dhíreach le cloich 52 ag cúl Sí an Bhrú, agus tá na marcanna céanna orthusan.

Ionad turasóireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir cuairt a thabhairt ar an ionad turasóireachta in aice láimhe.

Soilsiú na domhain ag an ngrian i rith an grianstad an gheimhridh

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sí an Bhrú/Newgrange | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (6 Eanáir 2024). "Choimeád mistéir ‘Rún na Bóinne’ ar tinneall go dtí ceann scríbe tú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-10.
  3. Máire Ní Fhinneadha (22 Nollaig 2023). "Ardaíonn mo chroí nuair a thagann grianstad an gheimhridh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-10.
  4. "Scéalta · Bailiúchán na Scol" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2024-01-10.
  5. Nuacht RTÉ (2019-08-07). "40 treoirmharc nua aimsithe i mBrú na Bóinne" (as ga-IE). 
  6. Ó Ríordáin, Seán P.; Glyn, Edmund Daniel (1964). New Grange and the Bend of the Boyne F.A. Praeger, p.26. [1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]