Dál gCais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Claíomh Solais Nuada, siombail bhrataí Dhál gCais

Seantreibh Ghaelach a bhí i nDál gCais, a bhí i mbarr a réime sa 10ú haois ar bhruacha na Sionainne agus an réigiún máguaird sa seanríocht úd, Tuamhain. Glactar leis gur craobh de Dhéisi na Mumhan a bhí ann agus iad síolraithe ó Chormac Cas.

Bhí Brian Bóramha ar dhuine de na ríthe is cáiliúla a bhí iontu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunúis, Déise Mumhan v. Deirgtine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar lena nginealaigh féin, rianaigh Dál gCais a sinsearacht siar go dtí Cormac Cas, a mhair sa 2a agus sa 3ú haois, a deirtear. Is é dar leo dara mac Ailealla Auloim desna Deirgtine, rí Mumhan agus Leath Mhogha, nasctha leis an mbandia Áine na dTuath Dé Danann i Scéalaíocht na Ríthe. Dúradh gur dheartháir níos óige é Cormac le hEoghan, sinsear na nEoghanacht, ríthe na Mumhan leis na céadta.

Cé gur glacadh ann scéal seo le tamall fada, measann scoláirí An lae inniu gur bolscaireacht pholaitiúil atá ann. Le teacht i réim Mhathúna agus a dhearthár Brian Bóramha sa 10ú haois, ba bhreá le Dál gCais a ndlisteanacht a neartú agus gaol ársa lena gcéilí comhraic á mhaíomh acu.

Radharc aeir ar an Sionainn, áit a tháinig gCais chun cinn.

Maítear anois gur ghéag de Dhéise Mumhan iad Dál gCais.[1][2] Bhí mion-ríocht ag na Déise úd faoi thionchar na Eoghanacht, suite i bPort Láirge mar atá inniu ann. Le himeacht ama, bhog roinnt acu siar ó thuaidh chuig an Sionainn, idir na 5ú agus 8ú haoiseanna; ghlaoití Déise Deiscirt agus Déise Tuaiscirt ansin orthu. Deirtear gur ghéag den dara ach siúd iad Dál gCais.[3] Feictear an t-ainm Dál gCais don chéad uair i nAnnála Inis Faithlinn faoin mbliain 934, agus tásc an aba agus rí, Rebachán mac Mothlai, á thuairisc.[4]

Tá Déise Mumhan féin ina bpríomhábhar an scéil Tairired na nDéssi i Scéalaíocht na Ríthe. Tá an scéal suite le linn réimeas an Ardrí, Cormac mac Airt. Insítear chás a cuireadh an ruaig ar Dhál Fhiachrach Suí (gaoil leis na Connachta agus sliochtaigh Fheilimí Rechtmhair) as Teamhraigh, a lonnaigh sa Mumhain tar éis eachtraí móra .

Chuaigh géag amháin faoi Shell chuig an mBreatain sa 4ú haois, agus d'éirigh i réim i Ríocht Dyfed. D'fhéadfadh é gur thug Magnus Maximus, Impire Rómhánach, tacaíocht dóibh mar chosantóirí in aghaidh foghlaí mara ar Mhuir Éireann.[5] Bhí clann Uí Liatháin sa cheantar chomh maith.[6]

Ard-ríogacht na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacadh an t-ainm Dál gCais agus thángadar chun cinn le linn na 10ú haoise le hathrú rítheaghlaigh.[7] Tar éis bhás Reabhacháin mhic Mhothla de chlann Uí Aonghasa, tháinig a ngaol Uí Thoirdhealbhaigh i réim.[8]

Thosaigh Cinnéide mac Lorcáin,[9] rí Thuamhan Dhál gCais, a dhúshlán a thabhairt na hEoghanachta, cé gur cloíodh é féin i gCath Ghort Rodacháin ag Ceallachán Chaisil, rí Mumhan, sa bhliain 944. Pléitear fós fáth an teachta chun cinn seo. Moltar go minic gur scéim Uí Néill a bhí i gceist chun cumhacht na nEoghanacht a laghdú.[10]

Brian Bóramha, Ardrí na hÉireann, pearsa Dhál gCais is cáiliúla

Thóg clann Chinnéide ar a raibh bainte amach ag a n-athair. D'éirigh a iníon Órlaith ina banríon Éireann, tar éis di Donnchad Donn, ardrí de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt, a phósadh. D'éirigh Mathúin ina rí Mumhan, agus Caiseal tugtha aige ó from Mhaol Mhuadh mac Brain na nEoghanacht. Roimhe seo, bhí Íomhar Luimnigh clóite aige i gCath Sulcoit sa bhliain 968. Ghabh Donnabhán mac Cathail Mathúin agus mharaigh Maol Mhuadh é sa bhliain 976, agus tháinig na hEoghanachta ar ais i gcoróin ag Caiseal le dhá bhliain. Bhainfeadh deartháir níos óige Mhathúna, Brian Bóramha, a dhíoltas amach.

Cuireadh cogadh ar Íomhar sa bhliain 977-78, agus cloíodh agus maraíodh é ag Inis Cathaigh. Tháinig Brian ar Luimneach féin. Bhuaigh Dál gCais i gBealach Leachta an bhliain chéanna agus tháinig i réim sa Mumhain arís tar éis do Mhaol Mhuadh a mharú.

Dhírigh Brian ansin a intinn ar rud thailte Máel Sechnaill mac Domnaill, Ardrí. Tar éis chogaidh 15 bliain, tháinig Dál gCais chun cinn a bháis lena gcabhlach. Lorg Maol Seachnaill síocháin sa bhliain 997, agus d'aithin sé Brian mar cheannaire Leath Mhogha. Chuadar le chéile ar fheachtas in éadan Ríocht Átha Cliath na Lochlannach agus na Laighean faoin cheannas Mhaoil Mhórdha mhic Mhurchadha. Clóigh na Laighin i nGleann Máma sa bhliain 999. D'éiríodar amach arís sa bhliain 1014 i gCath Chluain Tarbh. Briseadh cumhacht na Lochlannach in Éirinn mar thoradh an chatha seo, cé gur maraíodh Brian ann. Idir an dá linn, rinneadh Ardrí de Bhrian sa bhliain 1002 agus chothaigh sé dea-chaidreamh leis an eaglais ag Ard Mhacha.

Tar éis bás Bhriain, chuaigh a beirt mhac, Donnchadh agus Tadhg, i ngleic ar a chéile. Agus Donnchadh ina Ardrí, bhí go leor ríthe eile ina éadan ríthe Laighean, Connacht agus Uladh ina measc. Curtha as sa bhliain 1063, theith sé go dtí an Róimh. De réir roinnt foinsí, bheinn sé coróin na hÉireann ar Urban II.[note 1]

Tháinig Toirdhealbhach mac Taidhg i gcoróin ansin, agus bhunaigh sé comhaontas buan le Diarmaid mac Maol na mBó. Níor cheannaire míleata é ach ina ionad sin polaiteoir den scoth. Scríobhadh Cogad Gáedel re Gallaib, scéal bolscaireachta in ómós eachtraí Briain, le linn a tréimhse.

Ba é Muircheartach, mac Thoirdhealbhaigh, an t-ardrí deireanach de chuid Dál gCais, i réim ón mbliain 1101-19. Rinne Muircheartach iarracht an ríogacht Éireannach a nuachóiriú ar nós monarcaithe na hEorpach. Bhí suim aige i ngnóthaí eachtracha, ag dul i gcomhghuaillíocht le hArnulf de Montgomery as Tailte Teorann na Breataine Bige in aghaidh Anraí I Shasana.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Koch, 2006, lch. 554
  2. Duffy, 2004, lch. 121
  3. Koch, 2006, lch. 554
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 934.1
  5. Davies, 1994, lch. 52
  6. Eoin Mac Néill
  7. Duffy, 2004, lch. 121
  8. Duffy, 2004, lch. 121
  9. Duffy, 2004, lch. 121
  10. Rynne, 1967, lch. 230
  1. Donagh certainly fled to Rome and was buried at the Basilica di Santo Stefano al Monte Celio. The stories about his time there are recorded by Seathrún Céitinn in the 17ú haois, some with skepticism. The story was used in the 19ú haois as a potential explanation for Laudabiliter.