Toirdhealbhach Ua Conchobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Toirdhealbhach Ua Conchobhair
Ard-Rí na hÉireann, Rí Chonnacht
Toirdhealbhach Ua Conchobhair
Réimeas 11201156
11061156
Dáta breithe 1088
Áit bhreithe Contae na Gaillimhe
Dáta báis 1156
Réamhtheachtaí Muircheartach Ua Briain
Comharba Muircheartach Mac Lochlainn

Ard-Rí Éirinn ó 1119 go 1156 ab ea Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair.

Ríocht Chonnachta[athraigh | edit source]

Rugadh Toirdhealbhach sa bhliain 1088 i gCúige Chonnachta. Ghlac sé ríocht Chonnachta sa bhliain 1106 D'fhás sé i gcumhacht sa chúige sin, trí caisliú an tír, polaitíocht glic agus comhghuaillíocht le hArd-Rí an t-am sin, Muircheartach Ua Briain ó Mumhan. Nuair a tháinig tinneas ar Muircheartach sa bhliain 1114, d'fhan teideal an Ard-Rí saor ar feadh tréimshe, agus shíl Toirdhealbhach go raibh seans aige. Chuaigh sé ar mórshiúil chuig Baile Átha Cliath sa bhliain 1118 agus ghlac sé ríocht an mbaile. Faoin am sin, bhí ceangailt siombalach ag ríocht Áth Cliath le Ard-Ríocht na tíre. Le Áth Cliath agus a chúige láidir fhéin aige, bhí éileamh láidir ag Toirdhealbhach ar an ríocht sin.

Árd Rí na hÉireann[athraigh | edit source]

Tar éis bás Muircheartach Ua Briain in 1118, roinn Toirdhealbhach Mumhan idir shliocht Ua Briain i tuaisceart an chúige agus shliocht an Eógánacht i ndeisceart an chúige. D'fhorbair sé troid idir a chomhghuaille Tighearnan Ua Ruairc Bréifne agus Diarmait Mac Murchada ó Laighean. Bhí sé an rí ruaireach is chumhachtaí sa tír, agus glaoíodh Árd-Rí air.

Sna blianta in a dhiaidh 1140, bhí coimhlint aige le Muircheartach Mac Lochlainn, rí Chineal Eoghain i gcríocha na hUí Néill sa tuaisceart. Choimead Toirdhealbhach a héileamh ar an ríocht ach i ndáiríre bhí Mac Lochlainn chomh cumhachtach leis faoin am seo. Sa bhliain 1114, briseadh fórsaí Toirdhealbach i gcogadh mara in aice Inis Eoghain, agus cailleadh ríocht Áth Cliath go Muircheartach Mac Lochlainn. Fuair sé bás i 1156 agus cuireadh é i gCluain Mhic Nóis.