Risteard I Shasana
| Risteard I | |
|---|---|
| Rí Shasana, Tiarna na hÉireann agus Diúc na Normainne | |
| Pictiúr de Risteard Leonchroí i gcoidéacs ón 12ú haois | |
| Réimeas | 6 Iúil 1189 – 6 Aibreán 1199 |
| Dáta breithe | 8 Meán Fómhair 1157 |
| Áit bhreithe | Pálás Beaumont, Oxford |
| Dáta báis | 6 Aibreán 1199 |
| Áit bháis | Châlus, Limousin |
| Réamhtheachtaí | Anraí II |
| Comharba | Eoin |
| Rítheaghlach | Plantagenet |
| Céile | Berengaria Navarre |
Bhí Risteard I nó Risteard Leonchroí (8 Meán Fómhair 1157 – 6 Aibreán 1199) mar ab fhearr aithne air, ina rí ar Shasana agus ina cheannaire ar an Impireacht Ainsivíneach ó 6 Iúil 1189 go lá a bháis. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Anraí II. Bhí cáil na calmachta air, agus chaith sé tamall fada ag troid sna Crosáidí. Tháinig deartháir níos óige leis, Eoin I, i gcomharbacht air.
Bás [athraigh]
Fuair Risteard bás agus é ag cur caisleáin faoi léigear, gar do Limoges sa Fhrainc. Buaileadh le saighead crosbhogha é idir a mhuineál agus a ghualainn chlé agus tháinig morgadh ar an gcneá. Sula bhfuair sé bás, d'iarr sé ar a oifigigh gan an fear a scaoil an tsaighead a chrochadh nuair a bheadh deireadh leis an léigear, toisc go raibh meas aige ar urchar an fhir ar éirigh leis an rí a bhualadh. Cé gur comhlíonadh mian Risteaird nach gcrochfaí an saighdeoir a bhí i gceist, níor éirigh leis an bhfear féin teacht slán agus maraíodh é trí fheannadh i ndeireadh na dála.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
