Leabhar Gabhála na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Leabhar Gabhála na hÉireann (Meán-Ghaeilge: Lebor Gabála Érenn) an teideal a dtugtar ar bhailiúchán de phrós agus filíocht, a insíonn an scéal faoi fréamhacha agus stair na nÉireannach ó cruthú an domhain suas go dtí na Meánaoiseanna.

Meascán de stair, miotaseolaíocht, finscéal, béaloideas agus staireagrafaíocht Chríostaíocht atá i gceist, a bhí curtha le chéile ag scoláire gan ainm le linn an 11ú haois.

Cnuasach filíochta agus próis ó na Meánaoiseanna ina ndéantar cur síos miotasach ar na gabhála éagsúla a rinneadh ar Éirinn ó thús ama. Scoláire anaithnid a thiomsaigh an cnuasach san aonú haois déag.

Glactar leis gur cumadh an saothar mar aithris ar chuntas an Bhíobla ar bhunús chlann Iosrael.