Cath Chluain Tarbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Chluain Tarbh
Cath Chluain Tarbh

Brian Bóirmhe, Rí Mumhan

Dáta: 23 Aibreán 1014
Áit: Cluain Tarbh Baile Átha Cliath, Éire
Toradh: Bua do Ghaeil na Mumhan
Céilí comhraic
Gaeil na Mumhan Gaeil Laighean
Lochlannaigh Bhaile Átha cliath
Ceannasaithe
Brian Bóirmhe Máel Mórda mac Murchada
Sitric II
Slua
~7,000 ~6,600
Taismigh
~4,500 ~6,000

Ag Cath Chluain Tarbh, a troideadh ar Aoine an Chéasta 23 Aibreán 1014 i gCluain Tarbh atá inniu i gcathair Bhaile Átha Cliath, chloígh na Gaeil slua Lochlann go hiomlán ar deireadh. Maraíodh Brian Bóirmhe, ceannaire na nGael, áfach, ag deireadh an chatha, agus é ag guigh ina théalta.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Lochlannaigh is na Danair ag teacht i dtír in Éirinn ón 9ú aois, agus rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mainistreacha na hÉireann. Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal Ard-Rí na hÉireann bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.

Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic Máel Sechnaill mac Domnaill - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i gCluain Fearta sa bhliain 997. D'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.

1012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean Máel Mórda mac Murchada amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo rófhad, áfach.

1013[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.

Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas. Bhí airm aige lonnaithe i gContae Bhaile Átha Cliath, ó Mheán Fómhair 1013 go dtí Nollaig[1]. Ag an am seo, rinne Brian ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc.

Tús an chatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gheall Sigurd Hlodvisson cabhair do Ghormlaith, agus thóg sé Brodir ó Oileán Mhanainn ina éineacht mar chomhluadar. Bhí sé de phlean ag an bheirt an fear eile a mharú tar éis an chatha, agus coróin na hÉireann a thógáil dó féin.

Sa bhliain 1014, d'éirigh arm Bhrian chun troda agus chuaigh siad amach i dtreo Bhaile Átha Cliath. Agus iad gar don chathair, tugadh buille do Mháel Sechnaill - iar-Rí na tíre - nuair a dhiúltaigh Gaeil na Mí dul i mbun troda le Gaeil Bhrian. Mar thoradh, ní raibh ag Sitric ach míle fear, i gcomparáid leis an ceithre go leith a bhí ag Brian. Shroich Brian an balla taobh amuigh den chathair, agus shocraíodar anseo don oíche.

Ar an oíche seo, fuair Brian an nuacht go raibh na Lochlannaigh imithe amach ar fharraige sna longa, ag fágáil Sitric ina ndiaidh. Ní raibh ann ach bob, áfach. Faoi dorchadas na hoíche, thiontaigh na Lochlannaigh thart agus tháinig siad i dtír ar an trá i gCluain Tarbh, míle ó thuaidh ón chathair, chun a bheith ann i ngan fhios d'éinne an lá dár gcion.


Sna laethanta seo, bhí an chathair ar thaobh theas na Life amháin, agus ní raibh idir Cluain Tarbh ar an taobh thuaidh ach droichead amháin. Mar gheall ar seo, bhí na Lochlannaigh in ann teacht i dtír chun prapáil gan phriacail ar bith.

An cath[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eagraigh na Lochlannaigh iad féin ina gcúig ranna ar ghort an chatha, le Sitric féin agus míle dá fhir ag fanacht réidh sa chathair. Bhí mac Shitric i gceannas ar ghrúpa de mhíle fear ón chathair ar an taobh clé den líne, agus bhí trí mhíle fir ó Laighin ag Máel Mórda eagraithe in dhá roinn. Cé go raibh slua mór acu, ní raibh siad armáilte chomh maith is a bhí na Lochlannaigh ar a ndá thaobh. Sheas míle de Lochlannaigh óna hInse Orc i lár na páirce, le míle eile faoi cheannas Brodir ar dheis, ar na dtránna.

Bhí Gaeil Bhrian eagraithe beagnach mar an gcéanna. Ar dheis (clé na Lochlannach), bhí míle saighdiúir tuarastail agus Lochlannaigh ón Oileán Mhanainn. Go díreach in aice leo, bhí míle go leith fear agus a ríthe as clanna Chonnacht, dhá mhíle laoch Mumhan faoi cheannas Mhurchad, mac Bhrian, chun tosaigh, míle agus ceithre chéad de Dál Cais ar chlé faoi cheannas Toirdhealbhach Ua Briain mhic Mhurchad cúig bliana déag, agus deartháir Bhrian Cuduiligh.

Cuireadh tús leis an troid féin le roinnt maslaí pearsanta óna fir ón dá thaobh, agus beirt nó triúr dóibh ag dul amach i mbun troda pearsanta in amharc a chéile, leis na sluaite ag screadáil agus ag béiceadh. De réir a chéile, thosaigh na fórsaí ag druidim níos giorra dá gcéile, agus bhris an cogadh ceart amach go luath ar maidin.

Fuair na Lochlannaigh an ceann is fearr ar na nGaeil ag tús an chatha, agus a n-airm troma ag déanamh an-damáiste. Ach bhain Brian buntáiste as an méid seo chomh maith, leis a Lochlannaigh tuarastail ar dheis ag brúigh na fórsaí ann siar. Ar chlé dó, b'é Brodir féin a thosaigh an t-ionsaí agus d'éirigh leis píosa talún a ghoideadh, go dtí gur thug sé aghaidh ar Ulf Hreda, deartháir eile Bhrian. Cé nár éirigh le Wolf cathéide Bhrodir a bhriseadh, buaileadh chun talamh é agus theith Brodir ó bpáirc an chogaidh. Fágadh na Lochlannaigh gan cheannaire, le fir Mhurchad (fíor-mhuintir an Rí, mar a chreideadar) ag tabhairt aghaidh orthu, agus um thráthnóna bhí fórsaí Bhrodir ag teitheadh siar go dtí a longa.

Cath Chluain Tarbh i bpéinteáil de chuid Hugh Frazer ón bhliain 1826

I lár an chatha, áfach, b'iad na Lochlannaigh a bhí chun tosaigh, le Sigurd agus Máel Mórda ag déanamh slad ceart ar fhórsaí Mumhan. De réir an finscéal, thóg Sigurd bratach draíochtúil isteach sa chath leis, ceann a mheall na Gaeil chuig an té a bhí á iompar, chun é a mharú é sa deireadh. Ceapadh go mbainfeadh an bratach an bua amach don té seo, ach go marófaí é chomh maith. Mar gheall ar an scéal seo, níor phioc éinne eile é suas, agus maraíodh Sigurd láithreach bonn nuair a rinne seisean amhlaidh.

Agus an lá ag druidim chun deiridh, agus roinnt shosanna tógtha, bhí droch-chuma ar an scéal do na Lochlannaigh. Bhí Sigurd marbh, bhí na fir ag teipeadh ar an dá eite agus bhí gach duine traochta. Ghlac na Gaeil seilbh ar na dtránna os comhair na longa, agus bhí ar roinnt Lochlannaigh snámh ar ais i dtreo na longa eile a bhí ag fanacht níos faide amach san fharraige. Fuair cuid mhaith dóibh bás san iarracht seo.

Brian Bóramha

Bhí sé sach soiléir gurb ag Brian a bhí an lámh in uachtar, agus shocraigh na Lochlannaigh éalú siar chuig an chathair. Bhain Máel Sechnaill fiedhm as an pointe seo chun teacht ar ais sa throid, agus dhún sé an bealach chuig an droichead agus sábháilteacht na cathrach. Leis na Lochlainnaigh sáinnithe, cuireadh gach uile duine dóibh chun báis.

Sam idirlinn, tháinig Brodir ar Bhrian ag guí ina phuball, agus é faoi cheilt sna choillte gar do Bhaile Átha Cliath. Bhailigh Brodir roinnt dá fhir le chéile gan mhoill agus d'ionsaigh siad agus mharaigh siad an Rí agus a fhoireann. D'éalaigh siad láithreach, agus Brodir ag béiceadh "Anois, inis do gach fear gurb é Brodir a mharaigh Brian". De réir thuairiscí na Lochlannach, gabhadh Brodir faoi dheireadh agus fuair sé bás uafásach ag lámha Ulf, an laoch a bhuail sé leis níos luaithe ar pháirc an áir.

As an sé mhíle go leith agus seacht míle de Lochlannaigh agus a gcomhghuaillithe, meastar gur maraíodh sé mhíle dóibh, beagnach gach duine de na taoisigh san áireamh. Ó thaobh na nGael de, cailleadh timpeall ceithre mhíle, an Rí Brian agus an chuid ba mhó dá mhic.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Duffy, Seán (2013). Brian Boru and the Battle of Clontarf. Dublin: Gill & Macmillan. pp. 123–4. ISBN 9780717157785