Íosa Críost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Críost)
Infotaula de personaÍosa Críost

(6 haois) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(arc) ישוע
Beathaisnéis
Breith6 "RCh" ↔ 4 "RCh"
Beitheal (Impireacht na Róimhe)
Bás7 Aibreán 30
33/34 bliana d'aois
Calvaire (Impireacht na Róimhe)
Siocair bháisPionós an bháis (Céasadh)
Áit adhlacthaluach anaithnid
Garden Tomb (en) Aistrigh
empty tomb (en) Aistrigh
Talpiot Tomb (en) Aistrigh
Teampall an Tuama Naofa
Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Fáidh An tIoslam, An Giúdachas, An Chríostaíocht
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachNa Giúdaigh
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síluach anaithnid
luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNazarat
Capernaum (en) Aistrigh
An Ghailíl
Teanga dhúchaiscanúint na Gailíle
Dath súileluach anaithnid agus Donn
Dathán gruaigeluach anaithnid agus Gruaig dhubh
Gníomhaíocht
Réimse oibreCearpantóireacht agus ministreacht Chríostaí
Suíomh oibre An Ghailíl Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmseanmóirí, seanmóirí, Meisias, múinteoir, father of faith (en) Aistrigh, tektōn (en) Aistrigh, leigheasóir, míorúilteoir, fáidh, ceannaire reiligiúnach, cearpantóir, raibí, tréadaí Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iRíocht Dé, carthanacht, grá agus creideamh
SeánraParable (en) Aistrigh
GluaiseachtApocalypticism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinnNaomh Peadar, Naomh Aindrias, Naomh Séamus, mac Zeibidé, Eoin Soiscéalaí, Pilib Aspal, Parthalán Aspal, Naomh Tomás, Naomh Matha Soiscéalaí, Naomh Séamas Beag, Naomh Iúdás Tadáias, Síomón Díograiseoir, Iúdás Isceiriót, Máire Mhaigdiléana agus Maitias
Faoi thionchar
TeangachaCanúint na Gailíle, Eabhrais an Bhíobla, An Ghréigis choitianta agus An Aramais
Glanfhiúchasluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
CeiliúradhAn Chríostaíocht
Lá féileAn Nollaig
Cáisc
Feasts of the Lord Jesus Christ (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1 "RCh"return from Egypt (en) Aistrigh
Christ washing the Disciples' feet (en) Aistrigh
Cleansing of the Temple (en) Aistrigh
An Bhainis i gCána
triumphal entry into Jerusalem (en) Aistrigh
An Suipéar Déanach
Sermon on the Mount (en) Aistrigh
beatha Íosa sa Tiomna Nua Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalRí na Polainne (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachHoly Family (en) Aistrigh agus Davidic line (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Páirtíluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Páisteluach ar iarraidh
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNaomh Iósaf, God the Father (en) Aistrigh agus luach ar iarraidh  agus Muire
Siblínluach anaithnid agus Séamus Cóir
Duine muintearthaÁdhamh (sinsear)
Abrahám (sinsear)
Dáiví (sinsear)
Desposyni (en) Aistrigh (duine muinteartha) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iceannairc (30)
→ (pionós an bháis)
diamhasla (30) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Breith Chríost
Céasadh Íosa
Ministry of Jesus (en) Aistrigh
Baisteadh Íosa
Aiséirí Íosa Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1832670 Musicbrainz: bde40933-e89b-4f10-8e52-faa040c4cae4 Discogs: 823412 Find a Grave: 6017 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Íosa (c. 4 RC - c. AD 30/33), ar a dtugtar Íosa as Nazarat nó Íosa Críost, ina sheanmóirí agus ina cheannaire reiligiúnach de chuid na nGiúdach san aonú haois. Is é an phearsa lárnach sa Chríostaíocht é. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe gur mac é, a tháinig i measc na ndaoine le hé féin a íobairt in íocaíocht a bpeacaí-sean.

Tugtar Íosa Críost air sa gcomhthéacs sin (ó יהושע [Yĕhošūa‘] na hEabhraise agus ó Χριστός [Christos] sa tSean-Ghréigis). Tugtar Íosa NasarthachÍosa Nazórach air freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall 64 RC go dtí tuairim AD 2933. Tá an chuid is mó de na saineolaithe saolta nó neamh-Chríostaí féin ar aon bharúil go raibh a leithéid de dhuine stairiúil ann agus Íosa Críost, gurbh as an Ghailíl dó, go raibh sé ina theagascóir creidimh ag dornán beag de Ghiúdaigh, agus gur céasadh ar an gcros é mar thuathghríosóir nuair a bhí Píoláit ina ghobharnóir Rómhánach ar an bPalaistín.

An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre shoiscéal an Tiomna Nua. Is é an Tiomna Nua an chuid den Bhíobla a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh (Gníomhartha na nAspal) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha Naomh Póil. Is iad na Soiscéil an chuid is tábhachtaí den Tiomna Nua, agus iad ag teacht roimh an gcuid eile i ngach leagan den Tiomna.

Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuestra Señora de Lujan Basilica

Thosaigh máthair Íosa, Muire, ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'Iósaf. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí Beitheal, nó bhí sé díreach ordaithe ag an Impire Rómhánach Ágastas muintir na hImpireachta go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir.

Nuair a bhí Iósaf agus Muire i mBeithil, saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir (an Triúr Saoithe, a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí an Éigipt. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, Héaród Mór, chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.

I ndiaidh bhás Héaróid, d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i Nazarat sa Ghailíl, áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.

Iarúsailéim ag an am

Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, thosaigh cuid den phobal Ghiúdach agus dá chuid ceannairí ag cur ina choinne. Na ceannairí go háirithe, chuir siad eiriceacht ina leith. Chuir na Fairisínigh, dream a raibh Íosa go minic ag lochtú a bhfimíneachta agus a mbéalchrábhaidh, a gcuid gearáin faoi bhráid Héaróid Mhóir, agus ar deireadh thug Héaród, an rí Giúdach a bhí faoi smacht Impireacht na Róimhe, cead dóibh an dlí a chur ar Íosa.

Ghabh a chuid naimhde é i gCnoc na nOlóg agus thug siad os comhair Cháiafas é, arbh é an t-ardsagart é agus é go tréan in aghaidh Íosa. Ansin dó, dúirt Íosa go hoscailte os comhair an ardsagairt agus lucht a leanúna siúd gurbh eisean Mac Dé agus gur féidir leis teampall Iarúsailéim a leagan agus a atógáil i dtrí lá.

Chuir an méid seo fearg mhór ar Cháiafas agus na sagairt eile, agus daoradh Íosa chun báis mar dhiamhaslóir. Bhí Píoláit, an gobharnóir Rómhánach, sásta an bhreith sin a fhaomhadh agus a chur i gcrích.

Céasadh Íosa chun báis ar an gcros i ndiaidh dó féin an chros a iompar go Cnoc Golgotá (Cnoc Chalbhaire, Áit an Chloiginn).

Correggio (Antonio Allegri) c 1489

Bhí sé trí bliana déag is fiche nuair a básaíodh é, agus meastar go raibh timpeall is trí mhíle duine de lucht leanúna aige faoin am sin. Deir an Bíobla gur aiséirigh sé ón mbás cúpla lá ina dhiadih sin.

Creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dearcadh na gCríostaithe bunaithe ar an tuiscint gurbh é Críost an Meisias a gealladh sa Sean-Tiomna, agus gur músclaíodh ar ais chun saoil é i ndiaidh an bháis a fuair sé ar an gcros. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe go bunúsach gurbh é ionchollú Dé é agus gur tháinig sé aníos le tarrtháil spioradálta a bhronnadh ar na daoine agus le hiad a thabhairt chun athmhuintearais le Dia. Altanna creidimh eile de chuid na gCríostaithe a bhaineann leis is ea iad gur rugadh ó mhaighdean é, gur chuir sé míorúiltí i gcrích, gur chomhlíon sé tairngreachtaí an tSean-Tiomna agus go bhfuil sé le hateacht a dhéanamh an lá is faide anonn le breith a thabhairt ar dhaoine beo agus ar dhaoine marbha.

Mahamad in éineacht le Abraham, Maois agus Íosa, ag guí le chéile, léiriú Peirseach

Tugann na Moslamaigh urraim do Chríost mar fhear naofa agus mar dhuine de na Fáithe, ach ní chreideann siad gurb é Mac Dé é. Is é teagasc na Moslamach, freisin, nach bhfuair sé bás ar an gcros, ach gur chuir Dia dallamullóg ar na daoine, ionas gur shíl siad amhlaidh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]