Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach.
Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach.

Éireannach ba ea Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach (1110 - 1 Eanáir, 1171). Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169, tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normáine Anraí II teacht i gcúnamh air, mar go raibh aighneas idir é féin agus Tiarnán Ó Ruairc.

[athraigh] A shaol

Rugadh Diarmuid Mac Murchadha sa bhliain 1110 agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighean nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArd-Rí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tiarnán Ó Ruairc arís agus chreach Diarmuid tailte Thiarnáin sa bhliain 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighean agus lean an t-aighneas ar aghaidh mar gheall air sin. Díbríodh Diarmuid i 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí Normannacha faoi cheannas Strongbow. Ghabhadar Baile Átha Cliath agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i dTúr Raghnaill, atá suite i bPort Láirge. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar an tír ar fad ar deireadh.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí