Imeacht na nIarlaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh, agus ghéilleadar do na Sasanaigh i 1603. Ba iad Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Domhnaill na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn Chogadh na Naoi mBliana. Sa bhliain 1607, sheol triúr Taoiseach Gaelach, Aodh Ó Néill, Ruairí Ó Domhnaill agus Cúchonnacht Mag Uidhir, amach as Cuan Suillí Móire chun na deoraíochta. D'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne áit a bhfuair sé bás. Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí róbhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte. Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go Loch Suilí i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. Tugtar Imeacht na nIarlaí ar an eachtra sin. Chuaigh siad as sin chun na Róimhe, áit a bhfuair Ó Néill bás i 1616. Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go háirithe i dtíortha Chaitlicigh na hEorpa, ar nós na Fraince agus na Spáinne.

Naisc[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]