Iúr Cinn Trá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iúr Cinn Trá
Newry
RedDot.png
NorthernIrelandDown.png
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
54.175556° N 6.349167° W
Daonra (2008) 29,946
Dífhostaithe 5.5% (aois 16-74)
Creideamh Caitlicigh 89.6%,
Protastúnaigh 9.4%
Comhairle Áitiúil An tIúr agus Múrna
Ceanntar Parlaiminte An tIúr agus Ard Mhacha
Ball Parlaiminte Connor Murphy (SF, 41.4%)
Contae Contae an Dúin / Contae Ard Mhacha
Cúige Ulaidh

Is é Iúr Cinn TráAn tIúr (Newry sa Bhéarla) an ceathrú cathair is mó i dTuaisceart Éireann de réir daonra, i ndiaidh Bhéal Feirste, Dhoire Choilm Cille agus Lios na gCearrbhach. Tá tuairim agus 28,000 duine ann (pobal an tSrutháin san áireamh). I ndeisceart Chontae an Dúin/Chontae Ard Mhacha atá sé, agus é timpeall 40 míle ó Bhéal Feirste agus 60 míle ó Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.

Bhronn Muirechertach Mac Lochlainn, Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar na Cistéirsigh le ChairtDonatio, rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le Mael Maedoc, Easpag Ard Mhacha. Tá an chaipéis seo ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.

D'fhás Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain 1742 nuair a nascadh é le Loch nEathach tríd an gcéad chanáil in Éirinn. I Mí Mhárta 2002 d'ainmnigh an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá mar chathair.

Áirítear Ardeaglais Chaitliceach Iúr Cinn Trá agus Halla na Cathrach ar mhórfhoirgnimh na cathrach. Tá iarsmalann agus ionad éalaíon ann freisin. Díol spéise é Halla an Bhaile mar gur tógadh é os cionn na habhann atá sa chrích ag Contae an Dúin agus ag Contae Ard Mhacha.

Cómhartha bóthair ar teacht isteach 'na bhaile do thiománaithe
Halla an Bhaile, Iúr Cinn Trá
Cearnóg Mharcais, Iúr Cinn Trá

Riarachán[athraigh | edit source]

Comhairle an Iúir agus Mhúrn freagrach as riarachán logánta an cheantair. Is iad Oifigí na Comhairle, Rae Mhuineacháin, príomhionad riaracháin na Comhairle. Tá na ranna a leanas lonnaithe ar Rae Mhuineacháin:

  • Roinn an Chléirigh
  • Riarachán
  • Airgeadas
  • Rialú Tógála
  • Sláinte Chomhshaoil

Lasmuigh den Rannóg Timpeallachta, tá na rannóga lonnaithe in Oifigí na Comhairle ar an mBruach Glas.

Stair[athraigh | edit source]

Caisleán Bagenal, Iúr Cinn Trá

Iúr Cinn Trá[athraigh | edit source]

Is é Naomh Pádraig an chéad duine a bhfuil iomrá air i scéal an Iúir de réir an tseanchais. Deirtear gurb eisean a chuir crann iúir ag ceann na trá i nGleann Rí, agus gur uaidh sin a tháinig ainm an bhaile.

Bunaíodh an Mhainistir Chistéirseach sa bhliain 1144. Fuair an Mhainistir cairt ó Mhuircheartach Mac Lochlainn, Ardrí Éireann, sa bhliain 1157, an t-aon chairt dá cineál a bhfuil cóip di ar marthain go dtí an lá inniu.

Teaghlach Bagenal[athraigh | edit source]

Scoireadh an Mhainistir sa bhliain 1545. Ghlac Nicholas Bagenal, an t-eachtránaí Sasanach, seilbh ar Theach an Aba, agus dhaingnigh sé an baile. I gceann tamaill rinneadh Marascal na hÉireann de. Ba chorrach é réimeas mhuintir Bagenal san Iúr i gcúrsaí cogaidh agus polaitíochta. Ghlac Conn Mag Aonghusa seilbh ar an bhaile sa bhliain 1641, ach ghéill sé don Choirnéal Venables, ceannasaí de chuid Chromail sa bhliain 1649. Loisc Diúc Bheirbhic an baile sa bhliain 1689 le linn Chogadh an Dá Rí. Fuair an duine deireanach de Mhuintir Bagenal bás sa bhliain 1712.

Atógáil an Bhaile san 18ú Céad[athraigh | edit source]

Ba é ceantar an Iúir an príomhbhealach isteach i gCúige Uladh, agus dá bhrí sin atógadh an bhaile.

Leag Iarla Hillsborough plean úr amach don bhaile, agus é ag tarraingt lár an bhaile síos ó na hardáin chun riasca an ghleanna. Ba í Sráid Hill cnámh droma an bhaile de réir an phlean seo agus trí chearnóg ann, ach sa deireadh níor tógadh ach dhá cheann, Cearnóg Margaret agus Cearnóg Marcus. Tá Páirc Cholmáin le fáil san áit a raibh an tríú cearnóg le tógáil. Tógadh tithe arda galánta ar Shráid Hill agus tithe stóir cois abhann agus ar chéanna na canála.

Canáil an Iúir[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1742 cuireadh canáil Loch nEathach i gcrích agus tháinig ráthúnas ar an Iúir de bharr díol agus ceannach earraí ó chúlchríocha leathana an bhaile. Tógadh foirgnimh bhreátha phríobháideacha, phoiblí agus thráchtala dá bharr agus cuid mhaith acu ann go fóill. Sa bhliain 1777 bhí an tIúr ar an gceathrú baile ba mhó in Éirinn. Bhí borradh faoi thionscal an lín agus bhí minearraí gloine agus gloine ghearrtha á ndéanamh ann. Bhí clódóirí ann agus clóbhualadh saothair le Voltaire, agus le Jean Rousseau.

Cúrsaí tionsclaíochta sa 19ú haois[athraigh | edit source]

Ísllú céime a thug an bóthar iarainn don bhaile. Laghdaigh trácht na canála go mór agus thug Béal Feirstr an báire léi i gcúrsaí tráchtála. Mar sin féin, rinneadh dul chun cinn: rinneadh longchanáil nua ó Dhuga Albert amach chun na farraige, rud a mheall ceannaithe guail. Le linn Chogadh Cathartha Mheiricea bhí ganntanas cadáis ar fud an domhain agus ba bheag an mhoill ar an Iúr agus ar an Sruthán dul i mbun líon a shníomh.

San 20ú Céad[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1881 bhí 15,590 duine ina gcónaí ar an Iúr, ach laghdaigh an daonra as sin amach anuas go dtí na seascaidí, rud a bhain le druideadh na canála, na muilte, an trambhealaigh agus an iarnróid. Ach i ndeireadh na 1970í cuireadh airgead isteach sa chumarsáid, in áiseanna shláinte agus san oideachas, rud a rinneadh beag beann ar na Trioblóidí agus a ghríosaigh daoine chun cuideachtaí nua idirnáisiúnta a chur ar bun ar nós Shaotharlann Norbrook agus Glen Dimplex.

Inniu[athraigh | edit source]

Tá an baile ag fás fós agus daonra 25,000 duine ann. Tá sráideanna nua-aimseartha ann, ionaid siopadóireachta agus óstáin. Tá na teicneolaíocht nua agus an treallús ag coinneáil na cathrach chun tosaigh i ngeilleagar na hÉireann.

Daoine[athraigh | edit source]

  • The Four of Us.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Spórt[athraigh | edit source]

Sacar[athraigh | edit source]

Newry City F.C. a imríonn ins na [The Showgrounds (Newry)|Showgrounds]].

CLG[athraigh | edit source]

Rugby Union[athraigh | edit source]

  • Newry RFC play their home games at Telford Park on the outskirts of the city.

Iompar[athraigh | edit source]

Daonáireamh 2001[athraigh | edit source]

Oideachas[athraigh | edit source]

Eaglaisí[athraigh | edit source]

Ard-Eaglais Phádraig agus Cholmáin, Iúr Cinn Trá

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]