Lios na gCearrbhach
| Lios na gCearrbhach Lisburn |
|
|---|---|
| Daonra (2001) | 71,465 |
| Dífhostaithe | 4.0% |
| Creideamh | Protastúnaigh 54.2%, Caitlicaigh 41.7% |
| Comhairle Áitiúil | Lios na gCearrbhach |
| Ceanntar Parlaiminte | Gleann na Lagáin |
| Ball Parlaiminte | Jeffrey Donaldson |
| Contae | Contae an Dúin / Contae Aontroma |
| Cúige | Ulaidh |
Is cathair í Lios na gCearrbhach ar an taobh thiar-theas de Bhéal Feirste i dTuaisceart Éireann. Tugtar Lisburn ar i mBéarla de ghnáth, ach úsáidtear an t-ainm Lisnagarvey uaireanta freisin in ainmneacha scoileanna agus clubanna spóirt. Rinneadh cathair de go hoifigiúil i 2002 mar chuid de cheiliúradh órga Bhanríon na Breataine. Tá sé suite ar dhá thaobh abhainn an Lagáin agus mar sin roinnte idir dhá chontae, An Dún agus Aontrom. Dar le daonáireamh 2001 bhí 71,465 duine i Lios na gCearrbhach. Cé gur tugadh stádas cathrach dó níl ann dáiríre ach baile mór tuaithe.
Bunaigh Louis Crommelin agus inimircigh eile Hugeunot an tionscal lín i Lios na gCearrbhach sa bhliain 1698 Tá iarsmalann lín ar fáil i seanteach an Mhargaidh i gcearnóg an Mhargaidh.
