Seán Ó Máirtín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Méara na cathrach, an comhairleoir an tUasal John Feehan ag nochtadh phlaic chuimhneacháin i gcomhair Sheáin Uí Mháirtín agus Sheáin Mhistéil, ag 'Ivy Brook Lodge', Iúr Cinn Trá, ar an 5ú M.Fómhair 2009. Ba le Seán Mistéil an teach seo agus fuair seisean agus Ó Máirtín bás ann, go luath i ndiaidh a chéile)
Bhí Seán Ó Máirtín (Béarla: John Martin. 8 Meán Fómhair, 1812 - 29 Márta, 1875) ina náisiúnaí Éireannach. Ar dtús ba ghníomhaí míleatach é a thug tacaíocht do na heagraíochtaí Éire Óg (Béarla: Young Ireland) agus Aisghairm an Aontais (Béarla: Repeal). De réir a chéile, áfach, thug sé tacaíocht d'eagraíochtaí neamh-fhoréigneacha. D'oibrigh sé chun cearta a bhaint amach do na feirmeoirí tionónta agus é ina Fheisire Parlaiminte do Chontae na Mí. B'é Seán Ó Máirtín an chéad fheisire a bhain suíocháin amach do Léig an Rialtais Dúchais (Béarla: Home Rule League) i gContae na Mí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.