Loch Cuan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scrabo Tower, os cionn Baile Nua hArda

Loch Cuan thart fá 15 ciliméadar ó Bhéal Feirste, agus leathann sé ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann ag Port an Pheire, baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair Bhaile Loch Cuan. Os cionn Phort an Pheire, tá túr leathan cruinn ar bharr cnoic, agus radharc atá ar fheabhas as. Tá roinnt mhaith túr mar seo fud fad Aird Uladh.

Meastar go bhfuil 68 oileán ar fad ar an loch. Droimníní báite atá iontu. Síltear go bhfuil an loch seo ar cheann de na háiteanna is áille in Éirinn. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil. Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta. Déanann sé riaradh ar 24 oileán freisin, agus is féidir le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu. Eagraíonn maoir de chuid an Iontabhais cuid mhór siúlóidí agus turas thart fá Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar. Tugann na maoir eolas faoi shaol nádúrtha an locha le linn na dturas.

Bealach uisce an-tábhachtach ab ea Loch Cuan sa tséanam. Tháinig achan saghas inimircigh agus creachadóra agus coilínigh an treo. Bhí taistealaithe ansin ceithre mhíle bliain ó shin. Tháinig Críostaithe sa chúigiú haois, Naomh Pádraig ina measc. Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.

Deirtear gur bhunaigh Naomh Mochaoi an mhainistir darbh ainm Naondroim sa chúigiú haois, agus é faoi thionchar Naomh Pádraig. Bhí rath ar an mhainistir, agus tá na hiarsmaí ann go fóill. Tá sé ar oileán atá ainmnithe as Mochaoi agus tá cabhsa ann anois go dtí an mórthír. Ansin tháinig na Lochlannaigh, agus b'fhéidir gur iadsan a dhóigh oifigeach de chuid na mainistreach sin chun báis ina theach ag Naondroim. Tharla sé sin sa bhliain 976, de réir na nAnnála. Ba iad na Lochlannaigh a thug an t-ainm Strangford ar an loch - strang fjord atá i gceist, a chiallaíonn gaoth agus sruthanna láidre ann.

Tháinig na Normannaigh ina dhiaidh sin, ansin dream cumhachtach coilíneach eile ag tús an 17ú haois. Fuair siadsan greim láidir ar an áit, agus tá cuid dá sloinnte ag teaghlaigh áitiúla go fóill.