Séamus Ó Grianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann de na leabhartha ba cháiliúla a scríobhadh as Gaeilge riamh, mar atá, Cith Is Dealán. Dúirt Niall Ó Dónaill gurbh é "an leabhar ba ghreannmhaire" dár tháinig ó pheann "Mháire".

Scríbhneoir Gaeilge ó na Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ba ea Séamus Ó Grianna (1891-1969), nó "Máire".

A mhuintir[athraigh | edit source]

Ba dheartháracha leis an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna agus an seanchaí Seán Bán Mac Grianna. Breacadh cuid mhaith seanchais síos óna dheirfiúr Annie Bhán freisin. B'é Jim Fheidhlimí an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair, Feidhlimí Dhónaill Phroinsiais, ar an t-aon fhear amháin i Reann na Feirste arbh ainm dó Feidhlimí. Níl i gceist le "Ó Grianna" ach Gaelú ar shloinne oifigiúil a mhuintire, mar atá, Greene. De réir an taighde a rinne Seán Bán, b'é "Grenery" nó "Mac Grianra" an leagan ba chirte.

A shaol[athraigh | edit source]

Rugadh Séamus Ó Grianna i Rann na Feirste (Rinn na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 1891. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar an Lagán agus in Albain, agus b'ansin a casadh náisiúnaithe Éireannacha air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin Sheáin Mhistéil, ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.

Bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad, agus é in aghaidh an tSaorstáit. Ní raibh sé ag cur catha go díreach, áfach, nó bhí seisean agus a dheartháir, Seosamh, ag scríobh is ag stáitsiú drámaí beaga bolscaireachta mar chineál biblia pauperum le muintir na tuaithe a spreagadh chun Poblachtánachais. Tháinig na Saorstátairí ar a lorg go héasca, áfach, agus chaith siad an chuid ab fhearr den chogadh i mbraighdeánas. Tréimhse dhearóil ab ea é an phríosúnacht seo i saol Shéamuis Uí Ghrianna, agus níor chaith sé mórán dúthrachta le cur síos a thabhairt uirthi ina chuid scríbhinní.

Chaith Séamus seal ina eagarthóir ar mhíosachán Chonradh na Gaeilge, ach ó ba rud é nárbh aon ribín réidh é mar dhuine, tugadh bata is bóthar dó go luath. Is amhlaidh go raibh de nós aige bheith ag fáil lochta is ag caitheamh anuas ar na Gaeilgeoirí, ar chomh dona is a bhí a gcuid Gaeilge acu, ar chomh fannlag is a bhí a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan. Bhain na léitheoirí sult as a chuid eascainí tamall, ach nuair a bhí sé tar éis íde bhéil a thabhairt do gach aon duine a raibh céim ar bith aige i ngluaiseacht na teanga, bhí sé thar am aige malairt jab a tharraingt air féin.

Nuair a tháinig na Poblachtánaigh i gcumhacht, fuair Séamus Ó Grianna oifig gan chúram sa státseirbhís a chuir ar a chumas obair scríbhneoireachta a dhéanamh. Bhí sé in ann beagnach tríocha leabhar a chríochnú lena shaol, idir dhíolamaí gearrscéalta, úrscéalta agus dhírbheathaisnéis.

Bhí Séamus pósta, murab ionann agus a dheartháir. Is é an grá leatrom príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, rud a cheadaíonn don léitheoir a shíleadh go gcaithfidh sé nach raibh an t-ádh leis agus é ar lorg grá ina fhear óg dó. Nuair a fuair sé é féin in ospidéal agus é an dá scór d'aois cheana, thug sé taithneamh agus teasghrá do bhean óg a bhí ina banaltra ansin, agus b'é dea-dheireadh an scéil sin go ndeachaigh an brat pósta ar an dís acu.

Díol suntais é nach labhraíodh Séamus Ó Grianna focal Gaeilge lena bhean - bhí sise dall ar an teanga cibé scéal é - ná lena chlann. Mar is éasca a aithint ar a chuid leabhar dírbheathaisnéise, fuair sé é féin náirithe go hiomlán ina stócach beag dó, agus an múinteoir ag caitheamh anuas air is á bhualadh toisc é a bheith gan focal Béarla ina phluc. Is dealraitheach go ndeachaigh drochbhuille an chéad lá scoile go domhain i bhfeidhm air, agus náire na Gaeilge ag luí go searbh air. Nuair a tháinig sé i gcrann, d'fhoghlaim sé scoth an Bhéarla, agus é in ann an-ionsaí béil a dhéanamh sa teanga sin féin orthu siúd a shíl an dúrud díobh féin, cosúil le "lucht na veistí bána" (an mheánaicme uirbeach) agus lucht na n-ollscoileanna, ar ar thug sé congenital idiocy mumbling inanities in university robes ("amadáin chruthanta ag monamar baothchainte agus a gcuid róbaí ollscoile orthu").

Ní raibh Séamus ródhóchasach as todhchaí na Gaeilge riamh, agus é ag titim in umar an éadóchais ar fad de réir mar a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. D'fhág sé iontas, alltacht agus fearg ar lucht na Gaeilge, nuair a chuaigh sé leis an Language Freedom Movement, brúghrúpa frith-Ghaeilgeoireachta a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh as na scoileanna. Údar marana agus machnaimh do lucht na Gaeilge inniu féin go dtréigfeadh duine de mháistrí móra na Gaeilge an chúis ar dhóigh chomh suarach sin.

A shaothar[athraigh | edit source]

Is é an chéad saothar fada ficsin a tháinig ó pheann Shéamuis Uí Ghrianna ná an t-úrscéal sraithfhoilsithe Castar na Daoiní ar a Chéile is ní Chastar na Cnoic is na Sléibhte. Is iomaí locht is féidir a fháil ar an scéal seo nach bhfuil ann, go bunúsach, ach an chéad triail a bhain an scríbhneoir as ceird an úrscéalaí. Tá ceann de phríomh-mhóitífeanna an scríbhneora le haithint ar an saothar seo cheana féin, is é sin, an grá leatrom. D'fhéach an scríbhneoir le cur síos a thabhairt ar thimpeallacht na mac léinn agus na ndaoine léannta uirbeacha, agus siúd is nár éirigh leis ach go lagmheasartha, b'iarracht mheabhrach é le litríocht na Gaeilge a phósadh le saol na cathrach.

Na leabhair, idir úrscéalta agus ghearrscéalta, a d'fhoilsigh Séamus Ó Grianna ina dhiaidh sin, áfach, - an chuid is mó acu faoin ainm cleite "Máire", in ómós do sheanchaí clúiteach a bhólaí dúchais, Máire Chonnachtach - bhí siad dírithe ar chur síos a thabhairt ar nósanna Gaelacha na Gaeltachta. Is dócha go raibh scríbhneoireacht Shéamuis Uí Ghrianna ceaptha mar oideachas do na Gaeilgeoirí uirbeacha. Nó bhí Séamus, chomh maith lena dheartháir, riamh den tuairim gur sibhialtacht iomlán í sibhialtacht na nGael, agus, mar sin, níor leor an teanga a fhoghlaim gan an bhéasaíocht a fhoghlaim chomh maith a bhí fite fuaite leis an teanga.

Mar sin, ní bhíonn an plota ag feidhmiú i leabhar tipiciúil le Séamas Ó Grianna ach mar chineál leithscéal le Gaeilge shaibhir dhúchasach Thír Chonaill a chur ar fáil don léitheoir. Is é an scéal céanna a insíonn sé uair i ndiaidh uaire. Mar a dúirt "Peigí Rose", duine de scríbhneoirí comhaimseartha Ghaeilge Uladh, bhí cineál "siondróm Rocky II" ar "Mháire" mar údar. B'ionann bunstruchtúr an scéil ina lán leabhar leis, agus an scéal bunaithe ar an ngrá leatrom, nó, níos minicí fós, ar an ngrá nach n-admhaítear, toisc go bhfuil an buachaill agus an cailín róchúthail. Is féidir, freisin, go bhfuil an bochtanas ag teacht idir iad agus an cleamhnas. Ansin, fágann an Cogadh Cathartha nó an imirce scartha ó chéile iad, agus ní chasfar ar a chéile iad ach ag uaigh duine acu, nó nuair atá siad ró-aosta cheana le teas nua a chur sa seanphaisiún fuaraithe.

Is iad Caisleán Óir (imirce), Mo Dhá Róisín (is í Éire an dara Róisín, agus mar sin, is é an tírghrá a scarann an lánúin sa leabhar seo), agus Tairngreacht Mhiseoige na húrscéalta is clúití le Séamus Ó Grianna, ach d'fhoilsigh sé beagnach tríocha leabhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, agus dhá leabhar dírbheathaisnéise, mar atá, "Nuair a Bhí Mé Óg" agus "Saol Corrach".

Maidir leis an úrscéal Bean Ruadh de Dhálach, ceann de shaothair dheireanacha an scríbhneora, is féidir a rá go bhfuil sé as an ngnáth ar fad i measc a chuid úrscéalta. Dúirt Alan Titley ina mhórshaothar faoi na húrscéalta Gaeilge nach bhfuair an ceann seo a cheart riamh, ós rud é nach bhfuil gnáthlochtanna scríbhneoireachta "Mháire" ag baint leis ar aon nós, cé go bhfuil sé ag plé le gnáth-théamaí a chuid saothar, ar nós na himirce go Meiriceá, chinniúint dhosheachanta an duine, agus shaol na Gaeltachta fadó.

Tá cuid mhór de scríbhinní Mháire as cló, agus níl sé furasta teacht orthu. Thairis sin, bhí sé an-mhíshásta leis an gcaighdeán nua, agus ní cheadaíodh sé a chuid leabhar a fhoilsiú ach sa seanlitriú agus sa chló Ghaelach. Mar sin féin, tá, ar a laghad, Tairngreacht Mhiseoige, Nuair a Bhí Mé Óg, Saol Corrach, Caisleáin Óir, agus díolaim dá chuid gearrscéalta (a tháinig i gcló sa bhliain 1993 faoin teideal Cora na Cinniúna) ar fáil sa litriú nua. B'é Niall Ó Dónaill a réitigh na heagráin seo chun cló. I mbreis air sin, thosaigh Nollaig Mac Congail ag foilsiú sraith nua, Scríbhinní Mháire, i ndiaidh na bliana 2000. Tá an t-úrscéal úd Castar na Daoiní ar a Chéile... foilsithe an chéad uair faoi chlúdach leabhair sa chéad imleabhar den tsraith seo.

Litríocht le Séamus Ó Grianna[athraigh | edit source]

  • Caisleáin Óir. Cló Mercier, Baile Átha Cliath 1994 (úrscéal)
  • Castar na Daoine ar a Chéile. Scríbhinní Mháire 1. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal, altanna)
  • Cith is Dealán. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1994 (gearrscéalta)
  • Cora Cinniúna 1-2. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993 (gearrscéalta)
  • Cúl le Muir agus scéalta eile. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1961 (gearrscéalta)
  • Na Blianta Corracha. Scríbhinní Mháire 2. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003 (altanna) Na Rosa
  • Nuair a Bhí Mé Óg. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1986 (dírbheathaisnéis)
  • An Sean-Teach. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1968 (úrscéal)
  • Tairngreacht Mhiseoige. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal)

Litríocht faoi Shéamus Ó Grianna[athraigh | edit source]

  • HODGINS, Tom: Máire - an fear á léiriú féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2006
  • MAC CONGÁIL, Nollaig (eag.): Jonneen Khorduroy answers critics. Léachtaí Cuimhneacháin ar Shéamas Ó Grianna 'Máire'. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]