Rann na Feirste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rann na Feirste
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra () ~450
Airde: ~80m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is ceantar in iarthar Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann í Rann na Feirste (seanainm: "Ceann Dubhrann"; Béarla: "Ranafast" nó "Rinnafarset"). Tá sí suite san Rosann.

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na háite mar go bhfuil sí suite i gceantar Gaeltachta. Ar theacht an tsamhraidh chuile bhliain téann a lán scoláirí go dtí Coláiste Bhríde (Béarla: St. Brigid's College) chun Gaeilge a fhoghlaim agus craic a bhaint. Nuair a bhíonn siad ann, fanann siad le teaghlaigh áitiúla.

I measc mhuintir na háite a bhfuil clú agus cáil orthu, tá na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, agus ceoltóirí Skara Brae.

Tá tógáil ar siúl ar ionad pobail i Rann na Feirste faoi láthair.

Íomhánna [athraigh]