Cath Chionn tSáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An calafort i gCionn tSáile sa lá inniu.
An calafort i gCionn tSáile sa lá inniu.

Troideadh Cath Chionn tSáile i gCionn tSáile i gContae Chorcaí, sa bhliain 1601, nuair a bhuail airm Shasana na tiarnaí Gaelacha agus forsaí Spáinneach ar deireadh. Bhí an cath an-tábhachtach ó thaobh Cogadh na Naoi mBliana, agus freisin mar chuid den Cogadh Angla-Spáinneach (1585 -1604). Bhí an Bhanríon Eilís I ag iarraidh an tír a chuir faoi chois, ach throid na tiarnaí Gaelacha ina haighidh, go háirithe Aodh Ó Néill, Aodh Rua Ó Dónaill, agus Ó Suilleabháin.

Tháinig buaic an chogaidh seo ag Cionn tSáile, nuair a tháinig 3,400 saighdiúirí Spáinneacha faoi Don Juan de Aguila agus Don Diego Brochero, i dtír ag an mbaile ar an 2 Deireadh Fómhair, 1601. Thóg na Spáinnigh an baile ach, d'fhan siad ann, agus tar éis tamail bhí siad timpeallaithe ag na Sasanaigh. Bhí ar Eilís I Shasana|na thiarnaí tuaisceartach teach ó dheas chun buaileadh leo, rud a rinne siad go luaidh i ndiadh an t-eolas a fháil agus ar deireadh bhí airm na Sasnaigh tar eis a bheith timpeallaithe.

Ar an 24 Nollaig, bheartaigh siad ar na Sasanaigh a ionsaí. Bhí orthu siúil go bar Cnoc Ard Mháirtín, ag súil le chabhair ó na Spáinnigh. Ar an mbealach is dóigh, go raibh ceo ar an mbealach agus ní raibh Ó Dónaill in ann teacht ar an cnoc in am. Bhí Ó Néill ar bar an cnoc agus cheap sé gur fhéach na Sasnaigh réidh le troid (in ionad iontas a bheith orthu) agus cúlaigh sé thar 2 abhainn agus réitigh sé a chuid forsaí i tercios, níl sé cinnte chéard go díreach a tharla, ach is cósúil gur thánig na Sasnaigh orthu agus gur scaip marca na hÉireannaigh tar eis an dara ionsaigh. Níor chorraigh na Spáinnigh. Is cósúil nach raibh airm na hÉireannaigh smacht go leoir le troid faoin aer, agus nach raibh siad fiú tiomanta don troid.

Freisin, tá locht ar na Spáinnigh de bhárr; teach i dtír sa deisceart, fad is a bhí príomh airm na hÉireann sa tuaisceart, an brú a chuir siad ar na hÉireannaigh troi, in ionad fán go dtí go bhfuair aim na Sasnaigh bás de bhárr gálair agus ocras.

B'éigean dóibhsan teitheadh ina dhiaidh sin go dtí an Mór Roinn, rud a rinne siad, agus ar a dtugtar Imeacht na nIarlaí.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
I dteangacha eile