Aodh Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aodh Ó Néill
Iarla Thír Eoghain
Aodh Mór Uî Néill (anglicisé comme, Hugh The Great O'Neill).jpg
Dara hIarla Thír Eoghain
Réimeas 15871607
Dáta breithe 1550
Áit bhreithe Tír Eoghain
Dáta báis 20 Iúil, 1616
Áit bháis San Pietro in Montorio, an Róimh
Réamhtheachtaí Toirdhealbhach Luineach mac Neill Chonnalaigh Ó Néill
Comharba Anraí Ó Néill
Rítheaghlach Ó Néill

Rugadh Aodh Ó Néill (1540 - 20 Iúil, 1616), Iarla Thír Eoghain, i 1540. Mac a bhí ann leis an bhFeardorcha Ó Néill, fear a rabhthas in amhras faoina dhlisteanacht, ach a bhí aitheanta mar mhac ag Conn Bacach Ó Néill, an chéad duine a ainmníodh mar Iarla Thír Eoghain ag Rialtas na Breataine. Maraíodh an Feardorcha (nó Maitiú mar a thugtaí air chomh maith) agus na mic ba shine aige sa chogaíocht leanúnach a bhí idir Seán Ó Néill (Seán Donnaighleach), agus a ghaolta. Rinneadh Barún Dhún Geanainn d'Aodh sa bhliain 1562. Chaith sé cuid mhaith dá óige le muintir Hoveneden sa Pháil, ach d'fhill sé ar Chúige Uladh sa bhliain 1567, tar éis do Sheán bás a fháil. Bhí an-mheas ar a intleacht ó thús, ach níor léir riamh go raibh tuairimí láidre creidimh aige.

Chabhraigh sé leis an tiarna Essex tailte Chlann Aodha Buí a scrios i 1574, agus chuidigh sé le hIarla Urmhumhan tailte na nGearaltach a bhánú i 1580. Bhí suíochán tiarna aige i bParlaimint Perrot i 1585 agus bhí sé i bpáirt le Perrot sa bhfeachtas in aghaidh na nAlbanach i gCúige Uladh. Mar gheall ar a dhílseacht do rialtas Shasana rinneadh Iarla Thír Eoghain de agus ghlac sé seilbh ar na tailte uile a bhí ag a sheanathair. Ach bhí deacrachtaí aige le dlíthe Shasana a chur i bhfeidhm cé gur thug sé geallúintí go leor go raibh a dhícheall á dhéanamh aige.

Pósadh Achrannach[athraigh | edit source]

Aodh Ó Néill

Rinne sé namhaid de Marshall Bagnal nuair a phós sé deirfiúr an fhir sin in ainneoin go raibh bean chéile aige cheana féin. Ag an am sin, 1594 bhí na tiarnaí Gaelacha eile i gCúige Uladh ag éirí amach in aghaidh Shasana - Ó Domhnaill, Mag Uidhir agus Mac Mathúna, agus chuaigh deartháir Aoidh i bpáirt leis na ceannaircigh. Cuireadh i leith Uí Néill go raibh comhghuaillíocht bunaithe aige le Rí na Spáinne agus leis an bPápa agus go raibh teideal Gaelach, "Ó Néill" á úsáid aige. D'ordaigh a Bhanríon é a ghabháil ach d'éalaigh sé as Baile Átha Cliath go Tír Eoghain agus i 1595 d'éirigh sé amach go hoscailte in aghaidh na Sasanach. Bhí arm maith curtha le chéile le tamall aige, agus neart armlóin acu, agus ba cheannaire míleata an-éifeachtach é. Chloígh sé arm Sasanach ag Cluain Tiobraid, ach lean sé air ag maíomh go raibh sé dílis don Bhanríon agus go raibh síocháin uaidh. D'éiligh sé saoirse do Chaitlicigh Uladh, ach diúltaíodh dó agus thosaigh an chogaíocht arís i 1597. Rinne Bagnal ionradh ar Chúige Uladh le cúig mhíle fear ach bhuaigh Ó Néill an cath a troideadh ag Béal an Átha Buí.

Robert Devereux, Mountjoy agus Carew[athraigh | edit source]

Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois. Mar sin, nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach. Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan agus bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.

Géilleadh agus Teitheadh[athraigh | edit source]

Ghéill Ó Néill faoi dheireadh nuair a gealladh pardún dó i 1603, ach cé gur bronnadh a chuid tailte ar ais air, bhí fiach leanúnach ar bun ag seirbhísigh agus ag 'adventurers' Sasanacha ar a chuid tailte féin agus ar thailte a chomhghleacaithe, féachaint lena theideal orthu a leagan. Mar gheall ar an ngéarleanúint a lean ar aghaidh, agus ar an gcontúirt go gcuirfí tréas fós ina leith, bheartaigh sé féin agus na taoisigh eile a bhí fágtha imeacht chun na Mór-Roinne ag iarraidh cabhair ar an Spáinn. Tugtar Teitheadh nó Imeacht na nIarlaí ar a n-imeacht. Thug long Bhriotánach go calafort le Havre iad agus chuaigh Ó Néill as sin go dtí Coláiste Naomh Antaine i Lováin san Ísiltír Spáinneach, agus as sin chun na Róimhe. Tharla go raibh conradh síochána sínithe idir an Spáinn agus Sasana níor theastaigh ó Rí na Spáinne é a ligean ar thalamh na Spainne, ach chuir an Pápa fáilte roimhe féin agus a theaghlach agus chuir sé faoi sa Róimh go dtí gur éag sé ann i 1616. I gcaitheamh an ama sin níos stop sé ach ag iarraidh cabhair a fháil ón Spáinn le hionradh a dhéanamh ar Éirinn, nó ag iarraidh teacht ar réiteach le Rí Shasana. Cuireadh sa chathair chéanna é, san eaglais San Pietro in Montorio atá suite sa cheantar Trastevere sa Róimh. Is éard atá scríofa ar a thuama ná "Hugonis Principis Onelli".

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Cé gur theip ar Aodh Ó Neill smacht Shasana ar an tír a bhriseadh, chuaigh an iarracht mhór a rinne sé i gcionn go mór ar Éireannaigh ó shin. Ní hé amháin gur éirigh leis na Gaeil a bhí in árach a chéile i gCúige Uladh a aontú, agus gur éirigh leis tacaíocht forleathan a bhaint amach i measc Gaeil taobh amuigh de Chúige Uladh, agus tá sé suntasach gurb é an ceannaire polaitiúil Gaelach é is túisce a bhris leis an tseantuiscint chiníoch ar Ghaeil agus a rinne iarracht Éireannaigh den uile shinsear a aontú ar bhonn creidimh. Gan é, is deacair a shamhlú go nascfaí Caitlicigh agus Gaeil díshealbhaithe mar a tharla sa chéad leath den 17ú haois i bhFlóndras agus in Éirinn.


Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Ninew Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
  • Cyril Falls, Elizabeth's Irish Wars, Constable 1997
  • S. G. Ellis, Ireland in the Age of the Tudors, Londain 1998