Cathal Ó Searcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathal Ó Searcaigh

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge is ea Cathal Ó Searcaigh a rugadh i gCloch Cheannfhaola i dTír Chonaill sa bhliain 1956.

Saol[athraigh | edit source]

Óige[athraigh | edit source]

As Mín na Leagha i nGaeltacht Thír Chonaill don Searcach. I gCaiseal na gCorr a fuair sé a chuid oideachais bunscoile ach níor thaitin an scoil leis:

"Cha deachaigh Caiseal na gCorr i bhfeidhm orm ar chor ar bith. Bhí fuinneogaí ar an scoil sin ach ní raibh solas ar bith ag teacht fríd na fuinneogaí sin. Scoil iontach brúidiúil ar fad a bhí inti, ón tús go dtí an deireadh."

Thaitin a mheánscoil leo, áfach, cé gur fhreastail se ar cheardscoil i nGort an Choirce seachas an scoil níos mheasúla ar an Fhál Carrach:

"Na "rejects" ar fad a chuaigh go dtí an cheardscoil den chuid is mó, sin mar a chonacthas an ceardoideachas do dhaoine in Éirinn. Bhí an bhéim ar fad ar an acadúlacht."

Agus a mheánscolaíocht críochnaithe chaith an Searcach bliain ag plé leis an Staidéar Eorpach san NIHE i Luimneach, mar a thugtaí ar Ollscoil Luimnigh. Ach bhí sé mar chuspóir ag an chúrsa "feidhmeannaigh a chur ar fáil don Eoraip úr agus ní raibh spéis ar bith agamsa a bheith i m'fheidhmeannach". Mar sin, d'fhág sé Luimneach.

Chuaigh sé go Londain ansin, agus chaith sé bliain amháin ag léamh leabhar agus ag obair i mbeár, The Ox and the Gate.

D'éirigh leis scoláireacht a fháil go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad ansin agus rinne sé staidéar a ar an Ghaeilge agus ar an Bhéarla. Deir sé, áfach, gur chaill sé tromlach na ranganna i rith na bliana a chaith sé ann agus gur chaith sé tromlach a chuid ama sa leabharlann ag léamh leabhar.

Chuir sé dánta isteach ar chomórtas Ghael-Linn, Slógadh, foilsíodh dhá leabhar. Tháinig an chéad cheann amach sa bhliain 1975, Miontragóid Cathrach, ach anois deir sé faoi:

"Níl tragóid ar bith in sa leabhar sin ach gur foilsíodh é. Am ar bith a fheicim anois é, goidim é má thig liom."

Foilsíodh a dhara cnuasach, Tuirlingt, sa bhliain 1978 nuair a bhí sé ina mhac léinn i Maigh Nuad ach níl sé sásta leis an leabhar seo ach oiread anois. Léigh sé go leor filíochta agus ceapann sé gur tháinig forbairt mhór ar a chuid scríbhneoireachta idir 1978 agus 1983 nuair a foilsíodh Súile Shuibhne.

Láithreoir teilifíse[athraigh | edit source]

Thosaigh Ó Searcaigh ag obair mar láithreoir ar chlár teilifise a léirigh an ceoltóir Tony McMahon do RTÉ, "Aisling Gheal". Clár ealaíon a bhí ann a bhain tábhacht nach beag leis, dar leis an Searcach.

"Tuigeadh do Tony go raibh go leor ealaíontóirí amuigh ansin, amhránaithe ar an tsean-nós go háirithe, nár tugadh deis riamh daofa a bheith ar an teilifís agus nach mbeadh taifead ar bith daofa ann. Bhí an deis seo aige scannánaíocht a dhéanamh orthu."

Mar shampla rinneadh cláracha ar an amhránaí Darach Ó Catháin agus ar Chaitlín Maude, an t-aon taifead teilifíse de cheachtar den bheirt sin a mhaireann sa lá atá inniu ann.

Scríbhneoir[athraigh | edit source]

Bhearthaigh Ó Searcaigh ar dhíriú isteach ar an scríbhneoireacht, áfach. D'éírigh leis spárantacht a fháíl ón Chomhairle Ealaíon agus thosaigh sé ag léamh a shaothair go poiblí freisin. Toradh roinnt blianta oibre ba ea an cnuasach Súile Shuibhne.

D'fhoilsigh Coiscéim cnuasach amháin eile dá chuid, Suibhne, le Coiscéim ach ansin bhog sé go dtí comhlacht nua, Cló Iar-Chonnachta, a bhunaigh Micheál Ó Conghaile i lár na 1980í.

"Taitníonn Micheál go mór liom. Tá sé iontach séimh agus iontach ionraice sa dóigh a mbíonn sé ag déileáil le scríbhneoirí. Liomsa go háirithe. Is maith liom an ghairmiúlacht a bhaineann le Cló Iar-Chonnachta. Téann Micheál chuig aontaí leabhar thart ar an tsaol; bíonn sé in Frankfurt, bíonn sé i Nua-Eabhrac, rud nár tharla riamh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge."
'An Bealach 'na Bhaile', Caiséad CIC L07, Cló Iar-Chonnachta Teo, 1991

Ba é An Bealach 'na Bhaile an chéad leabhar dá chuid a d'fhoilsigh an comhlacht.

Tá cónaí air gar don Earagail. Tá sé aerach. Taitníonn an sacar agus an rothaíocht go mór leis agus cara leis is ea an rothaí Nicolas Roche.[1]

Ba scríbhneoir cónaithe é in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin chaith sé sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh sa bhliain 1996. Ceapadh é mar bhall d'Aos Dána sa bhliain sin. Tugtar suim airgid dó gach bliain anois, a thugann saoirse dó a bheith ag scríobh. Is iomaí cuireadh a fhaigheann sé a shaothar a léamh ar fud na tíre agus thar lear agus seo foinse eile ioncaim dó.

Neipeal[athraigh | edit source]

Taitníonn Neipeal go mór le Cathal Ó Searcaigh. Chuaigh sé ansin ar dtús le clár teilifíse, Cuairt na Cruinne, a dhéanamh le Dermot Somers agus d'fhill sé ar an tír an bhliain dár gcionn ina aonar.

"Thug sé cuireadh domhsa dul go Neipeal agus tabhairt faoi shliabh idir Neipeal agus an Tibéid. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Neipeal i bhfeidhm go mór orm - ní dreapadh an tsléibhe, ach na daoine. Mhothaigh mé bá agus beann leo, agus ba léir domh go raibh mé ar mo shuaimhneas ina measc."

Caitheann ó Searcaigh cuid mhaith ama sa tír sin gach bliain. Tá mac uchtaithe aige ann, Prem Timalsina, agus tá garmhac aige, Prashant (mac Prem) a bhfuil dánta scríofa aige faoi: mar shampla, Gúrú i gClúidíní.

Conspóid Neipeal[athraigh | edit source]

D'fhoilsigh Cló Iar-Connachta a chéad phíosa próis, Seal i Neipeal, i 2004, ar tuairisc é ar a thréimhse i Neipeal. Chabhraigh Ó Searcaigh íoc as oideachas roinnt buachaillí i Neipeal, agus tá mac uchtaithe ón tír seo aige. In 2008, thug an clár faisnéise ar a obair charthanach, Fairytale of Kathmandu, léargas suaiteach ar an bhfile.[2] Líomhain an léiritheoir, Neasa Ní Chianáin, go bhfacthas roinnt de na buachaillí ar thug sé cabhair airgid dóibh ag dul chuig a sheomra óstáin, agus chuir sí ina leith go raibh sé á mealladh le bronntanais. Dúirt sí go raibh aois toilithe sroichte ag na buachaillí ach d'aithin sí an "éagothroime chumhachta idir buachaill bocht ó Neipeal agus Iartharach a bhí saibhir i gcomparáid leis". Chuir sí roinnt de na buachaillí faoi agallamh a líomhain go raibh comhriachtain ag an Searcach leo.

Sa chéad agallamh a cuireadh air i ndiaidh na conspóide (Áine Ni Churráin, Raidío na Gaeltachta), dúirt sé:

"Tá athrú iomlán ar mo shaol de bharr an scannáin faisnéise seo atá déanta mar gheall orm . Tá mé sa duibheagán agus ní iontas ar bith sin ón méid atá ráite orm, an mícliú atá tarnaithe orm, an dóigh go bhfuil smál ar m'ainm i láthair na huaire, cuireann sé as go mor orm. Ach mar sin féin agus tú ins an duibheagán tá dóchas i gcónaí. Cuimhním go minic na laethanta seo ar Oscar Wilde a chuaigh fríd an chineál seo cruachais fosta ina am féin agus a dúirt "Táimid ar fad sa chlábar ach tá cuid againn ag amharc ar na réaltóga" agus tugann sin misneach domhsa, bheith ag amharc as an duibheagán ar na réaltóga sin."

Dar leis, tá agus beihd tionchar nach beag ag an gconspóid seo ar a shaol:

"Tá sé deacair glacadh leis. Agus tá tionchar aige ar mo shaol, anois, agus beidh tionchar aige ar mo shaol san am atá le theacht. Tá sé deacair sin a ghlanadh ar shiúl. Ní hamháin sin ach mo shlí bheatha féin, slí bheatha atá ann atá i mbeal a phobail, cá bith airgead a shaothraímse, go saothraím é ag tabhairt léachtaí agus léitheoirachta poiblí. Beidh sé iontach deacair leanúint ar aghaidh leis sin."

Deir sé nar thuig sé céard a bheadh i gceist leis an scannán agus nach raibh sé féaráilt:, "Tharla sé sin taobh amuigh domh, thug mé cuireadh do dhaoine scannán a dhéanamh ar mo shaol agus tugtar léiriú atá iontach mí-chothrom orm agus dá bharr sin cothaítear an scannail seo ar fad agus tá an scannail sin ag méadú agus ag gabháil ar aghaidh, agus mo chairde i Nepal tarraingthe isteach ann agus cuireann sé sin as domh go mór - an dochar atá déanta daofa-san, an dochar atá déanta do dhaoine aonaracha agus do thaghlaigh"

Bhí comhartha ceiste faoina chuid dánta ar churaclam na hArdteistiméireachta (Níl Aon Ní agus Maigdiléana) fiú amháin.[3]

Bhí agallamh le cur air ar The Late Late Show ar an 6 Feabhra 2009.[4] Dar le dlíodóirí RTÉ, níor cheart agallamh beo a chur air, ach ní raibh Ó Searcaigh sásta leis sin agus cealaíodh an clár.[4]

Ar an 7 Feabhra 2009, chuir Dermod Moore ón iris Hot Press agallamh cuimsitheach faoin gconspóid air i mBéarla, a foilsíodh ar an 12 Feabhra 2009. [5] Chuir Seosamh Mac Muirí agallamh i nGaeilge air a foilsíodh ar www.beo.ie i mí Iúil 2009.[6] Theastaigh ón iriseoir seal staidéir a ghlacadh ar ghnéithe den scannán chonspóideach a rinne an comhlacht Vinegar Hill air agus le roinnt ceisteanna a chur air fá dtaobh de. Ar caitheadh go dona leis, ar caitheadh go dona lena chairde i Neipeal agus cad é a mhothaíonn sé fá dtaobh den racán sna meáin a d’eascair as an scannán a craoladh ar RTÉ?.[7]

Saothar[athraigh | edit source]

Is iad an t-anghrá homaighnéasach agus meon an fhánaí príomhthéamaí a chuid scríbhneoireachta.

Ceapann sé go raibh béim ar a homaighnéasachas i gceist ina chuid filíochta ó na blianta tosaigh ar aghaidh ach nár tugadh faoi deara é ar dtús.

"Ní raibh sé doiligh a theacht amach. Bhí orm a bheith cúramach de bharr gaol láidir a bhí agam le duine ínteacht áitiúil. Bhí orm eisean agus mé féin a chosaint. Bhí a fhios ag cairde de mo chuid ach ní raibh a fhios ag an phobal i gcoitinne. Nuair a tháinig críoch leis an chaidreamh sin, bhí deis agam labhairt amach".
""Tá an t-ádh orm a bheith beo san am ina bhfuil mé beo mar go bhfuil glacadh le daoine aeracha agus tá siad le feiceáil mar role models. Roimhe seo, ní fheicfeá duine aerach ar an teilifís, ní chluinfeá duine aerach ag caint ar an raidió. Síleadh do dhaoine agus iad ag éirí aníos roimhe seo nach raibh duine ar bith aerach ach iad féin."

Dar leis,

""Tá an dearcadh ann gur teanga bheannaithe an Ghaeilge, gur teanga mhaighdeanúil í agus nach bhfuil cead ag scríbhneoir ar bith casadh úr a bhaint aisti ar an dóigh sin. Amannta, castar daoine orm agus deir siad, 'An dtig leat scríobh faoi chúrsaí gnéis i nGaeilge?' Tá an dearcadh sin acu. Tá sé iontach soineanta. Tá teanga na Gaeilge iontach gáirsiúil agus graosta ach tá teanga ar bith mar sin. Tá sin mar ghné thábhachtach de theanga ar bith."

Is iad na díolamaí filíochta a thuill a chlú dó ar dtús, cosúil le Homecoming - An Bealach 'na Bhaile agus Na Buachaillí Bána.

An teideal a bhí ar a chéad chnuasach aonaoir ná Miontraigéide cathrach agus dánta eile (Baile Átha Cliath, Cló Uí Chuirrín, 1975) agus foilsíodh dánta leis sa chnuasach Túirlingt (BÁC: Carbad, 1978): bhí sé féin agus Gabriel Rosenstock ina gcomhúdair air. An chéad chnuasach aonair uaidh ná Súile Shuibhne (BÁC: Coiscéim, 1983) agus sa bhliain 1987 foilsíodh Suibhne (BÁC: Coiscéim, 1987). Foilsíodh An bealach ‘na bhaile i nGaeilge amháin ar dtús (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1991) mar phacáiste leabhar agus caiséad ach tháinig leagan dátheangach de amach faoin teideal Homecoming / An bealach 'na bhaile (Gaillimh: Cló Iar-Chonnachta, 1993) ina bhfuil aiste léirmhínithe le Lillis Ó Laoire.

Bailiúchán de dhánta faoin ngrá aerach is ea Na buachaillí bána (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta 1996). Foilsíodh leagan dátheangach den ábhar seo, Out in the open (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1997): ba é Frankie Sewell a rinne na haistriúcháin go Béarla.

Tá a dhánta bailithe le chéile i gcnuasach amháin, Ag tnúth leis an tSolas 1975-2000 (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2001), a bhain duais The Irish Times don litríocht sa Ghaeilge. Foilsíodh Gúrú i gClúidíní sa bhliain 2006.

Sa bhliain 2003, foilsíodh a chéad shaothar próis,leabhar taistil dar teideal Seal i Neipeal (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2003). Tá drámaí scríofa aige freisin, mar shampla, Mairimid leis na Mistéirí, Tá an Tóin at Titim as an tSaol agus 'Oíche Dhrochghealaí' (scéal Salomé agus Eoin Bhaiste).

Aistríodh a lán dá shaothar go Danmhairgis, Béarla, Briotáinis, Gearmáinis agus Fraincis.

Duaiseanna[athraigh | edit source]

Tá sé ina bhall d'Aosdána. Bronnadh Duais Sheáin Uí Ríordáin air sa bhliain 1993, agus Duais Bhord na Gaeilge sa bhliain 1995. Sa bhliain 2006 bhuaigh sé duais litríochta The American Ireland Fund.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Pierce, David (2000). "Irish Writing in the Twentieth Century: A Reader". Cork University Press. 
  2. Neasa Ní Chianaín. "Fairytale of Kathmandu web site". Vinegar Hill Productions.
  3. http://www.rte.ie/news/2008/0220/osearcaigh.html "Ó Searcaigh poems may be taken off curriculum"
  4. 4.0 4.1 Poet Ó Searcaigh cancels Late Late appearance, The Irish Times, 6 Feabhra 2009
  5. Dermod Moore. "The Case for the Defence". Hot Press.
  6. http://www.beo.ie/?page=agallamh_beo&content_id=907
  7. http://www.beo.ie/?page=agallamh_beo&content_id=907

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]