Sliabh Dónairt
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Sliabh Dónairt | |
|---|---|
Radharc ón tuaisceart |
|
| Airde | 849 m |
| Ceantar | Contae an Dúin, Cúige Uladh |
| Sliabhraon | Na Beanna Boirche |
| Comhordanáidí | 54.179° N 5.919° W |
| Cineál | Marilyn, Hewitt |
Sliabh in oir-thuaisceart na hÉireann is ea é Sliabh Dónairt, i gContae an Dúin, Cúige Uladh. Tá sé 849 m in airde agus é ag seasamh beagnach cois na farraige, ar imeall shliabhraon na mBeanna Bóirce.
Tá an Caisleán Nua, baile beag cois trá, suite taobh ó thuaidh faoi. Is féidir radharcanna a fháil, a fhad le Bhéal Feirste, atá 30 míle níos faide ó thuaidh, óna bharr. Tá sé éasca an sliabh a dhreapadh mar tá cosán leagtha síos do chuairteoirí.
Is dócha gurb é an gné is suntasaí faoin sliabh seo ná a bhalla cloiche, sé sin 'Balla an Mhúrn', a síneann amach ar a ghualainn deisceartacha agus iartharacha.