Toraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Oileán ar chósta na hÉireann is ea Toraigh. Tá Toraigh ar cheann de cheithre oileán amach ó chósta Dhún na nGall ar a mbíonn daoine ina gcónaí i rith na bliana - is iad Árainn Mhór, Inis Fraoch agus Oileán Ruaidh na hoileáin eile. Gaeilge is mó a labhraítear ar an oileán agus tá canúint shainiúil dá chuid féin aige.

Stair[athraigh | edit source]

Deirtear gurbh i dToraigh a bhí cónaí ar Rí na bhFomórach, Balar dar leis an mhiotaseolaíocht, agus is iomaí tagairt a dhéantar dó féin agus do Lugh Lámhfhada i mbéaloideas Thír Chonaill. Luaitear Colm Cille leis an oileán fosta.

An t-oileán sa lá atá inniu ann[athraigh | edit source]

Tá an t-oileán timpeall 5km ar fhad agus 1km ar leithead, agus tá cónaí ar thimpeall is 180 duine ann.[1] Ceithre shráidbhaile atá ann: An Baile Thoir, An Baile Thiar, An Lár agus Úrbhaile, ach is iad an Baile Thiar agus an Baile Thoir na príomhbhailte. Is sa Bhaile Thiar atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir an oileáin agus is ann atá an bhunscoil agus an mheánscoil, an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an t-óstán, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn suite.

Ó chaith an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill seal ar Thoraigh tá scaifte ealaíontóirí clúiteacha de chuid an oileáin féin tagtha ar an bhfód.

Is é Tor Mór an pointe is airde ar Thoraigh agus is cosúil gur air atá ainm an oileáin bunaithe. Ar nós oileán eile ar chósta na hÉireann (An Blascaod mar shampla) bhí agus tá a rí féin tofa ag muintir Thoraigh. Is é Patsaí Dan Mac Ruairí an rí faoi láthair.

Is minic a bhíonn an t-oileán scartha ó thír mór le linn stoirmeacha an gheimhridh mar nach bhfuil aerfort ar bith ann, ach tá seirbhís fharantóireachta ag freastal air as cósta Thír Chonaill. Tá iarsmaí stairiúla agus seandálaíochta ar Thoraigh agus méadú ag teacht ar thionscal na turasóireachta. Ba ar an iascaireacht a mhair na daoine ó thús ama, agus gliomaigh agus crúbóga is mó a dhéanann airgead do na hiascairí.

Litríocht agus amhránaíocht[athraigh | edit source]

Scríobh an tAthair Eoghan Ó Colm leabhar bunaithe ar a sheal san oileán, Toraigh na dTonn inar bhfuil cur síos ar sheanchas agus ar shlí bheatha na ndaoine. Bhailigh Coslett Ó Cuinn sagart de chuid Eaglais na hÉireann, béaloideas ar an oileán, agus bhí tóir ag Clannad ar na hamhráin, mar atá ag Lillis Ó Laoire.

Is seanamhrán ó Chontae Dhún na nGall é Báidín Fheilimí, agus is é is ábhar don amhrán ná an dóigh ar briseadh bád beag in Oileán Thoraí.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]