Clannad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaClannad
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1970, Gaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Noel Duggan agus Pádraig Duggan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1970 –
Lipéad ceoilBertelsmann Music Group Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol na hAoise Nua Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinclannad.ie →  (2009) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0163395 Facebook: ClannadMusic Twitter: ClannadMusic Instagram: clannadband Youtube: UCPQtpy-lNJ6WjICAyUO-n6w Spotify: 0BkAYxgwF9VQiid4wI07yJ iTunes: 509002 Last fm: Clannad Musicbrainz: d45641da-371c-430e-8907-6086590ab282 Songkick: 226055 Discogs: 39573 Allmusic: mn0000781732 Deezer: 3643 Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa ceoil as Gaoth Dobhair i nDún na nGall, Éire, is ea Clannad. Aithnítear Clannad ar an gcéad mhórghrúpa ceoil a chuir an Ghaeilge i lár an aonaigh sa 20ú haois.[1]

Thaisteal siad ar fud na hEorpa sna 1970idí lena gcuid ceol traidisiúnta agus thuill siad clú domhanda leis an cheirnín Gaeilge "Theme From Harry's Game" in 1982.[2] Tá gradam Grammy, Meteor, BAFTA, Billboard agus Ivor Novello buaite acu agus níos mó ná 15 milliún ceirnín díolta acu idir 1970-2011.[3]

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baill Chlannad go léir gaolta lena chéileː[4]

  • Máire Brennan: guth agus an chruit.
  • Pól Brenann: an fheadóg mhór, giotár, guth agus cnaguirlisí
  • Ciaran Brennann: dord agus méarchlár.
  • Pádraig Duggan (d'éag 2016): giotár agus maindilín
  • Noel Duggan (d'éag 2022): giotár agus guth.
  • Eithne Brennan, Eithne Ní BhraonáinEnya, an deirfiúr níos óige: Bhí sí sa ghrúpa ó 1982 – 1983 (méarchláraí agus cúlamhránaí) ach d‟fhág sí an grúpa chun casadh ina haonair.

Ba iad na deartháireacha Ciarán agus Pól Ó Braonáin, agus beirt uncail leo, Noel agus Pádraig Ó Dugáin, a bhí sa ghrúpa ar dtús, agus Máire Ní Bhraonáin, deirfiúr le Ciarán agus Pól.

'Sé Clann as Dóbhair foinse ainm an ghrúpa. Clannad a tugadh ar an ngrúpa ceoil as Dobhar i nGaoth Dobhair i dtús na 70idí de bhrí gur de dhá chlann iad de chlann ceoil Uí Dhúgáin i nDobhar,[5]

Ón tús chas Clannad saothair thraidisiúnta Ghaelacha le tionlacan fuaimíochta agus uirlisí traidisiúnta. Chan siad as Gaeilge. Bhailigh siad seanleaganacha amhrán óna dteaghlach, óna gcomharsana agus ó na hoileánaigh i nDún na nGall. Bhí cóirithe nua-aimseartha le harmóin acu.

Chuaigh snagcheol i bhfeidhm orthu. Sna 1980idí, thosaigh an grúpa ag baint úsáide as fuaimeanna sintéiseacha.

Tábhairne Leo
An dara albam a d'eisigh Clannad, Clannad 2.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac na baill páirt i gcomórtais Slógadh don óige sa bhliain 1970 agus cuireadh dhá rian dá gcuid ar chéirnín speisialta a cuireadh amach mar chomóradh ar an bhféile sin: amhrán dá gcuid féin 'Lisa', agus an t-amhrán traidisiúnta 'Thíos Cois na Trá'.[6][7]

Meascadh ceol Gaelach, snagcheol agus stíleanna eile chun stíl dá gcuid féin a chumadh. Bhí traidisiún an cheoil ag muintir Uí Bhraonáin agus Uí Dhúgáin, mar go raibh Leo Brennan ina cheoltóir le seobhanna, agus a bhean Máire 'Baba' Ní Dhugáin ina múinteoir ceoil.

Eisíodh an chéad albam i 1973 agus chaith an grúpa na blianta ag taisteal ar fud na hÉireann agus na hEorpa.

Ciarán Brennan, Moya Brennan, Noel Duggan, Pól Brennan
Moya Brennan, 2013

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus lena gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil.

Thug siad a chéad turas le Clannad ar Mheiriceá sa mbliain 1979 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin thug siad an sintéiseoir isteach sa ngrúpa, rud a spreag an t-ainm don chéad albam eile Fuaim.[5]

Rath domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba i 1982 a bhain siad cáil idirnáisiúnta amach leis an bport "Theme From Harry's Game". Ba iad an lipéad ceoil RCA a d’eisigh ‘Theme From Harry’s Game’ mar shingil. Ní raibh aon siúl leis an rath a bhain an rian amach, ná an lorg a d’fhágfadh sé.[8]

Ba eagrán stairiúil é an Top of the Pops a craoladh ar an 11 Samhain 1982. Ba iad Clannad an t-aon bhanna a chan i nGaeilge ar Top of the Pops riamh

Nuair a d'éirigh go maith leo i gcairteanna na Breataine, tháinig tús le Clannad mar ghrúpa ceoil domhanda. Mar gheall ar rath an amhráin seo bhain siad duais mór Ivor Novello.

Agus in 1984 rinne Clannad an ceol fá choinne sraith Robin Hood de chuid an BBC, d'eisigh siad an t-albam Legend. Dá bharr seo, bhain siad BAFTA, ba iad an chéad grúpa Éireannach a bhain a leithéid.

I 1985 tháinig ceirnín fíor-rathúil eile, Macalla. Ba seo ceann de na ceirníní is mó a d'eisigh an grúpa, d'éirigh go maith leis na hamhráin "Closer To Your Heart" agus "Almost Seems (Too Late To Turn)". Ach ba é an t-amhrán a cheoil siad le Bono an t-amhrán ba cháiliúla: rinne "In A Lifetime" go maith ar fud na cruinne.

Lean Clannad ar aghaidh ag déanamh ceirníní stairiúla, cé gur éirigh go maith le fuaim s'acu féin agus leis an phopcheol, d'fhan siad dílis dá dúchais féin. Chuir siad leaganacha úra do seanamhráin ar cheirníní s'acu, mar shampla, "Tráthnóna Beag Aréir" agus "Buachaill Ón Éirne".

Chruthaigh Clannad gur ghrúpa den scoth a bhí iontu i 1997, nuair a bhain siad duais Grammy fá choinne an albaim Landmarks. Ó shin, níor eisigh siad aon ábhar nua, ach i ndiaidh iad a theacht le chéile i 2007 ag féile Celtic Connections agus ag na Meteor Ireland Music Awards, dúirt siad gur mhian leofa pilleadh ar ais go dtí an stiúideo.

Bhí os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad ar fud an domhain idir 1970-2011.[9]

Céad slán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 18 Feabhra 2023, bhí an Airéine O3 i mBaile Átha Cliath lán go doras nuair a chas Clannad a phort deiridh in Éirinn tar éis leathchéad bliain. Bhí go leor de phobal Ghaoth Dobhair i measc na mílte a tháinig chun a meas do laochra a mbaile féin a chur in iúl.[10]

Fuair na deartháireacha Pádraig agus Noel Ó Dugáin bás in 2016 agus 2022 faoi seach.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clannad ag buaileadh i dTábhairne Leo sa bhliain 2005.
  • 1973 - Clannad The Pretty Maid
  • 1975 - Clannad 2
  • 1976 - Dúlamán
  • 1979 - Clannad In Concert [Beo]
  • 1980 - Crann Úll
  • 1982 - Fuaim
  • 1983 - Magical Ring
  • 1984 - Legend
  • 1985 - Macalla
  • 1987 - Sirius
  • 1988 - Atlantic Realm [Fuaimriain]
  • 1989 - Past Present
  • 1989 - The Angel and the Soldier Boy [Fuaimriain]
  • 1990 - Anam
  • 1993 - Banba
  • 1996 - Lore
  • 1997 - Landmarks
  • 1998 - An Díolaim
  • 2003 - The Best Of Clannad: In A Lifetime
  • 2005 - Clannad: Live In Concert, 1996
  • 2013 - Nádúr
Clúdach an cheirnín, 1982

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-19. Dáta rochtana: 2012-04-18.
  3. Brian Lee (2012-02-10). "Clannad Live at Christ Church Cathedral, Dublin" (en-US). WLIW21 Pressroom. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  4. cogg. "Fonn Ceoil". Dáta rochtana: 2022.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2016-08-09). "An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin tar éis bháis" (as ga-IE). 
  6. "Clannad 2 LP" (en). Gael Linn. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  7. "Gripsweat - Slógadh 70 - Rare 1970 Gael-Linn live vinyl LP with 2 live songs by Clannad!". gripsweat.com. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  8. Seán Ó Dubhchon (28ú Samhain 2022). "40 bliain ó bhí amhrán Gaeilge ar Top of the Pops…" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-01.
  9. "Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  10. "GAILEARAÍ: Céad slán le Clannad a thug an ceol Gaelach ar fud an domhain mhóir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.