Sliabh Mis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Sliabh Mis | |
|---|---|
(Slemish) |
|
| Airde | 437 m |
| Ceantar | Contae Aontroma, Éire |
| Sliabhraon | Cnoic na hAontroma |
| Comhordanáidí | 54.881915° N 6.09694° W |
| Cineál | Pluga bolcánach |
Sliabh Mis. Sliabh i gContae Aontroma, Cúige Uladh, in Éirinn. Tá airde de 437 méadar ann. Iarsma seanbholcáin atá timpeall seasca milliún bliain d'aois. De réir traidisiúin, ba ann a bhí Naomh Pádraig ina thréadaí muc agus caoradh sa chúigiú haois. Bhí campa ann ag Na hÉireannaigh Aontaithe le linn Éirí Amach 1798.
Tá sliabh eile den ainm céanna i gCiarraí, suíomh an scéil 'Mis agus Dubhrois'.