Latharna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Latharna
Larne
RedDot.png
NorthernIrelandAntrim.png
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
54.851° N 5.811° W
Daonra (2001) 18,228
Dífhostaithe 4.3% (aois 16-74)
Creideamh Protastúnaigh 70.7%,
Caitlicaigh 26.2%
Comhairle Áitiúil Latharna
Ceanntar Parlaiminte Oirthear Aontroma
Ball Parlaiminte Sammy Wilson (49.6%, DUP)
Contae Contae Aontroma
Cúige Ulaidh

Latharna (Larne as Béarla) an t-ainm atá ar bhaile mór mara tionsclaíoch ar chósta thoir Chondae Aondroma, in oirthuaisceart Uladh, i dTuaisceart Éireann ina bhfuil cónaí ar 18,228 daoine de réir na bhfigiúirí ó dhaonáireamh na Ríochta Aontaithe i 2001. Tá sé in úsáid mar chalafort le cóir a bheith míle bliain, agus sa lá atá inniu ann is calafort ollmhór farantóireachta é an baile le lastas á iompar ar bháid fartha tiomáin isteach is amach. Tá Latharna nasctha le Clover, South Carolina sna SAM.

Tá Latharna fá údarás Chomhairle Buirg Latharna. Is mar chuid de Thoghcheantar Aontroma Thoir é mar aon le Carraig Fhearghais agus Baile na Mainistreach fá choinne olltoghchán do Phairlimint Westminister agus do Chomhthionól Thuaisceart Éireann.

Stair[athraigh | edit source]

Ba ríocht bheag áitiúil é Latharna tráth dá raibh. Thoisigh daoine ag cur an ainm seo ar an bhaile fhéin amháin cúpla céad bliain ó shin. Roimhe sin thugtí Inbhear an Latharna ar an bhaile bheag. Thugeadh lucht an Bhéarla Inver Larne nó go simplí Inver ar an áit chearna. An t-ainm ba shine do Loch Latharna ná Loch Ollarbha nó Inbhear nOllarbha, rud a tharrans bho Ollarbha a bhíodh ina ainm ársa ar an dobhar.

Le linn an 18ú haoise d’imigh cuid mhór daoine ar imirce go Meiriceá fríd an bhaile. Tá dealbh cuimhneacháin ina sheasamh i bPáirc Smiley in ómós don Friends Goodwill, .i. an chéad long imirce a seoladh ó Latharna i mí na Bealtaine 1717 agus é ar a thriail go Bostún sna Stáit Aontaithe. Is urrainn nascanna fada buana Bostúin le hÉirinn a rianú chuig Latharna. Mar aon le hiarthar agus le deisceart na hÉireann bhí drochthionchar ag an Ghorta Mhór ar an bhaile i lár an 18ú haoise. Bhí sé mar áit a sheas amach i gcodarsnacht le contaetha Aontroma, an Dúin, , Átha Cliath, agus Chill Mhantáin thoir.[fíoras?]

I 1914, d’ulmhaigh Dílseoirí a bhí curtha i gcoinne an Bhille Rialtas Dúchais 1914 le haghaidh frithbheartaíochta armtha. Tabhairt i dTír na nGunnaí i Latharna an téarma a thugtar ar thréimhse inar iompraíodh armáin agus lón lámhaigh ón Ghearmáin isteach chuig an chalaphort ar an bhaile i lár na hoíche, dáileadh iad ar fud Uladh.[1]

Baile calafoirt i gContae Aontroma i dTuaisceart Éireann is ea Latharna . Ciallaíonn an ainm 'tír Lathair'. Tá 30,989 duine ina gcónaí i gceantar Latharna, cé nach bhfuil ach timpeall 17,000 duine ina gcónaí sa bhaile é féin. Is é an Protastúnachas (80%) an príomhreiligiún.

Tá bád ón baile go dtí Machair an Sgithich in Albain.

Tá go leor foirgneamh suntasach ann, m.sh. Caisleán Olderfleet agus an Leacht Cuimhneacháin Chaine, macasamhail den Túr Cruin Gaelach Traidisiúnta.

Is é Lartharna príomhbhaile Chomhairle Buirg Latharna. Tá sé mar chuid de Dháilcheantar Aontroma Thoir i bParlaimint Westminster, agus i gComhthionóil Thuaisceart Éireann, mar aon le Baile Nua na Mainistreach agus Carraig Fhearghais.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. A. T. Q. Stewart: "The Ulster Crisis", London, Faber and Faber Ltd., 1967 SBN 571 08066 9