Uisce beatha
Deoch is ea uisce beatha nó fuisce (whiskey as Béarla) a chumtar de bhraich. Déantar an bhraich as eorna a chur in uisce agus a shíolrú, agus ansin í a thriomú. Drioglann a thugtar ar an áras ina ndéantar an t-uisce beatha. Tá stair fhada ag an uisce beatha in Éirinn, agus cé gur mó aithne atá ar an deoch órga ó na drioglanna móra, déantar méid áirithe poitín fós, go háirithe i gceantair iargúlta agus shléibhe. Is in Éirinn agus in Albain a dhéantar cuid mhór den uisce beatha ar domhain. Cé gur mó an aithne atá ar whisky na hAlban, is in Éirinn a d'eascair déanamh an uisce beatha, nó whiskey mar a litrítear ann é.
Is iad príomhlipéid uisce beatha na hÉireann ná Paddy, Powers, Jameson agus Bushmills, agus tá siad seo in úinéireacht Chomhlacht Stiléirí na hÉireann (Irish Distillers). I measc lipéid eile tá Tullamore Dew.
Is uisce beatha measctha atá i gcuid mhór den uisce beatha a dhíoltar go hidirnáisiúnta. Ciallaíonn sé seo gur meascán de uisce beatha braiche (malt whiskey) agus uisce beatha grán atá ann. Uisce beatha braiche an déantús is daoire, agus is de dhéantús drioglainne amháin i mbliain áirithe a thagann sé. Tá an-chuid lipéid uisce beatha braiche Albanacha, ach níl ach cúpla cheann as Éirinn go dtí seo. D'fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ndleacht ard a bhí ar uisce beatha agus gur i bhfolach faoin tír a dheintí uisce beatha nó poitín go hiondúil in Éirinn, nuair a bhí an t-iliomad drioglann in Albain.
Déantar uisce beatha i go leor tíortha eile freisin, mar shampla Ceanada agus Kentucky na Stát Aontaithe (uisce beatha Bourbon).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.