Cruach Phádraig
| Cruach Phádraig | |
|---|---|
Cruachán Aigle |
|
| Airde | 764 m |
| Ceantar | Contae Mhaigh Eo, Éire |
| Comhordanáidí | 53°45′ Thuaidh 9°39′ Theas |
| Cineál | Marilyn |
Sliabh cáiliúil in iarthar Chontae Mhaigh Eo in Éirinn is ea Cruach Phádraig, i mBéarla Croagh Patrick nó The Reek (ón fhocal cruach). Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar') air sa Mheánaois. Láthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Tá an sliabh 762m in airde. Tá Binn Ghorm thiar dó.
Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Deirtear gur chaith Naomh Pádraig daichead lá ar an sliabh ag guí sa chúigiú chéad. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.
Comh maith leis sin tá séipéal beag ar bharr an tsléibhe a tógadh sa bhliain 1905 atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann le hAifreann gach cúpla Domhnaigh sa Samhradh agus go háirithe ar 15 Lúnasa.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Cruach Phádraig |
-
Radharc ar Chruach Phádraig ó Chathair na Mart
-
Radharc ar Chruach Phádraig ó Leac an Anfa ar maidin i mí Iúil
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |