Cill Chomáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Chomáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°15′49″N 9°47′45″W / 54.2635°N 9.7959°W / 54.2635; -9.7959
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo
BarúntachtIorras Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie57356

Ceantar Gaeltachta in Iorras i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Cill Chomáin[1][2]. Tá paróiste Chill Chomáin suite tuairim is leath-bealaigh idir Bhaile an Chaisil agus Béal an Mhuirthead ar an gcósta thuaidh in iarthuaisceart Condae Mhaigh Eo. Luíonn Cuan an Inbhir Mhóir ó thuaidh agus siar uaidh agus Bá Dhún na nGall soir ó thuaidh de. Roimh a roinneadh suas é sa naoú gcéad déag bhí an paróiste ar cheann de na paróistí a ba mhó in Éirinn. Achar 22,055.34 heicteár atá ann inniu.

Is ceantar fíorálainn Cill Chomáin a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leis ó thaobh tírdhreacha de. Tugann an iargúltacht agus an fhíántacht pearsantacht faoi leith don áit. Tá an charraig tollta ag an bhfarraige ina cuanta beaga agus cinn tíre, stácaí agus pluaiseanna, ag cruthú an tírdhreach ailt agus farraige is deise in Éirinn de réir barúil na saoi. Tá na hailt 255 méadar ag Barr na Binne Buí agus 304 méadar ag Glinsc. Ar feadh an chósta tá tránna áilne sábháilte ag Port a’ Chlóidh, An Rinn Rua agus ó dheas ón gCorrán Buí, áit a bhfuil an-chuid dumhaigh agus ceann de na machair is sainiúla sa tír. Níos fuide isteach ón gcósta tá réimse mór de bhratphortach, áit a mbaintear móin don tine leis an eisleán.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]