An Airgnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Airgnigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°04′40″N 8°06′20″W / 54.0778°N 8.1056°W / 54.0778; -8.1056
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde86 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie42911

Baile i gContae Ros Comáin is ea An Airgnigh[1] (Arigna as Béarla). Tá an sráidbhaile seo suite cóngarach do Loch Aillionn (ar Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne), ar bhealach scéimhe idir Céideadh agus Sliabh an Iarainn.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go dtí fiche bliain ó shin bhí mianach guail san Airgnigh le breis is 400 daoine ag obair ansin. Sa lá atá inniu ann, tá iarsmalann bheag ann ina bhfuil hiarsmaí ón tionscal mianadóireachta, agus is féidir le cuairteoirí dul síos sa mianach chun na coinníollacha a bhí ag na mianadóirí a mhothú.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh Iarnród na hAirgní ar an 2ú lá de mhí Bealtaine, 1888, agus dúnadh sé faoi dheireadh ar an 1 lá de mhí Aibreán, 1959. Ba chuid den iarnród caol Cabháin-Liatroma é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]