Béal Átha Mó, Barúntacht, Contae na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Átha Mó, Barúntacht, Contae na Gaillimhe

Suíomh
Map
 53°36′31″N 8°33′07″W / 53.60854°N 8.55199°W / 53.60854; -8.55199
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie83

Is barúntacht suite i gContae na Gaillimhe é Béal Átha Mó.[1] Tá barúntacht eile, Béal Átha Mó, Contae Ros Comáin, ann freisin - cuid den bharúntacht seo ab ea í atá suite ar an taobh thuaidh thoir den tSuca, agus a cuireadh le Contae Ros Comáin am eicínt idir 1574 agus 1672.

Paróistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn na paróistí seo leathbharúntacht Bhéal Átha Mó i gContae na Gaillimhe[2]:

Baile na Cille, nó Glinsce mar is fearr aithne air,

Buíbheanach, nó Gleann na Madadh mar is fearr aithne air,

Cluain Bheirn,

Cill Chruáin, paróiste a shíníos chomh fada le baile Bhéal Átha Mó,

Teampall an Tóchair, nó Baile Liam mar is fearr aithne air,

agus codanna de na paróistí eile seo:

Druim an Teampaill, mar a bhfuil baile Bhéal Átha Mó féin suite,

Dún Mór

Cill Bheagnait, nó na Creaga mar is fearr aithne air,

Cill Fhir Iarainn, nó Bearna Dhearg mar is fearr aithne air,

agus Tuaim.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béal Átha Mó/Ballymoe | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. townlands.ie