Mainistir na Búille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMainistir na Búille

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°58′25″N 8°17′49″W / 53.97358°N 8.29692°W / 53.97358; -8.29692
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin
Áit lonnaitheMainistir na Búille Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1161
Díscaoileadh1569

Baile i gContae Ros Comáin is ea Mainistir na Búille (Boyle as Béarla).

Mainistir na Búille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne na Cistéirsigh trí iarracht sular éirigh leo cur fúthu i gConnachta. Tháinig siad ón mainistir mhór ag Mellifont i gContae Lú, agus bhunaigh siad Mainistir na Búille sa bhliain 1142 cois abhainn bheag a bhí ag gabháil isteach i Loch Cé.

Ag féachaint siar trí chorp na heaglaise.

Is cosúil gur thaoisigh de Mhuintir Mhic Dhiarmaid a bhí mar phátrúin acu, ach thóg sé timpeall trí scór blianta orthu an teampall a chríochnú, iad ag obair leo rompu siar go dtí gur cuireadh an bhailchríoch air sa bhliain 1220 nó mar sin. Leagadh an mhainistir amach ar an ngnáthbhealach Cistéirseach: clabhstra measartha cearnach, an teampall ar an taobh thuaidh, seomra caibidle ar thaobh eile, cistin agus proinnteach ar thaobh eile arís, agus ansin stóras agus seomra codlata.

Rinneadh saighdiúirí Eilíse beairic den mhainistir sa bhliain 1592, agus bhí sí faoi léigear ag fórsaí Chromail sa bhliain 1645. Is beag a fágadh den chlabhstra dá bharr, ach is ábhar suntais iad na fothraigh go fóill, agus túr cearnach íseal os a gcionn a tógadh sa 13ú haois. Mar ba ghnách leis na Cistéirsigh, tá taobhranna ag corp na heaglaise, croslann thuaidh agus theas, dhá shéipéal sa bhalla thoir i ngach cás, agus saingeal ar cuireadh fuinneoga nua ann sa 13ú haois. Tá dealramh Burgúnach ar chuid mhaith den mhainistir, ós ón réigiún sin a tháinig na Cistéirsigh, ach tá rian Iarthar Shasana ar ornáidíocht an choirp agus go háirithe ar phiaraí cruinne an stuabhealaigh theas. Is dócha gur shaoir áitiúla a chum na coirbéil agus na mullaí, agus baint ag cuid acu le "Scoil an Iarthair," dream a raibh bua na cumadóireachta acu. Séadchomhartha náisiúnta is ea an mhainistir anois.

Mainistir na Búille

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]