Ail Finn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAil Finn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°51′08″N 8°11′52″W / 53.8523°N 8.1978°W / 53.8523; -8.1978
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán565 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde83 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416766

Is baile beag é Ail Finn[1] (Elphin as Béarla)[2] i gContae Ros Comáin. Tá sé suite 27.3km ó bhaile Ros Comáin féin [3].Tá an baile i dtuaisceart an chontae agus tá an daonra beagnach 565 daoine inniu.[4]

Is áit  an-stairiúil é lán le gnéithe difriúil agus suimiúil. In Ail Finn i gcontae Ros Comáin ar an 19 Iúil 2006 a cláraíodh an teocht is airde in Éirinn idir 1887-2022, 32.3 céim Celsius.[5]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thagann an t-ainm ‘Ail Finn’ ón cloch carraig an earraigh shoiléir[6]. Is é ionad na deoise do dheoise Elphin [7].

Is é raite thug Naomh Pádraig chuairt ar an mbaile seo an baile sa chúigiú haois[8] nuair a bhí sé ag thaistil trasna abhainn na Sionainne go dtí Chonnacht. Chuir an Draoi den ainm Ona an talamh i láthair do Naomh Pádraig.

Bhunaigh Naomh Pádraig an bhaile; thóg sé an chéad ardeaglais agus chuir sé asicus mar easpag [9] Ansin, chuaigh sé go Shankill, ar imeall an bhaile. Tógadh séipéal ann,[9] agus tá na fothracha agus an reilig le feiceáil ag an gcrosbhóthar anseo inniu.

Is ráite gur thug an áit seo páirt sa finscéal ‘Óisin i Tír na nÓg’. Deirtear gur thit an phearsa mhiotaseolaíoch Óisín óna chapall gar don bhaile seo ar a bhealach ar ais ó Thír na hÓige (Tír na nÓg).

Tá go leor suíomhanna stairiúla ann lena n-áirítear seanfhothracha na hardeaglaise, an muileann gaoithe, an phálás, agus an Cuimhneachán Míleata (Cuimhneacháin Chogaidh na Saoirse).

Cuimhneachán Míleata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé 35 troigh ar airde agus suite ag Crosbhóthar Shankill, Elphin.[10] Thóg sé beagnach sé bliana é a thógáil. Ag a bhun tá léachtán le leabhar oscailte,agus ainmneacha na bhfear a fuair bás ar son na hÉireann i Ros Comáin.[10].

Oliver Goldsmith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Ail Finn é an fear cáiliúil Oliver Goldsmith. Is file, úrscéalaí, drámadóir é. Rugadh é ag Smith Hill i dteach a sheanathar urramach Fr.Jones.[11] D'fhreastail sé ar an scoil gramadach Easpag Hudson.[12]Tá séadchomhartha i lár an bhaile mar onóir dó inniu.

Smith Hill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an teach seo ó thús an 19ú haois suite ar imeall an bhaile (Ardnagowna). Bhí an teach seo i diméin an Phálás.[13] Creidtear gur rugadh an fear cáiliúil Oliver Goldsmith ar an suíomh seo nuair a bhí a mháthair ag tabhairt cuairt ar a hathair Oliver Jones.[14]

Cuimhneachán Míleata Cuimhneacháin Chogaidh na Saoirse

Peil Ghaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an cumann peile í 1888[15] (dubh agus oráiste dathanna an chlub).

Tá suaitheantas an chlub roinnte ina cheithre mhír.’[16].

Rinneadh na tailte agus an pháirc a athchóiriú i mbliana (2020).

Bhuaigh an fhoireann sinsir an corn sna bliana :1889,1891,1902,1903,1904,1905,1931,1932,1937,1950,1951,1955,1956,1957.[17]

Sa bhliain 2010, shroich an Fhoireann Shinsearach Cluiche Ceannais an Chontae.

I mí Feabhra 2012 bhuaigh an fhoireann Craobh Peile Sinsearach Thuaidh Ros Comáin 2011 i gcoinne Western Gaels.

An Muileann Gaoithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Muilleann Gaoithe

Tá muileann gaoithe suite ar imeall an bhaile. Tógadh é i 1730 agus athchóiríodh é i 1996.[18]

Is píosa oidhreachta neamhchoitianta é a bhfuil an baile bródúil as.

Tá díon tuí ar an muileann agus músaem ann freisin.[19]

Pálás an Easpaig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an teach mór seo idir 1748-9.[20] Easpag Synge an t-ainm a bhí ar an bhfear a thóg é. Bhí aithne ag daoine air mar ‘An Phálás’. Teach lárnach a bhí ann le dhá phailliún, bhí siad seo mar ghné de go leor tithe móra siar san am seo. Ba é an teach féin áit chónaithe an Easpaig go dtí an 20ú haois nuair a scriosadh trí thine é.

Inniu níl le feiceáil ach fothracha na bpailliún agus na ballaí.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear ab ea Hudson a rugadh sa bhliain 1608;ceapadh é ar chaplin i gcaisleán Bhaile Átha Cliath i 1641.[21] Le linn Eirí Amach 1641,bhog sé féin agus a bhean go dtí an An Chill Mhór (Kilmore) chun tearmann a fháil[21]. Fuair sé bás sa bhliain 1686 agus ba é a thoil go raibh sé ag iarraidh go mbunófaí scoil ghramadaí in Ail Finn. Bunaíodh an chéad scoil ‘Scoil Gramadach Ail Finn sa 17ú haois (1667-1686), Scoil ghramadaí an Easpag Hudson.[21]

Ceann de na daltaí is é an scríbhneoir Oliver Goldsmith,Sir William Wilde agus Percy French.[22]

Sa lá atá inniu ann tá bunscoil sa bhaile, Ceathramha na Mainistreach ‘Abbeycarton N.S’. Tagann an t-ainm ó Mhainistir Phroinsiasach a bhí ann.[6]

Bunaíodh ‘Elphin Community College’ sa bhliain 1942.[23]

Margadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá margaidh beostoc sa bhaile. Oibríonn sé mar chomharchumann agus tá bhreis is 635 scairshealbhóir ann.[24] Is fostóir tábhachtach é. Tá dhá fháinne ann. Bíonn dhá dhíolachán ann i gcónaí gach seachtain, an t-eallach ar an Luan agus na caoirigh ar an Máirt.[24]

Gach bliain, bíonn seó talmhaíochta ann (an chéad seachtain i mí Mheán Fómhair). Tagann an pobal le chéile idir óg agus aosta agus daoine ó bhailte eile (díolacháin, seónna, spraoi agus siamsaíocht).

Fothracha na chéad hArdeaglaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann suíomh na hardeaglaise siar go Naomh Phadraig timpeall 435-450.[7] Bhí an chéad ardeaglais tógtha ar son Naomh Mhuire an mhaighdean. Scriosadh é ach atógadh é.[7] Rinneadh damáiste dó le linn éirí amach 1641.[7] Athbunaíodh é sa bhliain 1728. Socraíodh é a atógáil in áit nua sa bhliain 1749, scartáladh ansin é go hiomlán i 1964.[7] Tá sé faoi choimeád anois de ‘Elphin Heritage Society’. Tá an suíomh fós ann inniu do dhaoine chun cuairt a chuir air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ail Finn/Elphin | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Ail Finn/Elphin" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  3. "Roscommon to Elphin" (en). Roscommon to Elphin. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  4. "Cóip cartlainne". census.cso.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-13. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  5. "Rabhadh Buí Teasa eisithe ag Met Éireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (15 Iúil 2022). Dáta rochtana: 2022-07-18.
  6. 6.0 6.1 "Local Place Names" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Beirne, Francis (1 Jan. 2000). "The Diocese of Elphin". A Pilgrimage through Time and Place: 288. 
  8. "History" (en-GB). Elphin Diocesan Website (2015-05-26). Dáta rochtana: 2020-12-03.
  9. 9.0 9.1 Kelly, J.J., 1879. The Antiquities of Boyle. II. St. Patrick’s Travels through Elphin. Ir. Mon., Irish Jesuit Province Vol.7, pp.482-492.
  10. 10.0 10.1 "The War of Independence Memorial, Elphin | Ireland Reaching Out". irelandxo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  11. "Oliver Goldsmith 1730". irelandxo.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  12. "Oliver Goldsmith 1730". irelandxo.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  13. "Smith Hill". landedestates.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.[nasc briste go buan]
  14. Connolly, P., 2018. The Landed Estates of County Roscommon
  15. https://elphingaa.com/history/
  16. Mulleady, M., 1982. Elphin G. A. A. Club 1888-1981. a History. Mulleady.
  17. https://elphingaa.com/history/
  18. FUSIO. "Elphin Windmill, Windmill Road, ELPHIN, Elphin, County Roscommon" (en-GB). Buildings of Ireland. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  19. "Elphin Windmill" (en-US). Explore Roscommon (2019-03-28). Dáta rochtana: 2020-12-04.
  20. Department of Rural and Community Development, (2017).Elphin Heritage Trail, Roscommon County Council. (series 7).
  21. 21.0 21.1 21.2 Quane, M., 1966. Bishop Hodson’s Grammar School, Elphin. J. R. Soc. Antiqu. Irel. 96, 157–177.
  22. https://irelandxo.com/ireland-xo/history-and-genealogy/buildings-database/bishop-hodsons-grammar-school-elphin
  23. (https://www.education.ie/en/find-a-school/School-Detail/?roll=19809I)
  24. 24.0 24.1 "Elphin Mart Prices and Dates" (en-GB). Elphin Livestock Mart. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-29. Dáta rochtana: 2020-12-03.