Baile Mhic Andáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Mhic Andáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°31′36″N 7°08′14″W / 52.526667°N 7.137222°W / 52.526667; -7.137222
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie27244

Baile i gContae Chill Chainnigh is ea Baile Mhic Andáin[1] (Béarla: Thomastown). Baile margaidh bríomhar ar bhruach na Feoire atá ann, 11 míle ó chathair Chill Chainnigh. Tháinig an t-ainm ó fhear a rinne a lán forbartha ar an mbaile sa tríú céad déag darbh ainm Thomas MacAndáin (FitzAnthony i mBearla). Baineadh úsáid as a chéad ainm sa leagan Béarla, agus as a sloinne sa leagan Gaeilge. Tugadh a lán talamh dó nuair a tháinig sé trasna ón Bhreatain Bheag, mar cheannaire le Strongbow agus na Normannaigh.

Timpeall dhá mhíle go leith atá ina gcónaí sa bhaile, agus le tríocha bliain anuas tá cáil ar an gceantar mar bhaile ceardaíochta. Tá scoil Ceardaíochta Grennan ar imeall an bhaile. Grennan (Grianán) ab ea an seanainm Gaelach ar an mbaile sular tháinig na Normannaigh. Tá roinnt caifí áille sa bhaile, ina measc Gairdín an Uisce (Watergarden) atá suite i ngairdín álainn. Fear áitiúil darbh ainm Bernard Walsh a rinne forbairt air sna seachtóidí agus na hochtóidí. Ar an mbealach isteach ó Phort Láirge, feictear dealbh d'iománaí cáiliúil darbh ainm Ollie Walsh. Bhí sé ina chúl báire ar fhoireann Chill Chainnigh ar feadh na mblianta, agus níos déanaí bhí sé ina bhainisteoir ar an bhfoireann.

Caisleán an Ghrianáin

Ar imeall an bhaile, ar bhruach abhainn na Feoire, feictear seanchaisleán an Ghrianáin. Ar bhruach na Feoire sa treo eile timpeall dhá mhíle ón mbaile tá óstán galánta agus cúrsa gailf Mount Juliet. Breathnaíonn seanEaglais Naomh Muire go deas ag barr príomhshráid an Mhargaidh. Dhá mhíle ó thuaidh den bhaile tá Gairdíní agus Eas Chill Pháin suite; gairdíní a dearadh níos mó ná dhá chéad bliain o shin.

Ar ndóigh tá paróiste Mhic Andáin timpeall ar an mbaile, agus tá foirne iomána agus peile bunaithe ar an bparóiste. Chomh maith leis an bpríomheaglais i mBaile Mhic Andáin, tá Cnoc an tSéipéil i ndeisceart, agus Muing in oirthuaisceart an pharóiste.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]