Páirc Uí Nualláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirc Uí Nualláin
'Nowlan Park'
Sonraí
Suíomh Cill Chainnigh, Contae Chill Chainnigh
Dromchla Féar
Dílseánach CLG Chill Chainnigh
Cónaitheoirí
Tionóntaí CLG Chill Chainnigh
Acmhainn
Acmhainn 30,000

Is í Páirc Uí Nualláin an phríomhstaid do na cluichí Gaelacha i gContae Chill Chainnigh. Tá an pháirc suite i lár na cathrach, agus is í an áit a n-imríonn an fhoireann iománaíochta Chill Chainnigh a gcuid cluichí. Tá cóir suí le 30,000 duine ag an nóiméad, ach beidh an uimhir seo ag méadú i gceann cúpla bliain. Tagann ainm na staide ó James Nowlan, iar-uachtarán an CLG.

Cuirtear ceolchoirmeacha ar siúl i bPáirc Uí Nualláin freisin sa lá atá inniu ann, agus i measc na gceoltóirí a sheinn sa staid tá Rod Stewart agus Bob Dylan.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]