Prióireacht Cheanannais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Prióireacht Cheanannais
Íomhá
Sonraí
CineálPrióireacht
Foirgníocht1193 (Féilire Ghréagóra) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht Ghotach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Chainnigh, Éire
Map
 52°32′18″N 7°16′01″W / 52.5383°N 7.2669°W / 52.5383; -7.2669
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir180

Is prióireacht Agaistíneach é Prióireacht Cheanannais' i gContae Chill Chainnigh. Is de bharr an daingnithe a rinne na hAngla-Normannaigh ar Chúige Laighean a bunaíodh Prióireacht Cheanannais. Ba é Geoffrey FitzRobert, a bhí ina ridire tí agus ina chompánach dílis ag William Marshal, a bhunaigh í agus bhí an phrióireacht mar ghné amháin den bhaile nuair a bhunaigh Geoffrey baile mheánaoiseach Cheanannais.[1]

Cé gur bunaíodh í thart ar 1193, tá iarsmaí fairsinge di le feiceáil go fóill sa lá atá inniu ann. Ina measc sin, tá corp na heaglaise, saingeal, séipéal na mban, an clabhstra agus foirgnimh ghaolmhara, chomh maith le hiarsmaí d’otharlann na prióireachta, ceardlann, cistin, oigheann aráin agus muileann. Tarraingíonn na cosaintí meánaoiseacha, atá thart ar an limistéar ar fad, aird ar ghné mhíleata an tsuímh agus is é sin an bunús atá le hainm áitiúil na prióireachta – ‘Seacht gCaisleán Cheanannais’.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. Fanning (2007). "Kells Priory, Co. Kilkenny:archaeological excavations". Kells Priory, Co. Kilkenny:archaeological excavations (The Stationery Office).