Fionn mac Cumhaill
Ba laoch é Fionn mac Cumhaill mhic Tréanmhóir (Finn nó Find mac Cumail nó mac Umaill) i miotaseolaíocht na nGael. Is é Fionn an príomcharachtar san Fhiannaíocht.
Clár ábhair |
Fionn [athraigh]
Ba é Fionn taoiseach na Féinne. Ba de Chlanna Baoiscne é agus bhíodh imreas ann i gcónaí idir iad agus Clanna Morna. Bhíodh cáil ar a mhadraí Bran agus Sceolán chomh maith.
An Fhiannaíocht [athraigh]
Is éard atá san Fhiannaíocht, ná an chraobh den scéalaíocht dhúchasach a phléann le Fionn mac Cumhaill agus an Fhiann. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i seanchas agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó Éirinn agus ó Albain. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó Oileán Mhanann chomh maith.[1] Bhíodh an-chion go deo ag Gaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i meadaracht ar leith agus thugtaí Laoithe orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.
Scéalta Fiannaíochta [athraigh]
- Bruidhean Chaorthainn
- Bruidhean Chéise Corainn
- Bruidhean Bheag na hAlmhan
- Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg
- Cath Finntragha
- Eachtra Iollainn Iolchrothaigh Mhic Ríogh na hEasbáinne
- Eachtra an Ghiolla Dheacair
- Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna
- Eachtra Lomnachtáin
- Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne
- Tóraíocht Taise Taoibhghile
- Tóraíocht Shaidhbhe Iníne Eoghain Óig
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Manx Fairy Tales, Peel, L. Morrison, 1929