Teamhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Suíomh fíorthábhacthach seandálaíoch agus stairiúil is ea TeamhairTeamhair na Rí in aice Abhainn na Bóinne idir An Uaimh agus Dún Seachlainn i gContae na Mí, Éire. De réir traidisiún, b'ann a bhí áit cónaithe Ard Ríthe na hÉireann san am atá caite. Tá fainaise ann go raibh an láthair á húsáid mar ionad deasghnách creidimh ón Chlochaois go dtí gur tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. I measc na n-iarsmaí atá le feiceáil ar an láthair sa lá atá inniu ann tá:

Lia Fáil ar Teamhair na Rí
  • Ráth na Ríogh: dún 318 méadar ar fhad faoi 264 méadar ar leithead, mar a bhfuil Teach Chormaic agus an Forradh (an chathaoir ríoga). Tá gallán i lár an Fhorraidh ar a dtugtar Lia Fáil agus de réir an tseanchais ba ann a insealbhaíodh an t-ardrí. taobh ó thuaidh den ráth tá seantuama ón Chlochaois ar a dtugtar Dumha na nGiall.
  • Ráith na Seanadh: ionad tionóil a bhí anseo de réir an tseanchais. Fuarthas déantáin Rómhánacha ann ón 1ú-3ú haois.
  • Ráth Laoghaoire: deirtear go bhfuil an rí Laoghaire, an rí págánach deireanach a aithníodh mar ardrí ar Éirinn, curtha anseo
  • Ráth Méabha: ainmnithe ó bhanríon chlúiteach Chonnachta (Táin Bó Cuailgne nó Medb Lethdherg, pearsa miotasach nach bhfuil an oiread céanna aithne uirthi.

Luaitear Teamhair sna scéalta is sine in Éirinn, agus deirtear go raibh a bpríomhionad polaitiúil ag Tuatha dé Danann ann sular tháinig na Gaeil chun na tíre. Cé nach bhfuil aon fhianaise shoiléir ann go raibh rí amháin ar bith i gceannas ar Éirinn roimh theacht na Críostaíochta is léir ón seanchas agus ón litríocht gurb ionad fíorthábhachtach a bhí inti.

Le linn Éirí Amach 1798 bhí campa ag na hÉireannaigh Aontaithe ar Chnoc na Teamhrach ach d'ionsaigh arm na Breataine iad ar an 26 Bealtaine 1798 agus maraíodh ceithre chéad ar pháirc an áir. Léirítear an tionchar a bhí ag Teamhair ar shamhlaíocht na nGael sa tionól ollmhór a d'eagraigh Dónall Ó Conaill ann sa 19ú haois.

Go luath sa bhfichiú haois tháinig dream de na British Israelites go Teamhair agus thochaill siad an cnoc agus iad ag iarraidh teacht ar Áirc an Chonartha. Rinne siad go leor dochar sular ruaigeadh iad. Tá sé de nós ag dreamanna éagsúla a thugann draoithe orthu féin na seanfhéilte Cheilteacha a cheiliúradh ar Chnoc na Teamhrach sa lá atá inniu ann.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]