An Bhreatnais
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Breatnais (Cymraeg) | |
|---|---|
| Á labhairt: | sa Bhreatain Bheag, san Argintín, i Sasana, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn |
| Réigiún: | Ar fud an domhain |
| Cainteoirí san Iomlán: | 750,000 |
| Rang: | (Ní sa chéad 100) |
| Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | na Breataine Bige |
| Foras Pleanála Teanga: | (rialtóir ar bith) |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | cy |
| ISO 639-2 | wel (B) cym (T) |
| ISO 639-3 | cym |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea í an Bhreatnais. Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach. Tá cumas éigin Breatnaise ag tuairim is 25% de phobal na Breataine Bige, agus baineann 8-10% úsáid aisti go tráthrialta. Tá líon na gcainteoirí ag fás, go háirithe i measc na glúine óige, agus dealraíonn sé go bhfuil todhchaí na Breatnaise réasúnta sábháilte i gcomparáid leis na teangacha Ceilteacha eile.
Is teanga scríofa í le fada an lá ó 600 O.C. cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann. Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meán-Aois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa. Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag. Tá oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
| athraigh Teangacha Ceilteacha | ||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh | ||||||||||||||||||||