An Phatagóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Phatagóin

Ceantar tíreolaíoch i Meiriceá Theas is ea an Phatagóin a shíneann ón tSíle ar fud na nAindéis agus tríd an Airgintín freisin.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Ar thaobh na Síle de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de dhomhanleithead 42° Theas, agus áirítear léi an chuid theas de roinn pholaitiúil Los Lagos agus ceantracha Aysén agus Magallanes (seachas an chuid sin den Antartach atá á éileamh ag an tSile). Ar thaobh na hAirgintíne de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de na haibhneacha Neuquén agus Río Colorado, lena n-áirítear na stáit Neuquén, Río Negro, Subut, Santa Cruz, an Tír Fhuar agus an chuid theas de Chúige Buenos Aires. Díorthaítear "Patagóin" ó na Patagones, an t-ainm a bhí ar na chéad daoine a shroich an áit na mílte bliain ó shin.

San Airgintín, roinntear an Phatagóin i gceithre cúigí:

  1. Neuquén: 94,078 km ², idir na haibhneacha Limay agus Nequen, a leathnaíonn ó dheas feadh an chladaigh thuaidh go Loch Nahuel-Huapi, agus beagán ó thuaidh chun na habhann Colorado.
  2. Río Negro: 203,013 km ² idir an Atlantach agus na hAindéis, idir Nequen agus domhanleithead 42 ° Theas.
  3. Subut: 224,686 km ², idir 42 ° agus 46 ° Theas.
  4. Santa Cruz: 243,943 km ², ar an teorainn idir Chubut agus an tSile.

Idir 1865 agus 1912, tháinig daoine ón mBreatain Bheag chun lonnaithe sa Phatagóin. "Y Wladfa" ("An Choilíneacht") a thugtar ar an togra sin.[1] Tá roinnt cainteoirí Breatnaise fós i gcúige Subut sa lá atá inniu ann. Déantar iarrachtaí leis an mBreatnais a choinneáil beo san áit.

Íomhánna[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Wales & Argentina". Wales.com (28 Deireadh Fómhair 2011). Dáta rochtana: 20 Nollaig 2012.